Seirbhísí - 111271-2017

25/03/2017    S60    Cúirt Iniúchóirí na hEorpa - Seirbhísí - Fógra conartha - Nós imeachta oscailte 

Lucsamburg-Lucsamburg: Seirbhísí monatóireachta na meán

2017/S 060-111271

Fógra conartha

Seirbhísí

Legal Basis:

Treoir 2014/24/AE

Alt I: Údarás conarthachta

I.1)Ainm agus seoltaí
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
12, rue Alcide de Gasperi
Luxembourg
1615
Lucsamburg
Teagmhálaí: ECA Procurement Service
Guthán: +352 4398-47611
Ríomhphost: eca-procurement.service@eca.europa.eu
Facs: +352 4398-46667
Cód NUTS: LU

Seoladh/seoltaí idirlín:

Príomhsheoladh: http://www.eca.europa.eu

I.2)Faisnéis faoi chomhsholáthar
I.3)Cumarsáid
Tá na doiciméid soláthair ar fáil ionas gur féidir rochtain dhíreach lán gan srianadh, saor in aisce a fháil orthu ag: https://etendering.ted.europa.eu/cft/cft-display.html?cftId=2304
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó an seoladh thuasluaite
Ní mór tairiscintí nó iarratais ar rannpháirtíocht a sheoladh chuig an seoladh a leanas:
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
12, rue Alcide de Gasperi
Luxembourg
1615
Lucsamburg
Teagmhálaí: Procurement Service
Guthán: +352 43981
Ríomhphost: eca-procurement.service@eca.europa.eu
Facs: +352 4398-46946
Cód NUTS: LU

Seoladh/seoltaí idirlín:

Príomhsheoladh: http://www.eca.europa.eu

I.4)An cineál údaráis chonarthachta
Institiúid/gníomhaireacht Eorpach nó eagraíocht idirnáisiúnta
I.5)Príomhghníomhaíocht
Gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais

Alt II: Cuspóir

II.1)Raon feidhme an tsoláthair
II.1.1)Teideal:

Seirbhísí monatóireachta na meán.

Uimhir thagartha: AO 611.
II.1.2)Príomhchód CPV
92400000
II.1.3)An cineál conartha
Seirbhísí
II.1.4)Cur síos achomair:

Is éard is cuspóir an ghlao seo ar thairiscintí seirbhísí monatóireachta meán agus seirbhísí tuairiscithe na meán a fháil maidir le tuairisciú na meán a bhaineann leis an gCúirt. Beidh ar an gconraitheoir monatóireacht a dhéanamh ar ábhair i gcló (náisiúnta/réigiúnach), ar na meáin ar líne (idirlíon) agus ar na meáin shóisialta agus an cuspóir ann coimre thráthúil, cothrom le dáta d'fhaisnéis laethúil a sholáthar, i bhfoirm léirmheasa ar an bpreas, maidir leis an dóigh a ndéantar topaicí atá ábhartha don Chúirt (lena n-áirítear Uachtarán agus Baill na Cúirte) agus don AE a thuairisciú sna meáin, mar aon le hanailís cháilíochtúil agus chainníochtúil ráithiúil ar an bpreas.

II.1.5)Luach iomlán measta
Luach gan CBL san áireamh: 280 000.00 EUR
II.1.6)Faisnéis faoi bhearta
Tá an conradh seo roinnte ina bhearta: níl
II.2)Cur síos
II.2.1)Teideal:
II.2.2)Cód(Cóid) CPV breise
II.2.3)Láthair feidhmíochta
Cód NUTS: LU
II.2.4)Cur síos ar an soláthar:

Déanfaidh an conraitheoir monatóireacht ar na meáin ar líne agus ar na meáin shóisialta, ar bhlaganna ar leibhéal an AE in 28 mBallstát an AE chomh maith le meáin ábhartha ar líne i mBéarla sa chuid eile den domhan ar bhonn laethúil ar feadh na bliana, d'fhonn léirmheasanna iomlána laethúla ar an bpreas a sholáthar mar aon le tuarascálacha ráithiúla úsáideacha um anailís ar an bpreas. Féadfaidh an Chúirt an craoladh i gcló a iarraidh ar éileamh mar aon le foláirimh faoi ailt ábhartha taobh thiar de bhallaí íocaíochta. Féadfaidh an Chúirt monatóireacht ar na meáin chraolta a iarraidh chomh maith ar chostas breise.

