Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh

Eolas faoi TED

Cad is TED ann?

Is é TED (Tenders Electronic Daily) an leagan ar líne den 'Forlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh'. Baineann sé le réimse an tsoláthair phoiblí Eorpaigh;

Seo mar is féidir leas a bhaint as TED

Is bunachar é TED ar a bhfuil fáil saor in aisce ar eolas faoi dheiseanna gnó san Aontas Eorpach, sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach agus in áiteanna níos faide i gcéin.

Déantar thart ar 3,000 fógra soláthair phoiblí a fhoilsiú in TED gach lá, ó Luan go hAoine.

Is féidir fógraí soláthair phoiblí a bhrabhsáil, a chuardach agus a shórtáil de réir critéir éagsúla, m.sh. tír, réigiún, earnáil ghnó agus neart eile.

Déantar eolas faoi gach fógra soláthair phoiblí a fhoilsiú sna 24 theanga oifigiúla. 

Na buntáistí atá ann má chláraíonn tú le TED:

  • beidh tú in ann próifílí cuardaigh a phearsanú de réir do riachtanas féin;
  • beidh tú in ann foláirimh ríomhphoist a fháil de réir na bpróifílí cuardaigh a bheidh sábháilte agat;
  • beidh tú in ann fothaí RSS a phearsanú do do shuíomhanna gréasáin agus léitheoirí RSS féin;
  • beidh tú in ann an ghné aistriúcháin uathoibríoch a úsáid le haghaidh gach fógra.