Cumhdaítear le beart 1 modúil/táirgí/seirbhísí a bhaineann le príomhghníomhaíochtaí an ardáin iarléiriúcháin físeáin agus le timpeallacht Media Asset Management (MAM). Tá príomhghníomhaíochtaí an ardáin iarléiriúcháin físeáin reatha bunaithe ar ardán thimpeallacht Cinegy Media Asset Management agus beidh infheistíochtaí sa todhchaí, faoin gconradh/faoi na conarthaí a eascróidh ón nós imeachta soláthair seo, comhoiriúnach le MAM reatha Cinegy.
Áirítear an méid a leanas le gnáthghníomhaíochtaí an ardáin iarléiriúcháin físeáin (níl an liosta uileghabhálach):
— Ardán Media Asset Management (MAM): Bogearraí Cinegy agus na crua-earraí ar a reáchtáiltear é),
— bainistiú an líonra físeáin lena n-áirítear faireachán, inrochtaineacht chianda agus slándáil,
— gabháil/ionghabháil comharthaí beo físeáin agus comhad físeáin (bogearra agus an crua-earra ar a reáchtáiltear é, lena n-áirítear Cinegy Capture, GPU agus cártaí gabhála físchomhartha),
— físchomharthaí agus comhaid a chur in eagar (stáisiúin oibre Cinegy agus an crua-earra ar a reáchtáiltear é, lena n-áirítear breiseáin iarléiriúcháin),
— físléiriúchán (cianda): físléiriúchán beo agus iarléiriúcháin físeáin ar ardleibhéal (lena n-áirítear córas KVM IHSE ),
— traschód agus físchomhaid a chomhbhrú,
— físchomhaid a dháileadh (FileCatalyst),
— físchomhaid a chartlannú.
Dá bhrí sin cumhdaítear leis an mbeart seo soláthar (lena n-áirítear seachadadh, suiteáil agus comhtháthú) gach cineál modúl/táirgí/seirbhísí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo. Áirítear leis soláthairtí líonra (grád craolacháin), faireachán físeáin agus soláthairtí fís-slándála, crua-earraí agus bogearraí le comhtháthú san ardán iarléiriúcháin físeáin reatha, go sonrach ach gan a bheith teoranta do tháirgí agus do mhodúil Cinegy. Áirítear le beart 1 táirgí crua-earraí/bogearraí agus seirbhís a bhaineann le bunachar sonraí cartlannaithe agus MAM na hardrúnaíochta, stáisiúin ghabhála, stáisiúin eagarthóireachta, stáisiúin aistrithe, líonraí físeáin, réiteach KVM IHSE, réiteach faireacháin físeáin, réiteach aistrithe comhad, agus réitigh a bheidh slán i bhfad na haimsire a chumasóidh muid chun an margadh sreafaí oibre físléiriúcháin atá ag athrú go tapa a leanúint.
Chun teacht ar thuilleadh sonraí ar na modúil/táirgí/seirbhísí a chumhdaítear le beart 1, féach na sonraíochtaí tairisceana atá comhchoiteann do bheart 1 agus do bheart 2 chomh maith leo sin atá sainiúil do bheart 1.