II.2.5)Critéir dámhachtana
Na critéir thíos
Critéar cáilíochta - Ainm: Iomláine, cáilíocht agus inléiteacht sampla den léirmheas laethúil ar an bpreas / Ualú: 30
Critéar cáilíochta - Ainm: Iomláine an chur síos agus cáilíocht an léirshamhlaithe ar an ardán/tairseach ar líne (lena n-áirítear rochtain ar shamplaí) / Ualú: 30
Critéar cáilíochta - Ainm: Comhoiriúnacht le riachtanais na Cúirte agus an cumas ábhar léirmheasa preasa laethúil a iompórtáil ó ardán/tairseach an tairgeora / Ualú: 15
Critéar cáilíochta - Ainm: Iomláine agus cáilíocht an tsampla den tuarascáil um anailís ar na meáin / Ualú: 15
Critéar cáilíochta - Ainm: Cáilíocht an aistriúcháin uathoibríoch arna thairiscint / Ualú: 10
Praghas - Ualú: 40
II.2.6)Luach measta
Luach gan CBL san áireamh: 280 000.00 EUR
II.2.7)Tréimhse an chonartha, comhaontú creatlaí nó córas dinimiciúil ceannaigh
Fad ina mhíonna: 12
Tá an conradh seo faoi réir ag athnuachan: tá
Cur síos ar athnuachaintí:

Féadtar an conradh a athnuachan suas go 3 huaire, go ceann thréimhse 12 mhí gach uair. Ní thosófar ar fheidhmíocht an chonartha go dtí go bhfuil an conradh sínithe. Déanfar aon athnuachan ar an gconradh de réir na dtéarmaí a leagtar síos sa chonradh.

II.2.10)Faisnéis faoi mhalairtí
Glacfar le malairtí: níl
II.2.11)Faisnéis faoi roghanna
Roghanna: níl
II.2.12)Faisnéis maidir le catalóga leictreonacha
II.2.13)Faisnéis faoi Chistí an Aontais Eorpaigh
Baineann an soláthar le tionscadal agus/nó clár arna mhaoiniú ag cistí an Aontais Eorpaigh: tá
Tagairt an tionscadail: Buiséad ginearálta an AE.
II.2.14)Faisnéis bhreise

Alt III: Faisnéis dhlíthiúil, eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil

III.1)Coinníollacha rannpháirtíochta
III.1.1)Oiriúnacht le bheith páirteach sa ghníomhaíocht ghairmiúil, lena n-áirítear riachtanais a bhaineann le rollú ar chláir ghairmiúla nó cheirde
Liosta agus cur síos achomair ar na coinníollacha:

Ní foláir nó go bhfuil an cumas dlíthiúil ag na tairgeoirí chun an conradh seirbhíse a gcuireann siad iarratas isteach ina leith a fheidhmiú. Déanfar cumas dlí na dtairgeoirí a mheasúnú ar bhonn na ndoiciméad ar gá dóibh iad a chur isteach.

Ní mór do thairgeoirí a bheith cláraithe ar an gclár gairme nó ceirde faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos ag reachtaíocht sa tír ina bhfuil na tairgeoirí ina gcónaí.

III.1.2)Stádas eacnamaíoch agus airgeadais
Liosta agus cur síos achomair ar na critéir roghnúcháin:

Ní foláir nó go mbeadh cumas eacnamaíoch agus airgeadais imleor ag tairgeoirí chun an conradh a chomhlíonadh i gcomhréir le forálacha an chonartha, agus a luach is a raon á dtabhairt faoi deara.

Íosleibhéal caighdeán (íosleibhéil chaighdeán) a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil:

Éilíonn an Chúirt go mbeadh meánláimhdeachas sainiúil bliantúil comhionann le 140 000 EUR nó níos mó ná sin ag tairgeoirí, a bhaineann leis na seirbhísí arna gcumhdach leis an nglao seo ar thairiscintí le haghaidh gach ceann den 2 bhliain airgeadais seo a chuaigh thart dá ndúnadh cuntais.

III.1.3)Cumas teicniúil agus gairmiúil
Liosta agus cur síos achomair ar na critéir roghnúcháin:

Ní foláir nó go bhfuil cumas teicniúil agus gairmiúil imleor ag tairgeoirí chun iad a chumasú an conradh a chomhlíonadh i gcomhréir le forálacha an chonartha, agus a luach agus a scála á dtabhairt san áireamh.

Déanfar an cumas teicniúil agus gairmiúil a mheas ar bhonn shaineolas an tairgeora atá ábhartha do na seirbhísí arna n-éileamh.

Íosleibhéal caighdeán (íosleibhéil chaighdeán) a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil:

Maidir leis an gconradh is ábhar an chuiridh chun tairisceana seo, éilíonn an Chúirt go mbeadh an t-íoschumas teicniúil agus gairmiúil seo a leanas ag tairgeoirí:

— ní foláir nó go ndearna an tairgeoir 3 thionscadal ar a laghad a chur i gcrích le linn na 3 bliana seo a chuaigh thart, maidir le seirbhísí monatóireachta agus tuairisicithe ar na meáin cosúil leis an cinn arna n-éileamh leis an gconradh seo (lena gclúdaítear na meáin chlóite, ar líne agus shóisialta sa chuid is mó de theangacha oifigiúla an AE) do chuideachtaí nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a oibríonn ar leibhéal Eorpach,

— ní foláir nó go bhfuil taithí ghairmiúil 3 bliana ar a laghad ag ceannaire an tionscadail, a bheidh freagrach as an tionscadal a chur chun feidhme, ar na seirbhísí atá clúdaithe ag an nós imeachta seo mar aon le Béarla maith.

