Cumhdófar leis an gcreatchonradh an táirgeadh ar éileamh, bunaithe ar riachtanais an úsáideora oibríochtaí, de na cúig chineál táirgí mapála tagartha:
• Mapáil thagartha iomlán: Táirgí sonraí veicteora ardtaifigh (HRVD - high resolution vector data) i dteannta le cúlra de chomhthéacs geografach, chomh maith le hionadaíocht ar limistéir inspéise arna iarraidh, lena n-áirítear hidreagrafaíocht, topagrafaíocht, cumhdach talún, bonneagar agus sonraí ábhartha daonra de réir Fhoclóir Sonraí Mapála Tagairtí (RMDD - reference mapping data dictionary). Cuimsítear leis an mapáil iomlán tagairtí 212 ghné-aicme (Limistéar: 105, Líne: 43, Pointe: 64): 204 de na 267 Clár Comhléiriúcháin Ilnáisiúnta Geospásúla (MGCP - multinational geospatial co-production program) móide ocht gcinn bhreise.
— Mapáil thagartha laghdaithe: Táirgí HRVD i dteannta le cúlra de chomhthéacs geografach, chomh maith le hionadaíocht ar limistéar inspéise arna iarraidh, lena n-áirítear línte cumarsáide, cumhdach talún, bonneagar agus sonraí ábhartha eile de réir fo-thacair den RMDD. Cuimsítear leis an táirge mapála tagartha laghdaithe 117 ngné-aicme (Limistéar: 60, Líne: 28, Pointe: 29): 112 de na 267 MGCP móide cúig cinn bhreise.
• Mapáil thagartha ar éileamh: Táirgí HRVD i dteannta le cúlra de chomhthéacs geografach, chomh maith le hionadaíocht ar limistéar inspéise arna iarraidh chomh maith le sraith theoranta de ghné-aicmí a shaineofar i ngach sainfhoirm iarratais táirge.
• Mapáil thagartha nuashonraithe: nuashonruithe ar tháirgí HRVD atá táirgthe cheana féin, bunaithe ar shonraíochtaí nua asbhainte agus ar íomhánna nua.
• Mapáil staide: Táirge HRVD a léiríonn limistéar inspéise iarrtha agus tacar áirithe de ghné-aicmí teoranta agus sainithe, arna dtiomsú agus arna seachadadh i bhformáid leabhair léarscáile.