Treoir 2004/18/CE
Alt I: Údarás conarthachta
I.1)Ainm, seoltaí agus pointe/pointí teagmhálaAinm oifigiúil: An Coimisiún Eorpach
Seoladh poist: CSM 1 05/43
Baile: Ispra VA
Cód poist: 21027
Tír: An Iodáil
Teagmhálaí: An Oifig um Bonneagar agus Lóistíocht — An Bhruiséil
Le cur faoi bhráid: OIB.DR.2 Airgeadas agus Soláthar Poiblí
Ríomhphost: oib-marches-publics@ec.europa.eu
Teileafón: +32 22986989
Facs: +32 22960570
Seoladh/seoltaí idirlín:
Seoladh ginearálta an údaráis chonarthachta: http://ec.europa.eu
Seoladh phróifíl an cheannaitheora: http://ec.europa.eu/oib/procurement_fr.htm
Rochtain leictreonach ar fhaisnéis: https://etendering.ted.europa.eu/cft/cft-display.html?cftId=697
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó:
Mar atá sa phointe/sna pointí teagmhála thuasluaite
Is féidir sonraíochtaí agus doiciméid bhreise (lena n-áirítear doiciméid le haghaidh caidreamh iomaíoch agus córas ceannaigh dinimiciúil) a fháil ó:
Mar atá sa phointe/sna pointí teagmhála thuasluaite
Ní mór tairiscintí nó iarratais a sheoladh chuig:
Mar atá sa phointe/sna pointí teagmhála thuasluaite
I.2)An cineál údaráis chonarthachtaInstitiúid/gníomhaireacht Eorpach nó eagraíocht idirnáisiúnta
I.3)PríomhghníomhaíochtSeirbhísí poiblí ginearálta
I.4)Dámhachtain conartha thar ceann údaráis chonarthachta eileTá an t-údarás/t-aonán conarthachta ag ceannach thar ceann údaráis chonarthachta eile: níl
Alt II: Cuspóir an chonartha
II.1)Cur síos
II.1.1)Teideal tugtha don chonradh ag an údarás conarthachta:
Troscán agus fearas a sholáthar le haghaidh cóiríocht ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh (JRC) in Ispra VA, an Iodáil.
II.1.2)An cineál conartha agus láthair na n-oibreacha, láthair an tseachadta nó na feidhmíochtaSoláthairtí
Ceannachán
Príomhláthair nó suíomh na n-oibreacha, láthair an tseachadta nó na feidhmíochta: Ispra VA.
Cód NUTS ITC41 Varese
II.1.3)Faisnéis faoi chonradh poiblí, faoi chomhaontú creatlaí nó faoi chóras ceannaigh dinimiciúil (DPS)Is éard atá i gceist leis an bhfógra comhaontú creatlaí a chur ar bun
II.1.4)Faisnéis faoin gcomhaontú creatlaíComhaontú creatlaí le roinnt oibreoirí
Líon na rannpháirtithe sa chomhaontú creatlaí atá beartaithe: 3
Fad an chomhaontaithe creatlaí
Fad ina mhíonna: 48
Luach iomlán measta na gceannachán do thréimhse iomlán an chomhaontaithe creatlaí
Luach measta gan CBL san áireamh:
Raon: idir500 000 agus 600 000 EUR
II.1.5)Cur síos achomair ar an gconradh nó ar an gceannachán (ar na ceannacháin)
Is é aidhm an chonartha seo conradh ilchreatlaí leantach a dhéanamh chun troscán tí a sholáthar le haghaidh cóiríocht ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC), Ispra VA, an Iodáil. Is féidir an cineál troscáin atá á iarraidh agus na seirbhísí atá leagtha amach sa chuireadh seo chun tairisceana a fháil sna sonraíochtaí.
