Is cúis áthais d’Oifig Foilseachán an Aontais a féilire d’imeachtaí, cruinnithe agus ceardlanna TED agus Sholáthar Poiblí an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2026 a fhógairt. Beidh formhór na n-iontrálacha san fhéilire ar siúl ar líne agus is cruinnithe iad a tharlóidh arís agus arís eile. Gach seans gur chuala tú trácht orthu nó gur fhreastal tú orthu cheana féin mar bhall de phobal TED.

Beidh spéis ag raon leathan páirtithe leasmhara agus comhpháirtithe TED sna himeachtaí sin, go háirithe úsáideoirí agus athúsáideoirí sonraí TED, eSenders, agus na hOinteolaíochta Ríomhsholáthair (ePO), chomh maith leis na pobail a úsáideann Doiciméad Aonair Eorpach um Sholáthar (ESPD).

Sábháil na dátaí seo thíos i d’fhéilire féin:

27 Márta: Ceardlann eSender TED

11 Aibreán: ESPD – Cruinniú den Phobal Úsáideoirí Oscailte

20 Bealtaine: Ceardlann athúsáideoirí TED

18 Meitheamh: Ceardlann eSender TED

25 Meán Fómhair: Ceardlann eSender TED

24-25 Samhain: TED-together 2026

Is féidir leat cuairt a thabhairt freisin ar na suíomhanna gréasáin tiomnaithe do cheardlanna eSenders, ceardlanna d’athúsáideoirí shonraí TED, chomh maith leis an imeacht TED-together.

Beidh tuilleadh eolais ag teacht gan mhoill.