— ní mór don tairgeoir monatóireacht a dhéanamh ar na meáin sna teangacha uile arna gcumhdach leis an gconradh.

III.1.5)Faisnéis faoi chonarthaí forchoimeádta
III.2)Coinníollacha a bhaineann leis an gconradh
III.2.1)Faisnéis faoi ghairm ar leith
III.2.2)Coinníollacha maidir le feidhmiú an chonartha:
III.2.3)Faisnéis maidir leis an bhfoireann atá freagrach as feidhmiú an chonartha

Alt IV: Nós imeachta

IV.1)Cur síos
IV.1.1)An cineál nós imeachta
Nós imeachta oscailte
IV.1.3)Faisnéis faoi chomhaontú creatlaí nó faoi chóras ceannaigh dinimiciúil
IV.1.4)Faisnéis maidir le laghdú ar líon na réiteach nó na dtairiscintí le linn idirbheartaíochta nó caidrimh
IV.1.6)Faisnéis faoi cheant leictreonach
IV.1.8)Faisnéis faoi Chomhaontú Soláthair Rialtais (GPA)
Tá an soláthar cumhdaithe ag an gComhaontas Soláthair Rialtais: tá
IV.2)Faisnéis riaracháin
IV.2.1)Foilseachán roimhe seo maidir leis an nós imeachta seo
IV.2.2)Teorainn ama chun tairiscintí nó chun iarratais ar rannpháirtíocht a fháil
Dáta: 15/05/2017
IV.2.3)Dáta measta maidir le seoladh na gcuirí chun tairisceana nó chun rannpháirtíochta chuig iarrthóirí roghnaithe
IV.2.4)Teangacha inar féidir tairiscintí nó iarratais ar rannpháirtíocht a chur isteach:
Bulgáiris, Seicis, Danmhairgis, Gearmáinis, Gréigis, Béarla, Spáinnis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Cróitis, Ungáiris, Iodáilis, Liotuáinis, Laitvis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Slóvaicis, Slóivéinis, Sualainnis
IV.2.6)Fráma ama íosta nár mhór don iarrthóir an tairiscint a choinneáil lena linn
Ní foláir nó go mbeidh an tairiscint bailí go dtí: 15/11/2017
IV.2.7)Coinníollacha maidir le tairiscintí a oscailt
Dáta: 22/05/2017
Am áitiúil: 10:00
Láthair:

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, 12, rue Alcide de Gasperi, L-1615 Luxembourg, LUCSAMBURG.

Faisnéis faoi dhaoine údaraithe agus faoin nós imeachta oscailte:

Ní mór do thairgeoirí nó a n-ionadaí ar mian leo bheith i láthair ag oscailt na dtairiscintí é sin a chur in iúl do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i scríbhinn (facs (+352) 4398-46667, ríomhphost: ECA-procurement.service@eca.europa.eu) faoin 21.5.2017 (12:00) ar a dhéanaí, agus ní mór dóibh a n-údarú ón gcuideachta tairisceana a thaispeáint. Ní ligfear ach 1 ionadaí in aghaidh an tairgeora isteach.

Alt VI: Faisnéis chomhlántach

VI.1)Faisnéis faoi ateagmhas
Is soláthar ateagmhasach é seo: níl
VI.2)Faisnéis maidir le sreafa oibre leictreonacha
VI.3)Faisnéis bhreise:
VI.4)Nósanna imeachta athbhreithniúcháin
VI.4.1)Comhlacht athbhreithniúcháin
Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh
rue du Fort Niedergrünewald
Luxembourg
2925
Lucsamburg
Guthán: +352 4303-1
Facs: +352 4303-2100

Seoladh idirlín: http://curia.europa.eu/

VI.4.2)Comhlacht atá freagrach as nósanna imeachta idirghabhála
An tOmbudsman Eorpach
Strasbourg
67001
An Fhrainc
Guthán: +33 388172313

Seoladh idirlín: http://ombudsman.europa.eu/

VI.4.3)Nós imeachta athbhreithniúcháin
VI.4.4)Seirbhís ónar féidir faisnéis a fháil faoin nós imeachta athbhreithniúcháin
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an tSeirbhís Soláthair
12, rue Alcide de Gasperi
Luxembourg
1615
Lucsamburg
Guthán: +352 4398-47611
Ríomhphost: eca-procurement.service@eca.europa.eu
Facs: +352 4398-46955

Seoladh idirlín: http://www.eca.europa.eu

VI.5)Dáta seolta an fhógra seo:
15/03/2017