II.1.6)Foclóir comhchoiteann an tsoláthair (CPV)39140000 Domestic furniture, 39143000 Bedroom, dining room and living-room furniture, 39141000 Kitchen furniture and equipment
II.1.7)Faisnéis faoi Chomhaontú Soláthair Rialtais (GPA)Tá an conradh cumhdaithe ag an gComhaontas Soláthair Rialtais (GPA): tá
II.1.8)BeartaTá an conradh seo roinnte ina bhearta: níl
II.1.9)Faisnéis faoi mhalairtíGlacfar le malairtí: níl
II.2)Méid nó raon feidhme an chonartha
II.2.1)Cainníocht nó raon iomlán:Luach measta gan CBL san áireamh:
Raon: idir500 000 agus 600 000 EUR
II.2.2)Faisnéis faoi roghannaRoghanna: níl
II.2.3)Faisnéis faoi athnuachanaTá an conradh seo faoi réir ag athnuachan: níl
II.3)Fad an chonartha nó teorainn ama dá chur i gcríchFad ina mhíonna: 48 (ó dháta dámhachtana an chonartha)
Alt III: Faisnéis dhlíthiúil, eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil
III.1)Coinníollacha a bhaineann leis an gconradh
III.1.1)Éarlais agus rathaíochtaí riachtanacha:
III.1.2)Príomhchoinníollacha maoinithe agus socruithe íocaíochta agus/nó tagairt do na forálacha ábhartha arna rialú:
Íocaíocht ag 30 lá mar atá luaite i bhforálacha an dréachtchonartha atá ceangailte leis na sonraíochtaí.
III.1.3)Foirm dhlíthiúil le glacadh ag an ngrúpa oibreoirí eacnamaíocha a ndámhfar an conradh dó:
Ní mór do gach ball aonair den ghrúpáil na critéir neamheisiaimh a chomhlíonadh. Ní mór don ghrúpáil ina hiomláine na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh (féach pointe III.2.2 agus III.2.3) agus beidh na baill éagsúla den ghrúpáil faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir le feidhmiú an chonartha.
III.1.4)Coinníollacha áirithe eile a bhfuil feidhmiú an chonartha faoina réirTá feidhmíocht an chonartha faoi réir ag coinníollacha áirithe: níl
III.2)Coinníollacha rannpháirtíochta
III.2.1)Staid phearsanta na n-oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear riachtanais a bhaineann le rollú ar chláir ghairmiúla nó cheirdeFaisnéis agus foirmiúlachtaí is gá le fáil amach an bhfuil na riachtanais á gcomhlíonadh: ní mór don tairgeoir sonraí aitheantais a iniamh (féach ar Iarscríbhinn I.1 de na sonraíochtaí), mar aon leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis atá riachtanach faoi phointe III.2 'Coinníollacha le haghaidh rannpháirtíochta' den fhógra seo agus atá liostaithe in Iarscríbhinn I leis na sonraíochtaí.
Déanfaidh an tairgeoir fianaise dhoiciméadach a iniamh lena gcuimseofar ainm na tíre ina bhfuil a cheannoifig nó ina bhfuil sé ina chónaí, de réir mar atá riachtanach faoin dlí ina thír chónaithe.
Ní mór don tairgeoir dearbhú sollúnta a chur isteach a bheidh sínithe agus dátaithe go cuí ina bhfuil se luaite nach bhfuil sé i gcás ar bith a dhéanfadh é a eisiamh ó pháirt a ghlacadh i gconradh arna dhámhachtain ag an Aontas Eorpach. Ní foláir nó go mbeidh an dearbhú sollúnta i bhfoirm an teimpléid atá foilsithe ar an leathanach a leanas, ina iomláine: http://ec.europa.eu/oib/procurement_fr.htm
NB: ní mór don tairgeoir rathúil, ar phionós eisiaimh, an fhianaise dhoiciméadach a leanas a sholáthar mar thaca leis an dearbhú sollúnta roimh shíniú an chonartha:
— sliocht úrnua ón taifead breithiúnach, nó dá éagmais sin, doiciméad comhchosúil arna eisiúint le déanaí ag comhlacht breithiúnach nó riaracháin cuí sa tír ina bhfuil an tairgeoir ina chónaí, a dhearbhaíonn nach bhfuil sé féimheach nó á fhoirceannadh, nach bhfuil a ghnóthaí á riaradh ag an gcúirt, nach bhfuil socrú beartaithe aige le creidiúnaithe agus nár chuir sé gníomhaíochtaí gnó ar fionraí, nach bhfuil sé ina ábhar imeachtaí a bhaineann leis na cúrsaí seo, agus nach bhfuil sé i gcor dlúthchosúil ag éirí as nós imeachta comhchosúil faoi dhlíthe nó rialacháin náisiúnta,
