Cad iad na Ríomhfhoirmeacha (eForms)?

Is éard atá sna Ríomhfhoirmeacha (eForms) caighdeán reachtach an Aontais Eorpaigh le haghaidh sonraí soláthair a úsáideann ceannaitheoirí poiblí chun fógraí a fhoilsiú san Fhorlíonadh d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar shuíomh gréasáin TED.

Bunaíodh na foirmeacha caighdeánacha sin in 2019 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún. Tá mionsonraí san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an gcaoi ar cheart Ríomhfhoirmeacha a úsáid chun fógraí soláthair a fhoilsiú. Mar shampla, tá sainmhíniú agus cur síos inti ar na téarmaí gnó agus cinntear inti an bhfuil siad toirmiscthe, éigeantach nó éigeantach go coinníollach, le haghaidh gach cineáil fógra.

Leasaíodh an Rialachán maidir le Ríomhfhoirmeacha faoi dhó, i mí na Samhna 2022 agus i mí na Nollag 2023. D’éiligh roinnt píosaí reachtaíochta earnála freisin go gcuirfí réimsí áirithe san áireamh sna Ríomhfhoirmeacha.

Bhíothas in ann fógraí soláthair phoiblí a fhoilsiú leis an gcaighdeán Ríomhfhoirmeacha ó bhí mí na Samhna 2022 ann, agus rinneadh éigeantach é i mí Dheireadh Fómhair 2023. Tháinig Ríomhfhoirmeacha in ionad na bhfoirmeacha caighdeánacha a bhí ann roimhe sin a chomhlíon Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 ón gCoimisiún.

Cad é is cuspóir do Ríomhfhoirmeacha?

Tá feidhmeanna éagsúla ag Ríomhfhoirmeacha. Chomh maith leis an bpríomhról atá acu maidir le fógraí a fhoilsiú ar TED, úsáidtear iad chun sonraí a bhailiú agus d’fhéadfaidís tacú le lucht déanta beartas agus le hathúsáideoirí.

Go nithiúil, is é is aidhm do Ríomhfhoirmeacha an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cur le cumas na n-oibreoirí eacnamaíocha fógraí ábhartha a aimsiú;
  • ualaí riaracháin ar cheannaitheoirí a laghdú;
  • cur le cumas na rialtas cinntí sonraíbhunaithe a dhéanamh maidir le caiteachas poiblí; agus
  • an soláthar poiblí a dhéanamh níos trédhearcaí do shaoránaigh.

Cineálacha fógraí soláthair phoiblí sna Ríomhfhoirmeacha

Déanann Ríomhfhoirmeacha na cineálacha foirmeacha seo a leanas a chaighdeánú:

  • Comhairliúchán

Féadfaidh ceannaitheoirí poiblí foirmeacha comhairliúcháin réamh-mhargaidh a úsáid chun léargas níos soiléire a fháil ó oibreoirí eacnamaíocha maidir leis na táirgí, na hoibreacha agus na seirbhísí atá ar fáil le haghaidh comórtas atá beartaithe. Ag an gcéim sin, níl baint ag na fógraí comhairliúcháin le nós imeachta soláthair ar leith.

  • Pleanáil

Féadfar foirmeacha pleanála a fhoilsiú roimh thús glao ar iomaíocht mar fhógraí réamhfhaisnéise nó fógraí táscacha tréimhsiúla. Ní bhaineann fógraí pleanála le nós imeachta soláthair ar dtús ach de ghnáth tagann fógra comórtais amháin nó níos mó ina n-ionad lena nascfar le fógra pleanála.

  • Iomaíocht

Úsáidtear foirmeacha iomaíochta chun cineálacha éagsúla glaonna ar iomaíocht a fhógairt, trí fhógra maidir le conradh, lamháltas nó comórtas dearaidh. Tugann fógra maidir le hiomaíocht sonraí faoin gcaoi a gcuirfear an nós imeachta soláthair i gcrích, lena n-áirítear an bhfuil an soláthar roinnte ina luchtóga, an áit feidhmíochta, na naisc chuig na doiciméid soláthair, agus na spriocdhátaí faoinar féidir le hoibreoirí eacnamaíocha páirt a ghlacadh nó tairiscintí a chur isteach.

