Bí linn i mí Dheireadh Fómhair ag Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha 2025 (#EURegionsWeek)! Féach leat an fáth a bhfuil sonraí ríthábhachtach chun cathracha cliste a fhorbairt agus chun go ndéanfar cinntí eolasacha a bhfuil tionchar acu bunaithe ar eolas iontaofa.

Tar chuig ár gceardlann, ‘Cathracha atá ag baint leas as tionchar sonraí – scéalta ratha ón bhfíorshaol á gcur i láthair,’ sa Bhruiséil an 14 Deireadh Fómhair 2025, ón 09:30 go 10:30 am lár na hEorpa. Beidh samplaí ón bhfíorshaol ann ó chathair Bhaile Átha Cliath agus cathair Vársá, agus beifear in ann eolas a chur ar an ról ríthábhachtach atá ag sonraí maidir le timpeallachtaí uirbeacha nuálacha inbhuanaithe a mhúnlú. Foghlaim conas is féidir le cathracha gníomhaíocht a dhéanamh de shonraí chun an fás a chur chun cinn, rannpháirtíocht an phobail a athrú ó bhonn, agus seirbhísí a dhearadh a léiríonn riachtanais na saoránach i ndáiríre.

Cuir áit in áirithe duit féin go luath mar tá na spásanna teoranta!

Le linn Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha 2025, buail isteach chuig ár seastán agus féach leat conas is féidir leat tairbhe a bhaint as nuálaíochtaí an Aontais. Faigh amach faoin dóigh a bhfaigheann fiontraithe rochtain ar iomaíocht chóir trí TED, an t-ardán lárnach oifigiúil a chuireann rochtain saor in aisce ar fáil ar dheiseanna gnó ón Aontas agus níos faide i gcéin, agus an Spás Sonraí Soláthair Phoiblí. Féach conas a bhaineann taighdeoirí agus nuálaithe leas as torthaí taighde arna maoiniú ag an Aontas ó CORDIS, an tairseach oifigiúil chun eolas a fháil maidir le torthaí taighde arna maoiniú ag an Aontas, agus sonraí oscailte ó data.europa.eu, an tairseach oifigiúil le haghaidh sonraí Eorpacha, chun sochaithe níos iomaíche agus níos sonraíbhunaithe a chruthú.