Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh

Ráiteas inrochtaineachta le haghaidh suíomhanna gréasáin grúpa TED

An nuashonrú is déanaí: an 14 Samhain 2023

Réamhrá

Tá Oifig na bhFoilseachán tiomanta suíomhanna gréasáin TED a dhéanamh inrochtana, i gcomhréir le Treoir 2016/2102 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí. Tá an inrochtaineacht i gcroílár ár ndeartha, agus leanaimid prionsabail an deartha uilíoch. Cinntíonn sé sin gur féidir lenár n-úsáideoirí uile ár suíomhanna gréasáin a fheiceáil agus a nascleanúint go héasca, beag beann ar an ngléas atá á úsáid acu.
Táimid ag obair chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach úsáideoir ar ár leathanaigh agus ar ár ndoiciméid. Ina measc sin, úsáideoirí a bhfuil lagú amhairc, éisteachta, cognaíoch nó fisiciúil acu. Is féidir rochtain a fháil ar ár suíomhanna gréasáin ó ghléasanna éagsúla ar nós ríomhairí deisce, ríomhairí glúine agus gléasanna móibíleacha.

Is ar na 4 phrionsabal atá liostaithe thíos atá an inrochtaineacht ghréasáin bunaithe.

  • inbhraiteacht – cuirtear eolas agus an comhéadan úsáideora i láthair na n-úsáideoirí ar bhealaí inbhraite.
  • inoibritheacht – tá scáileáin ionchuir, rialuithe (e.g. cnaipí, ticbhoscaí) agus nascleanúint an tsuímh gréasáin inoibrithe.
  • intuigtheacht – ní mór eolas agus oibriú an chomhéadain úsáideora a bheith intuigthe.
  • seasmhacht – is gá go mbeidh an t-ábhar gréasáin in ann oibriú ar bhrabhsálaithe agus ar ghléasanna éagsúla, teicneolaíochtaí cúnta ina measc.

Is le suíomh gréasáin TED a bhaineann an ráiteas inrochtaineachta seo:
ted.europa.eu
agus a fho-shuíomhanna atá liostaithe thíos:
enotices2.ted.europa.eu
docs.ted.europa.eu
developer.ted.europa.eu

 

An dóigh a gcomhlíonaimid caighdeáin maidir le hinrochtaineacht

  • Comhlíonaimid ar a laghad caighdeán WCAG 2.1, Leibhéal AA. D’fhéadfadh sé nárbh é an caighdeán céanna a bheadh ann i gcás ítimí sonracha má tá cúiseanna teicniúla nó praiticiúla ann lena bhfuil údar maith.
  • Foilsímid an ráiteas inrochtaineachta seo ar líne.
  • Cuidímid le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh linn chun deacrachtaí inrochtaineachta a thuairisciú.
  • Cuirimid san áireamh clásail maidir le comhlíonadh inrochtaineachta i ngach conradh le soláthróirí seirbhíse le haghaidh forbairt gréasáin agus táirgeadh foilseachán.
  • Déanaimid iniúchtaí inrochtaineachta trí acmhainní inmheánacha agus seachtracha a úsáid.

Stádas comhlíontachta

Tá ár suíomhanna gréasáin i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.
Rinneadh na suíomhanna gréasáin a thástáil go deireanach an 14 Samhain 2023.

Ullmhúchán an ráitis seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo an 14 Samhain 2023.
Tá an ráiteas bunaithe ar athbhreithniú a rinne saineolaí inrochtaineachta a bhfuil cáilíocht IAAP aige ar shampla ionadaíoch de leathanaigh ghréasáin, agus úsáid á baint as meascán de thástáil láimhe agus tástáil uathoibrithe chuige sin.

Ábhar neamh-inrochtana

In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun inrochtaineacht shuíomhanna gréasáin TED a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna agus táimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos tá cur síos ar na lochtanna a cuireadh ar ár súile dúinn agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith orthu. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thíos.

Na lochtanna a cuireadh ar ár súile dúinn maidir le shuíomhanna gréasáin TED:

  1. D’fhéadfadh sé nach mbeadh codarsnacht dathanna leordhóthanach ag roinnt téacs agus gnéithe idirghníomhacha agus nach mbeidís chomh sofheicthe céanna dá thairbhe sin.
  2. Níl táscaire fócais infheicthe ag roinnt gnéithe idirghníomhacha, amhail cnaipí agus naisc, agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair a fheiceáil cén uair is féidir na heilimintí sin a oibriú le méarchlár.
  3. D’fhéadfadh sé nach mbeadh tréith mhalartach ag roinnt íomhánna i gcónaí (téacs ina ndéantar cur síos ar an íomhá, rud nach bhfuil le feiceáil ach ag léitheoirí scáileáin) nó d’fhéadfadh sé go ndéanfaí an méid sin a chur i láthair go míchuí.
  4. D’fhéadfadh sé nach mbeadh téacs infheicthe ag roinnt gnéithe do léitheoirí scáileáin, nó d’fhéadfadh léitheoir scáileáin é a aithris go mícheart.
  5. Ní féidir rochtain a fháil ar gach gné den leathanach trí úsáid a bhaint as méarchlár agus sin amháin.

Acmhainní

Aiseolas agus sonraí teagmhála

Déan teagmháil linn chun fadhbanna inrochtaineachta a thuairisciú nó moltaí a thabhairt.
Bí chomh soiléir agus chomh mionsonraithe agus is féidir ionas gur féidir linn an fhadhb a thuiscint i gceart.
Cuir do chuid sonraí teagmhála ar fáil freisin ionas gur féidir linn teacht ar ais chugat go tapa.