— sliocht úrnua ón taifead breithiúnach, nó dá éagmais sin, doiciméad comhchosúil arna eisiúint le déanaí ag comhlacht breithiúnach nó riaracháin cuí sa tír ina bhfuil an tairgeoir ina chónaí, lena sonraítear nár ciontaíodh é i gcion maidir lena iompar gairmiúil faoi bhreithiúnais a bhfuil fórsa res judicata ag baint leis agus nach raibh sé ina ábhar breithiúnais a bhfuil fórsa res judicata ag baint leis maidir le calaois, caimiléireacht, baint le heagraíocht choiriúil ná le gníomh mídhleathach ar bith eile a bheadh díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais,
— teastas úrnua eisithe ag comhlacht cuí sa tír ina bhfuil an tairgeoir ina chónaí, ag maíomh gur chomhlíon sé a chuid oibleagáidí maidir le híoc ranníocaíochtaí slándála sóisialaí,
— teastas úrnua eisithe ag comhlacht cuí sa tír ina bhfuil an tairgeoir ina chónaí, a dhearbhaíonn gur chomhlíon sé oibleagáidí maidir le híocaíocht cánacha (cánacha díreacha agus CBL) de réir fhorálacha dlí na tíre thuasluaite.
Nuair nach n-eisítear doiciméid nó teastais den sórt sin sa tír bhainteach, glacfar le ráiteas faoi mhionn ina n-áit nó, dá éagmais sin, le dearbhú sollúnta déanta ag an tairgeoir os comhair comhlacht breithiúnach nó riaracháin, nótaire nó comhlacht ceirde cáilithe sa tír sin.
NB: ní mór do ghrúpálacha an dearbhú sollúnta a sholáthar maidir le gach ball aonair, mar aon le doiciméid thacúla agus faisnéis thacúil má dhámhfar an conradh dóibh.
III.2.2)Cumas eacnamaíoch agus airgeadaisFaisnéis agus foirmiúlachtaí is gá le fáil amach an bhfuil na riachtanais á gcomhlíonadh: ní mór don tairgeoir na nithe seo a leanas a sholáthar:
— cóip de na ráitis airgeadais (cláir chomhardaithe agus cuntais oibríochtúla) le haghaidh an 2 bhliain airgeadais seo a chuaigh thart, ina dtaispeántar an brabús bliantúil roimh cháin. Mura bhfuil an tairgeoir, ar fháth bailí éigin, in ann iad a sholáthar, ní mór dó ráiteas a iniamh i leith brabús bliantúil roimh cháin le haghaidh an 2 bhliain roimhe sin. Má thaispeántar meánchaillteanas ar na ráitis airgeadais nó an dearbhú thar thréimhse an 2 bhliain seo a chuaigh thart, beidh ar an tairgeoir doiciméad eile a sholáthar mar chruthúnas ar a chumas airgeadais agus eacnamaíoch, amhail ráthaíocht iomchuí ó thríú páirtí (m.sh. an mháthairchuideachta), nó ráitis ó iniúchóirí, cuntasóirí cairte nó a gcoibhéis,
— ráiteas faoin láimhdeachas bliantúil foriomlán a réadaíodh i rith an 2 bhliain airgeadais seo a chuaigh thart.
Íosleibhéal caighdeán (íosleibhéil chaighdeán) a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil: le bheith roghnaithe, ní mór don iarrthóir cruthúnas a sholáthar ar mheánláimhdeachas bliantúil 100 000 EUR ar a laghad le haghaidh an 2 bhliain airgeadais seo a chuaigh thart.
III.2.3)Cumas teicniúilFaisnéis agus foirmiúlachtaí is gá le fáil amach an bhfuil na riachtanais á gcomhlíonadh:
ní mór don tairgeoir na nithe seo a leanas a sholáthar:
— cruthúnas ar thaithí 2 bhliain ar a laghad ar réimse an chuiridh chun tairisceana seo. D'fhéadfaí é a chruthú le cóip den iontráil ar an gclár gairmiúil agus cuideachtaí (CCIAA), de réir fhorálacha an Stáit ina bhfuil cónaí air. Le haghaidh cuideachtaí atá lonnaithe san Iodáil, is leor an CCIAA.
