Leis an soláthar seo cumhdaítear soláthar foirne agus trealaimh theicniúil chun speictream leathan de sheirbhísí closamhairc a sheachadadh.
Cuirfear na seirbhísí arna soláthar ag an gconraitheoir i gcrích go príomha i gcomhthéacs seirbhísí closamhairc 'laethúla' nó seirbhísí a bhaineann le cruinnithe mullaigh.
Anseo thíos tá meastacháin táscacha ar mhéid na seirbhísí atá tuartha le haghaidh cuid de na príomhphróifílí bunaithe ar oibríochtaí an GSC in 2015. Chun tuilleadh faisnéise agus meastacháin méide níos mionsonraithe le haghaidh na bpróifílí agus an trealaimh uile féach ar na doiciméid soláthair ag https://etendering.ted.europa.eu/cft/cft-display.html?cftId=1690
Is meastacháin amháin iad sin agus d'fhéadfadh athruithe suntasacha teacht orthu thar am. Ní féidir na meastacháin sin a fhorléiriú mar oibleagáid ar thaobh an údaráis chonarthachta seirbhísí a fháil dá réir.
Seirbhísí closamhairc laethúla (líon táscach na ndaonlaethanta in aghaidh na bliana maidir le sampla próifílí (nach bhfuil uileghabhálach)):
iriseoir-léiritheoir: 500;
iriseoir-stiúrthóir: 200;
eagarthóir deisce seomra nuachta: 220;
ceamaradóir: 1 000;
clos-oibreoir: 800;
eagarthóir físeán (ag obair i saoráidí eagarthóireachta na Comhairle): 500;
físeagarthóir grafach: 250;
bainisteoir na meán (ag obair in áitreabh na Comhairle): 220;
léiritheoir cúloifige (ag obair in áitreabh na Comhairle): 560;
bainisteoir pleanála (ag obair in áitreabh na Comhairle): 440;
fís-stiúrthóir (ilcheamara): 40;
bainisteoir sreabhaidh oibre dhigitigh 220;
oibreoir MCR: 350.
Tharlódh go mbeadh roinnt imeachtaí ar siúl ar an lá céanna. Bíonn imeachtaí ar siúl go príomha sa Bhruiséil, ach i Lucsamburg freisin (cruinnithe na Comhairle in Aibreán, Meitheamh agus Deireadh Fómhair). Ní foláir nó go mbeidh an conraitheoir in ann criúnna a sholáthar sa Bhruiséil laistigh de 2 uair ó aon iarratas. Tharlódh go mbeadh sé riachtanach timpeall ar 40 misean de chuid Uachtarán na Comhairle Eorpaí a thuairisciú lasmuigh den Bhruiséil (rannpháirtíocht i gcruinnithe mullaigh AE–tríú tíortha, G8, G20, srl).
Comhairlí Eorpacha (= cruinnithe mullaigh de cheannairí AE):
Tá 6 chruinniú mullaigh in aghaidh na bliana tuartha sa bhuntionscadal (san áireamh cheana i méideanna measta na bpríomhphróifíli). Bíonn na próifílí (daonlaethanta) agus trealamh a leanas ag teastáil le linn cruinniú mullaigh tipiciúil:
léiritheoir sinsearach: 2;
cúntóir léiriúcháin: 2;
fís-stiúrthóir sinsearach (ilcheamara): 2;
stiúrthóir fótagrafaíochta: 2;
saineolaí soilsithe: 2;
ceamaradóir: 12;
oibreoir Steadicam: 2;
oibreoir cúnta Steadicam: 2;
oibreoir craein (Jimíjip): 2;
oibreoir ciancheamara: 4;
clos-oibreoir: 8;
ceannaire ródaí: 2;
teicneoir cúnta (ródaí): 18;
ceannaire fuaime ródaí: 2;
oibreoir LSM: 4;
scáilitheoir: 2;
suiteáil/baint: 1 lá roimh an gcruinniú mullaigh — 1 lá dá éis;
ródaí: 2 lá;
soilsiú, 5 chrios: 2 lá;
2 LSM, Jimíjip, 2 cheamara HF, siúlscéalaí, 2 'hot heads': 2 lá;
foireann stiúideo teilifíse lena gcuimseofar fís-stiúrthóir ilcheamara, ealaíontóir smididh, oibreoir fuaime, oibreoir ciancheamara: 2 lá.