  • Réamhfhógra faoi Dhámhachtain Dhíreach

Le foirmeacha Réamhfhógra faoi Dhámhachtain Dhíreach (ar a dtugtar freisin Fógraí Trédhearcachta Ex Ante Deonach) ceadaítear do cheannaitheoirí fógra a thabhairt go bhfuil sé ar intinn acu conradh a dhámhachtain go díreach (i.e. gan glao roimh ré ar iomaíocht) d’oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó. Murab ionann agus na fógraí maidir le toradh, foilsítear fógraí Réamhfhógra faoi Dhámhachtain Dhíreach sula sínítear an conradh.

  • Toradh

Úsáidtear foirmeacha torthaí chun toradh nós imeachta soláthair a fhógairt. Tagraíonn siad don fhógra maidir le hiomaíocht agus tugann siad eolas faoin dámhachtain, amhail luach an chonartha nó an lamháltais, na tairgeoirí buaiteacha, líon na dtairiscintí a fuarthas, chomh maith le heolas faoi sholáthar straitéiseach. Is féidir níos mó ná fógra amháin maidir le toradh a bheith ann de thairbhe fógra maidir le hiomaíocht, mar shampla nuair a bhronntar luchtóga ag tráthanna éagsúla.

  • Modhnú conartha

D’fhéadfadh sé gur ghá conarthaí a mhodhnú nó a leasú le linn a bhforghníomhaithe. Mura bhfuil gá le nós imeachta soláthair nua, sonraítear i bhfógra maidir le modhnú conartha na hathruithe bunaithe ar an gconradh arna dhámhachtain san fhógra maidir le toradh.

  • Cur i gcrích

Tar éis conradh a chur i gcrích, is féidir le ceannaitheoirí fógraí maidir le conradh a chur i gcrích a úsáid chun mionsonraí fhorghníomhú an chonartha a thuairisciú, amhail an méid a caitheadh.

Is féidir le ceannaitheoirí an t-eolas i ngach cineál foirme a thabhairt cothrom le dáta trí fhógraí maidir le hathrú. Foilseofar leagan nua den fhógra, ina gcomhdhlúthófar an t-eolas agus ina mbeidh cur síos ar an athrú, amhail síneadh a chur leis an sprioc-am le haghaidh fógra maidir le hiomaíocht.

Ní féidir an fhaisnéis go léir a thabhairt cothrom le dáta trí fhógra maidir le hathrú. Mar shampla, ní féidir athruithe suntasacha a dhéanamh le fógra maidir le hathrú, amhail luchtóga a chur leis nó a bhaint.

Déantar na cineálacha foirmeacha a chatagóiriú a thuilleadh i 46 fhochineál fógraí bunaithe ar na ceithre phríomhthreoir maidir le soláthar poiblí:

  • Conarthaí poiblí ginearálta le haghaidh oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí (Treoir 2014/24/AE)
  • Soláthar ó eintitis atá ag oibriú in earnáil an uisce, earnáil an fhuinnimh, earnáil an iompair agus earnáil na seirbhísí poist (Treoir 2014/25/AE)
  • Lamháltais (Treoir 2014/23/AE)
  • Soláthar i réimsí na cosanta agus na slándála (Treoir 2009/81/CE)

Le fochineálacha áirithe, is féidir fógraí deonacha a fhoilsiú nach bhfuil faoi réir na dtreoracha sin, amhail comhairliúcháin réamh-mhargaidh, cur i gcrích conarthaí agus nósanna imeachta a thiteann faoi bhun thairseacha an Aontais.

Liostaítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán maidir le Ríomhfhoirmeacha na 46 fhochineál agus an dóigh a n-úsáidtear na téarmaí gnó i ngach fochineál acu. Leis an leagan Excel seo den iarscríbhinn, d’fhéadfadh sé a bheith níos éasca an t-eolas a thuiscint, ach níl aon bhailíocht dhlíthiúil aige féin.

