Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS)
Cad is NUTS ann?
Is córas caighdeánaithe geochódaithe é Aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a d’fhorbair Eurostat agus an tAontas Eorpach chun réigiúin riaracháin agus deighiltí críochacha ar fud Bhallstáit an Aontais a aicmiú, chomh maith le CSTE, tíortha is iarrthóirí, agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha.
Sa soláthar poiblí Eorpach (Ríomhfhoirmeacha san áireamh), tá cóid NUTS an-luachmhar chun suíomh na n-eagraíochtaí agus an áit feidhmíochta a shonrú, agus chun an áit a shainaithint ar bhealach níos beaichte ina bhfuil oibreacha, earraí nó seirbhísí atá faoi réir threoracha soláthair an Aontais le déanamh nó le soláthar.
Cén struchtúr atá i gcóid NUTS?
Bunaítear le NUTS miondealú ordlathach 3 leibhéal chun réigiúin gheografacha ar fud na dtíortha rannpháirteacha a aicmiú:
NUTS 1: Mór-réigiúin shocheacnamaíocha.
NUTS 2: Réigiúin bhunúsacha le haghaidh chur i bhfeidhm na mbeartas réigiúnach.
NUTS 3: Réigiúin bheaga le haghaidh diagnóisí sonracha agus anailísí ar an leibhéal áitiúil.
Is le cód tíre 2 litir a thosaíonn cóid NUTS i gcónaí, agus uimhir nó litir a léiríonn gach leibhéal foroinne ina dhiaidh sin.
Mar shampla, seo a leanas an cód le haghaidh ‘arrondissement’ Arlon sa Bheilg: BE (Cód tíre) BE3 (NUTS 1) BE34 (NUTS 2) BE341 (NUTS 3).
Tá críocha ‘extraregio’ (dar críoch ‘Z’) deartha le haghaidh críocha speisialta tíortha nach féidir a cheangal le réigiún áirithe (amhail uiscí teorann nó consalachtaí).
Cé na critéir lena sainítear réigiún NUTS?
Bunaítear réigiúin NUTS i gcomhréir le Rialachán NUTS (CE) Uimh. 1059/2003 agus is ar fhoranna riaracháin náisiúnta atá ann cheana agus ar thairseacha oifigiúla daonra atá siad bunaithe go ginearálta:
NUTS 1: Mór-réigiúin shocheacnamaíocha
• Raon daonra: 3,000,000 – 7,000,000 áitritheoir
• Gnáth-scála: Mór-réigiúin náisiúnta, grúpaí cúigí, nó stáit mhóra.
NUTS 2: Réigiúin bhunúsacha le haghaidh beartais réigiúnacha
• Raon daonra: 800,000 – 3,000,000 áitritheoir
• Gnáth-scála: Réigiúin fhéinrialaitheacha, cúigí, nó bunrannáin riaracháin.
NUTS 3: Réigiúin bheaga le haghaidh anailísí áitiúla
• Raon daonra: 150,000 – 800,000 áitritheoir
• Gnáth-scála: Ranna, ceantair, maorachtaí, nó cúigí beaga. Tá eisceachtaí ann d’aonaid gheografacha neamhriaracháin, d’aonaid oileánacha nó d’aonaid gheografacha shonracha.
Cad a tharlaíonn i dtíortha beaga?
I mBallstáit ina bhfuil daonra níos lú, d’fhéadfaí an tír ar fad a aicmiú i níos mó ná leibhéal NUTS amháin. Sna cásanna sin, tá gach leibhéal comhionann leis an tír ar fad ó thaobh críche de, ach sanntar cóid a bhfuil fad comhfhreagrach ag gabháil leo ar mhaithe le caighdeánú.
Mar shampla, i Lucsamburg tá gach ceann de na 3 leibhéal mar an gcéanna (mar atá LU0, LU00, LU000), agus sa Laitvia, is don tír a chomhfhreagraíonn leibhéil 1 agus 2 (LV0, LV00), agus is do na foréigiúin a chomhfhreagraíonn leibhéal 3.
Conas a úsáidtear cóid NUTS i Ríomhfhoirmeacha?
I bhfógraí soláthair, i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún, ní mór cóid NUTS a shonrú sna téarmaí gnó seo a leanas:
• Foroinnt na tíre maidir leis an áit feidhmíochta (BT-5071): Léirítear leis sin an suíomh geografach ina ndéantar na hoibreacha nó ina gcuirtear soláthairtí nó seirbhísí ar fáil.
• Foroinnt tíre eagraíochta (BT-507): Sainaithnítear leis sin suíomh riaracháin gach eagraíochta san fhógra, amhail ceannaitheoirí agus tairgeoirí.
Éilíonn fógraí Ríomhfhoirmeacha leibhéal NUTS 3 (an leibhéal réigiúnach is gráinní) le haghaidh suíomhanna i dtíortha a úsáideann cóid NUTS. Maidir leis an áit feidhmíochta, is féidir le ceannaitheoirí níos mó ná cód NUTS amháin a shonrú, nó gan aon chód NUTS a shonrú má tá an áit feidhmíochta aon áit ar bith sa tír, aon áit ar bith in LEE, nó aon áit ar bith ar domhan.
Cé chomh minic a athraíonn cód NUTS?
Luaitear i Rialachán NUTS (CE) Uimh. 1059/2003 gur cheart an t-aicmiú a bheith cobhsaí go ceann 3 bliana ar a laghad. Níl ach Ballstáit an Aontais san áireamh sa rialachán sin. ‘Réigiúin staitistiúla’ a thugtar go foirmiúil ar chóid NUTS do thíortha CSTE agus do thíortha is iarrthóirí, agus tá siad bunaithe ar chomhaontuithe déthaobhacha, a bhféadfadh athruithe cóid lasmuigh de shaolré Rialachán NUTS a bheith ann dá dtoradh sin.
Tá aicmiú NUTS 2024 i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024, ina liostaítear 92 réigiún ar leibhéal NUTS 1, 244 réigiún ar leibhéal NUTS 2, agus 1,165 réigiún ar leibhéal NUTS 3. Beidh feidhm ag an gcéad athbhreithniú eile, NUTS 2027, ón 1 Eanáir 2027. Leis an bhfeidhm chuardaigh ar shuíomh gréasáin TED, déantar na hathruithe ar chóid NUTS a mhapáil ionas gur féidir fógraí níos sine a aimsiú fós atá nasctha leis na cóid NUTS is déanaí.
Cá bhfaighidh mé liosta iomlán chóid NUTS de réir tíre?
Is é Eurostat a dhéanann an t-aicmiú a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Is féidir leat féachaint ar an miondealú iomlán de réir tíre, an tacar sonraí a íoslódáil, agus tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin NUTS Eurostat.
Déanann Oifig na bhFoilseachán cothabháil freisin ar thacsanomaíocht NUTS ar EU Vocabularies i bhformáidí éagsúla, agus tá NUTS san áireamh i bhFearas Forbartha Bogearraí Ríomhfhoirmeacha mar chódliosta a úsáidtear chun fógraí a bhailíochtú.
