Naisc úsáideacha
Cuireann an Coiste Eorpach um Chaighdeánú le spriocanna an Aontais Eorpaigh agus an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch a bhuí le caighdeáin theicniúla dheonacha lena gcuirtear an tsaorthrádáil, sábháilteacht oibrithe agus tomhaltóirí, idir-inoibritheacht líonraí, cosaint an chomhshaoil, saothrú clár taighde agus forbartha, agus an soláthar poiblí chun cinn.
digital-strategy.ec.europa.eu/ga/activities/digital-programme
Is tionscnamh maoiniúcháin é seo atá dírithe ar dhlús a chur le claochlú digiteach earnáil phoiblí na hEorpa, soláthar san áireamh. Ar na príomhghníomhaíochtaí faoin gclár seo tá riarachán poiblí a dhigitiú trí uirlisí amhail Ríomhfhoirmeacha agus Ríomhshonrascadh, an chibearshlándáil a fheabhsú d’ardáin Ríomhsholáthair, agus spásanna sonraí a fhorbairt chun anailísíocht trasteorann a fheabhsú.
https://ec.europa.eu/tools/ecertis/#/about
Is bunachar sonraí ar líne agus uirlis tacaithe cinntí é e-CERTIS a d’fhorbair an Coimisiún Eorpach chun simpliú a dhéanamh ar thírdhreach casta na ndeimhnithe agus na fianaise doiciméadaí is gá le haghaidh an tsoláthair phoiblí ar fud an Aontais. Is pointe tagartha láraithe é an t-ardán do ghnólachtaí agus d’údaráis chonarthacha. Comhtháthaíonn e-CERTIS le hardáin soláthair eile de chuid an Aontais, amhail TED agus SIMAP, rud a chruthaíonn éiceachóras saoráideach do ghnólachtaí agus d’údaráis araon. I gcás na n-údarás conarthach, cuireann e-CERTIS bealach ar fáil chun a gceanglais dhoiciméadacha a chaighdeánú agus a chuíchóiriú.
Cuireann an Líonra Fiontar Eorpach comhairle agus tacaíocht ar fáil do FBManna i leith nuálaíocht agus fás idirnáisiúnta. Tá níos mó ná 500 eagraíocht chomhpháirtíochta sa Líonra san Aontas agus níos faide i gcéin. I measc na seirbhísí a chuireann comhpháirtithe an Líonra ar fáil i dtíortha AE-27 tá eolas agus comhairle le haghaidh FBManna faoi rialacha soláthair phoiblí, seirbhísí eolais/foláirimh faoi dheiseanna chun tairiscintí a dhéanamh agus seirbhísí comhpháirtíochta idirnáisiúnta. Is saor in aisce a chuirtear ar fáil iad.
european-union.europa.eu/priorities-and-actions/actions-topic/single-market_ga
Tá achoimre ar an leathanach seo ar na tosaíochtaí straitéiseacha a spreagann cur chuige an Aontais i leith an tsoláthair, ina measc sin nuachóiriú tríd an digiteáil, soláthar glas agus sóisialta a chur chun cinn, agus iomaíocht chóir a chinntiú do FBManna agus do thairgeoirí trasteorann. Leagtar béim inti ar phríomhreachtaíocht, amhail Treoracha 2014 maidir le Soláthar, agus ar thionscnaimh amhail an Straitéis maidir leis an Margadh Aonair, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar choigeartuithe tar éis Brexit don chaidreamh soláthair le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.
https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/home
Is í Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ an Aontais an tairseach láraithe ar líne chun rochtain a fháil ar dheiseanna maoiniúcháin, ar dheontais agus ar thairiscintí soláthair phoiblí arna maoiniú ag an Aontas Eorpach. Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn an tairseach agus is pointe teagmhála aonair í do ghnólachtaí, do thaighdeoirí, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), d’údaráis phoiblí agus do pháirtithe leasmhara eile a bhfuil tacaíocht airgeadais nó deiseanna conartha á lorg acu faoi chláir an Aontais. Comhtháthaíonn an tairseach gníomhaíochtaí maoiniúcháin agus tairisceana uile an Aontais in aon ardán amháin, rud a tháinig in ionad na gcóras ilroinnte a bhí ann roimhe sin, agus simplíonn sí an próiseas chun tionscadail arna maoiniú ag an Aontas a aimsiú, cur isteach orthu, agus iad a bhainistiú.