Forbhreathnú ar chineálacha foirmeacha, ar chineálacha fógra agus ar fhochineálacha fógra:

Cineál Foirme Cineál Fógra Fochineál Fógra Cur síos
 Comhairliúchán   PMC E1  Fógra Comhairliúcháin Dheonaigh Réamh-Mhargaidh
 Pleanáil  Próifíl PIN 1-3  Fógra faoi fhoilsiú fógra réamhfhaisnéise (nó faoi fhoilsiú fógra tháscaigh thréimhsiúil) maidir le próifíl cheannaitheora
 PIN amháin 4-6, E2   Fógra réamhfhaisnéise, nó fógra táscach tréimhsiúil, ar mhaithe le faisnéis amháin
 Teorainn ama PIN 7-9  Fógra réamhfhaisnéise, nó fógra táscach tréimhsiúil, lena ngearrtar na teorainneacha ama le tairiscintí a fháil
 Iomaíocht  CFC ginearálta PIN 10-11  Fógra réamhfhaisnéise, nó fógra táscach tréimhsiúil, lena ndéantar glao ar iomaíocht – an gnáthchóras
 CFC sóisialta PIN 12-14  Fógra réamhfhaisnéise, nó fógra táscach tréimhsiúil lena ndéantar glao ar iomaíocht – an córas éadrom
 QS 15  Fógra maidir le córas cáiliúcháin a bheith ann
 CN ginearálta 16-19, E3  Fógra conartha nó lamháltais – an gnáthchóras
 CN sóisialta 20-21  Fógra conartha – an córas éadrom
 Fochonraitheoireacht CN 22  Fógra maidir le fochonraitheoireacht
 Dearadh CN 23-24  Fógra faoi chomórtas dearaidh
 R maidir le DD  CAN VEAT 25-28  Fógra trédhearcachta ex ante deonach
 Toradh  CAN ginearálta 29-32, E4  Fógra maidir le dámhachtain conartha nó lamháltais – an gnáthchóras
 CAN sóisialta 33-35  Fógra maidir le dámhachtain conartha nó lamháltais – an córas éadrom
 Dearadh CAN 36-37  Fógra faoi thorthaí an chomórtais dearaidh
 CM  Modhnú conartha 38-40, E6  Fógra maidir le modhnú conartha
 Cur i gcrích  Fógraí maidir le comhlánú conartha E5  Fógra maidir le comhlánú deonach conartha

 

SDK Ríomhfhoirmeacha

Leis an Rialachán maidir le Ríomhfhoirmeacha, tugtar isteach go leor ceanglas maidir leis na sonraí ar cheart d’fhógraí soláthair phoiblí ina n-úsáidtear an caighdeán Ríomhfhoirmeacha a bhailiú agus a fhoilsiú (na ‘sonraíochtaí Ríomhfhoirmeacha’).

Is é SDK Ríomhfhoirmeacha an chaoi a ndearna Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh na sonraíochtaí Ríomhfhoirmeacha sin a shamhaltú agus a chur ar bhonn foirmiúil. Is éard a chiallaíonn ‘SDK’ Fearas Forbartha Bogearraí, ar modh é chun Ríomhfhoirmeacha a ionchódú agus a dháileadh i bhformáid mheaisín-inléite ionas gur féidir le ríomhchláir ríomhaire úsáid dhíreach a bhaint astu.

Bíonn an SDK in úsáid ag córais Oifig na bhFoilseachán, na eSenders a chuireann fógraí isteach lena bhfoilsiú ar TED, agus eagraíochtaí eile ar gá dóibh oibriú le fógraí Ríomhfhoirmeacha, amhail athúsáideoirí sonraí TED.

Is é is cuspóir don SDK feidhmchláir ríomhaire a bheith ábalta fógraí a chruthú agus a ionchódú a chloíonn leis na sonraíochtaí Ríomhfhoirmeacha is déanaí ar thaobh amháin, agus fógraí a cruthaíodh san am a chuaigh thart a léamh agus a léirmhíniú ar an taobh eile (agus dá bhrí sin, cloí le creat rialála a d’fhéadfadh a bheith athraithe ó cruthaíodh iad).

Bunaithe ar theacht chun cinn leanúnach an chreata rialála maidir le soláthar poiblí Eorpach, déantar sonraíochtaí Ríomhfhoirmeacha a choigeartú go rialta. Chun freastal ar chineál síorathraitheach shonraíochtaí Ríomhfhoirmeacha, déantar an SDK a nuashonrú go rialta trí leaganacha nó paistí nua a eisiúint.

Cé nach bhfuil sé faoi réir an Rialacháin maidir le Ríomhfhoirmeacha go foirmiúil, áirítear sa SDK freisin na foirmeacha a cheanglaítear le Rialachán 1370/2007 (seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí), Rialacháin 2157/2001, 1435/2003 agus 2137/85 (le haghaidh clárúcháin ghnó) agus Rialachán Airgeadais an Aontais 2024/2509 (le haghaidh glaonna ar léiriú spéise).

Acmhainní breise