Eolas ginearálta

Réamhbheart ceaptha chun smaoineamh nuálach beartais a thástáil i réimse ina bhfuil inniúlacht ag an Aontas Eorpach ach nach bhfuil aon bhunghníomh ábhartha ann a cheadódh don Aontas aon airgead a chaitheamh.

Bhí Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh freagrach as cur chun feidhme an Réamhbhirt ‘Trédhearcacht sa soláthar poiblí’, a rinneadh idir 2022 agus 2024. 

Tá an trédhearcacht i gcroílár an Réamhbhirt seo agus is í an ghné atá i gcoiteann sna gníomhaíochtaí ar fad atá beartaithe do chur chun feidhme an Réamhbhirt í. Rinne Oifig na bhFoilseachán ceithre réimse gníomhaíochta a bhaineann le sonraí TED a shainaithint: infhaighteacht, cáilíocht, inléiteacht agus idir-inoibritheacht.

I gcás gach ceann de na ceithre réimse sin, tá tionscadail éagsúla curtha chun cinn agus curtha chun feidhme ag Oifig na bhFoilseachán, mar a thuairiscítear thíos.

Tionscadail inléiteachta sonraí

Ba é an smaoineamh a bhí taobh thiar de thionscadal léirshamhlaithe sonraí ná léirshamhlú soláimhsithe soiléir féinmhínitheach na sonraí ábhartha in TED a chur chun feidhme, agus úsáid á baint as grafaicí, uirlisí dinimiciúla agus an meaisínaistriúchán. Is éard a bhí i gceist leis an tionscadal sin cáilíocht sonraí a thomhas, chomh maith le sonraí a ghlanadh agus a shaibhriú. Tá tuilleadh eolais anseo faoin mbealach a chothaíonn an tionscadal inléiteacht sonraí trí léirshamhlú sonraí TED a fheabhsú.

Gníomhaíocht eile faoi réimse na hinléiteachta sonraí ba ea dúshláin a bhain le Soláthar Poiblí a chur san áireamh in EU Datathon 2022, comórtas bliantúil sonraí oscailte a d’eagraigh Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, ina dtugtar foirne daoine óga ó gach cearn den Eoraip le chéile chun nuálaíocht a spreagadh agus chun an idirghníomhaíocht idir saoránaigh agus riarachán an Aontais a athrú ó bhonn. Ba iad Trédhearcacht sa soláthar poiblí agus Deiseanna Soláthair Phoiblí do dhaoine óga an dá dhúshlán ar bronnadh duaiseanna ina leith.

Tionscadail infhaighteachta sonraí

Baineann páirtithe leasmhara éagsúla, taighdeoirí agus lucht acadúil ina measc, úsáid as sonraí TED. Theastaigh ó Oifig na bhFoilseachán taighde ar sholáthar poiblí a shainaithint agus a chur chun cinn tuilleadh trí dhuaiseanna a bhronnadh ar ailt fhoilsithe i dtaca le soláthar poiblí. Chuir Oifig na bhFoilseachán tús le comórtas ghradam Ambasadóirí TED inar díríodh ar ‘Trédhearcacht sa soláthar poiblí’, “’Soláthar glas’, ‘Teicneolaíochtaí na hIntleachta Saorga (IS) atá ag teacht chun cinn sa soláthar poiblí’ agus ‘An nuálaíocht a spreagadh tríd an soláthar poiblí’. Tá tuilleadh eolais faoi bhuaiteoirí ghradaim ambasadóirí TED le fáil anseo.

Ina theannta sin, sheol Oifig na bhFoilseachán glao ar thionscadail taighde ar ábhair a bhain leis an soláthar poiblí, rud óna bhfuarthas na léargais nua taighde seo a leanas: ‘Repository of existing projects on transparency in public procurement’, ‘Transparency and Open Data in Public Procurement: An Analysis of European Union Member States’ agus ‘European public procurement (2012–2022): indicators and maps of competition and SME participation for cross-border analysis based on TED data’. 

Tionscadail idir-inoibritheachta sonraí

Is é is aidhm don Tionscadal um sheirbhís sonraí oscailte aisghabháil sonraí sonracha soláthair phoiblí meaisín le meaisín a chumasú i bhformáid RDF trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua-aimseartha. Léigh tuilleadh faoi agus faigh tuilleadh sonraí agus samplaí anseo

Trí na prionsabail chéanna sin maidir le hidir-inoibritheacht agus na teicnící saibhrithe is déanaí atá á dtiomáint ag an intleacht shaorga a chomhcheangal, tugann an tionscadal ‘Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí’ léargas níos iomasaí ar fhógraí agus ar na nósanna imeachta soláthair phoiblí. Is é is aidhm dó rochtain éasca chomhdhlúite ar dheiseanna gnó a chur ar fáil agus inaimsitheacht a mhéadú trí shaibhriú IS agus CPV (stór focal comhchoiteann um sholáthair).

https://op.europa.eu/ga/web/about-us/procurement

Tionscadail cáilíochta sonraí

Bhí táirgeadh físeán teagaisc agus físeán bolscaireachta le haghaidh TED mar chuid den Réamhbheart.

Tá 4 fhíseán teagaisc curtha ar fáil againn, is iad sin ‘My Dashboard’; ‘Advanced search’; ‘eNotices2 – Introduction to eNotices2’; ‘eNotices2- How to fill in a contract notice’. Is féidir na físeáin a fheiceáil anseo

Agus 3 físeán fgraíochta, is iad sin ‘TED for vendors’; ‘TED for buyers’ agus ‘TED for data reusers’. 

Is féidir na físeáin a fheiceáil anseo

Cruthaíodh na físeáin sin chun tuilleadh treorach a thabhairt d’úsáideoirí, chun dea-chleachtais maidir le gnéithe TED a chomhroinnt, agus chun feasacht a mhúscailt i measc úsáideoirí.

Léargas ar na tionscadail

 San iomlán, tríd an Réamhbheart chuir Oifig na bhFoilseachán tionscadail nuálacha chun cinn chun iomláine agus cruinneas shonraí TED a mhéadú, rud a chumhdaigh an sainordú a chuir Parlaimint na hEorpa orainn.

Tá léiriú físiúil de na tionscadail go léir le feiceáil thíos. Cuireadh cuid de na tionscadail sin i láthair go rathúil freisin ag imeacht TED, ‘Public Procurement Data Superpowers: Transparency in public procurement – Harnessing artificial intelligence’ i mí Aibreáin 2024.

Is féidir cliceáil ar na tionscadail éagsúla chun tuilleadh eolais a fháil.