ted.europa.eu/ga/simap/preparatory-action
Bhí Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh freagrach as cur chun feidhme an Réamhbhirt ‘Trédhearcacht sa soláthar poiblí’, rud a rinneadh idir 2022 agus 2024. Shainaithin Oifig na bhFoilseachán ceithre réimse gníomhaíochta a bhaineann le sonraí TED, mar atá: infhaighteacht, cáilíocht, inléiteacht agus idir-inoibritheacht.
Is institiúid oiliúna agus taighde ar thús cadhnaíochta í an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí atá tiomnaithe tacaíocht a thabhairt do ghairmithe san earnáil phoiblí, do lucht ceaptha beartas agus d’institiúidí an Aontais chun feabhas a chur ar a gcuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí sa rialachas Eorpach, sa riarachán poiblí agus i ngnóthaí an Aontais. Cuireann tairseach Cúrsaí na hInstitiúide Eorpaí um Riarachán Poiblí réimse cuimsitheach clár oiliúna ar fáil, rud atá ceaptha aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn maidir le cur chun feidhme bheartais an Aontais, bainistíocht phoiblí agus athchóiriú riaracháin.
ec.europa.eu/growth/single-market/public-procurement_ga
An Margadh Eorpach Aonair: Mol lárnach le haghaidh na n-acmhainní uile a bhaineann le soláthar is ea rannán an tSoláthair Phoiblí ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh. Cumhdaíonn sé reachtaíocht, uirlisí digiteacha (amhail TED, Ríomhfhoirmeacha agus Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar), agus tionscnaimh bheartais amhail soláthar glas agus soláthar nuálaíochta.
Acmhainn thiomnaithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh is ea Tairseach FBManna atá deartha chun go mbeidh teacht ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ar eolas, ar thacaíocht agus ar dheiseanna ar fud an Aontais go héasca. Cuirtear comhairle phraiticiúil ar fáil uirthi maidir leis an dóigh ar féidir le FBManna páirt a ghlacadh i dtairiscintí an Aontais, dul i ngleic le ceanglais riaracháin, agus leas a bhaint as uirlisí digiteacha amhail TED agus Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar chun dul san iomaíocht ar bhealach níos éifeachtaí.
ec.europa.eu/solvit/index_ga.htm
Is seirbhís réitigh fadhbanna ar líne é SOLVIT a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil chun cuidiú le gnólachtaí agus le saoránaigh réiteach a fháil ar fhadhbanna a bhaineann le húdaráis náisiúnta rialacha Mhargadh Aonair an Aontais a chur i bhfeidhm go mícheart.
Ar an leathanach seo, déantar comhordú ar chaidreamh an Aontais leis an Ríocht Aontaithe tar éis Brexit, agus béim ar leith á leagan ar impleachtaí a bhaineann leis an soláthar poiblí. Ina measc sin, déantar soiléiriú ar na rialacha faoin gComhaontú Trádála agus Comhair (CTC), amhail coinníollacha maidir le rochtain ar an margadh do ghnólachtaí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais, eisiamh na Ríochta Aontaithe ó uirlisí an Aontais amhail TED, agus an t-aistriú chuig an tseirbhís ‘Find a Tender’ de chuid na Ríochta Aontaithe.
europa.eu/youreurope/business/index_ga.htm
Is treoir phraiticiúil ar líne é ‘Your Europe – Business’ a ceapadh chun cabhrú le cuideachtaí atá ag iarraidh leathnú nó oibriú thar theorainneacha laistigh den Aontas, agus san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua. Cuirtear eolas soiléir céim ar chéim ar fáil ar an tairseach maidir leis na ceanglais dhlíthiúla agus riaracháin chun gnó a dhéanamh i dtír eile den Aontas, lena gcumhdaítear príomhréimsí amhail clárú cuideachtaí, cánachas, dlíthe fostaíochta, agus rialacha soláthair phoiblí.
