ted-together2025 

An 27 agus an 28 Samhain 2025, d’eagraigh Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (OP) an dara heagrán de TED-together, imeacht atá dírithe ar phobail eSender, Athúsáideoirí, Ointeolaíocht an Ríomhsholáthair agus Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar (ESPD). Tháinig rannpháirtithe ó gach cearn den Eoraip agus níos faide i gcéin le chéile linn i Lucsamburg agus ar líne chun iniúchadh a dhéanamh ar thopaicí atá dírithe ar TED (Tenders Electronic Daily) agus ar shonraí Soláthair Phoiblí an Aontais.

Le linn an dá lá, díríodh sa phlé ar athruithe a rinneadh le déanaí agus a dhéanfar ar ball chun úsáid sonraí soláthair phoiblí a éascú agus maidir le dóigheanna chun feabhas leanúnach a chur ar cháilíocht na sonraí sin. Chuir an Stiúrthóir ar Rochtain ar Fhaisnéis Phoiblí agus Athúsáid Faisnéise Poiblí in Oifig na bhFoilseachán, Franck Noël, tús leis an gcruinniú trí bhéim a leagan ar rannchuidiú Oifig na bhFoilseachán le trí ghné thábhachtacha den soláthar poiblí, mar atá trédhearcacht, iomaíocht agus simpliú, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí, trí fhoilsiú ar thairseach TED agus trí idir-inoibritheacht le ríomhfhoirmeacha, le Samhail Malartaithe ESPD agus le hOinteolaíocht an Ríomhsholáthair.

Leag Noël béim freisin ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar chleachtais soláthair phoiblí le chéile mar phobal: ‘Ag TED-together, is é is aidhm dúinn dul chun cinn a dhéanamh agus dul i ngleic le castachtaí an Ríomhsholáthair LE CHÉILE.’ Leag comhghleacaithe OP agus saineolaithe seachtracha béim ar an tábhacht mhéadaitheach atá le sonraí ardcháilíochta sa soláthar poiblí, agus léirigh siad an dóigh ar féidir foilsitheoireacht níos fearr, cuardach níos cliste agus brath rioscaí calaoise níos éifeachtaí a dhéanamh le sonraí, Ríomhfhoirmeacha agus Ointeolaíocht an Ríomhsholáthair. Le cás-staidéir phraiticiúla, ón Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar a chur i bhfeidhm go dtí an SDK a úsáid chun fógraí a chomhlánú, léiríodh an bealach a n-oibríonn na huirlisí sin sa chleachtas agus an dóigh a dtacaíonn siad le eSenders agus le hathúsáideoirí araon.

Buíochas ó chroí le gach duine as imeacht rathúil eile! Leanaimis de bheith ag obair le chéile chun soláthar poiblí níos cliste a bhaint amach!

Tá gach cur i láthair, chomh maith le roinnt pictiúr, le fáil ar an suíomh gréasáin, agus tá na taifeadtaí le fáil ar ár gcainéal YouTube.

Más mian leat páirt a ghlacadh inár bpobail:

Is féidir leat do phróifíl a chruthú ar Thairseach Forbróirí TED

 Sin nó seol ríomhphost chugainn ag na seoltaí seo a leanas:

eSenders: OJS-ESENDERS@publications.europa.eu

Athúsáideoirí: OP-TED-events@publications.europa.eu

Ointeolaíocht an Ríomhsholáthair: OP-EPROCUREMENT-ONTOLOGY@publications.europa.eu

EPSD: OPESPD@publications.europa.eu