Maidir leis an 2 bhliain seo a chuaigh thart, liosta díolachán (conarthaí poiblí nó príobháideacha) a bhaineann leis an gconradh le haghaidh troscán árasáin. Áireofar ar an liosta sin cineál an troscáin, an méid, an dáta agus ainm an fhaighteora phoiblí nó phríobháidigh a bhí i gceist.
Íosleibhéal caighdeán (íosleibhéil chaighdeán) a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil:
— lena roghnófaí é, ní mór don tairgeoir liosta a sholáthar de 10 ndíolachán ar a laghad (conarthaí poiblí nó príobháideacha) a bhaineann leis an gconradh le haghaidh troscán árasáin; ní mór 1 000 EUR ar a laghad a bheith mar luach gach díolacháin.
III.2.4)Faisnéis faoi chonarthaí forchoimeádta
III.3)Coinníollacha ar leith le haghaidh conarthaí seirbhíse
III.3.1)Faisnéis faoi ghairm ar leith
III.3.2)An fhoireann atá freagrach as feidhmiú na seirbhíse
Alt IV: Nós imeachta
IV.1)An cineál nós imeachta
IV.1.1)An cineál nós imeachtaOscailte
IV.1.2)Teorainneacha ar líon na n-oibreoirí a dtabharfar cuireadh chun tairisceana nó chun rannpháirtíochta dóibh
IV.1.3)Líon na n-oibreoirí a laghdú le linn na hidirbheartaíochta nó an chaidrimh
IV.2)Critéir dámhachtana
IV.2.1)Critéir dámhachtanaPraghas is ísle
IV.2.2)Faisnéis faoi cheant leictreonachBainfear úsáid as ceant leictreonach: níl
IV.3)Faisnéis riaracháin
IV.3.1)Uimhir thagartha an chomhaid tugtha ag an údarás conarthachta:
OIB.DR.2/PO/2014/079/641.
IV.3.2)Foilseachán (foilseacháin) roimhe seo a bhaineann leis an gconradh céannaníl
IV.3.3)Coinníollacha chun sonraíochtaí agus doiciméid bhreise nó cáipéis thuairisciúil a fháildoiciméid iníoctha: níl
IV.3.4)Teorainn ama chun tairiscintí nó chun iarratais ar rannpháirtíocht a fháil20.3.2015 - 17:30
IV.3.5)Dáta seolta na gcuirí chun tairisceana nó chun rannpháirtíochta chuig iarrthóirí roghnaithe
IV.3.6)Teanga(cha) inar féidir tairiscintí nó iarratais ar rannpháirtíocht a dhréachtúTeanga oifigiúil ar bith de chuid an AE
IV.3.7)Fráma ama íosta nár mhór don iarrthóir an tairiscint a choinneáil lena linnFad ina mhíonna: 6 (ón dáta tugtha le haghaidh tairiscintí a fháil)
IV.3.8)Coinníollacha maidir le tairiscintí a oscailtDáta: 27.3.2015 - 10:00
Láthair:
An Oifig um Bonneagar agus Lóistíocht — An Bhruiséil (OIB), Foirgneamh CSM 1, cours Saint-Michel 1 (bealach isteach via rue Père de Deken 23), 1040 an Bhruiséil, AN BHEILG.
Daoine údaraithe le bheith i láthair ag oscailt na dtairiscintí: tá
Faisnéis bhreise faoi dhaoine údaraithe agus faoin nós imeachta oscailte: Is féidir le 1 ionadaí arna údarú go cuí freastal ar oscailt na dtairiscintí (ní mór pas nó cárta aitheantais a thaispeáint). Ní mór do thairgeoirí ar mian leo freastal an tAonad OIB.DR.2 Airgeadas agus Soláthar Poiblí a chur ar an eolas, i scríbhinn, tráth nach déanaí ná 2 lá oibre roimh an seisiún le haghaidh tairiscintí a oscailt (féach sonraí an tseolta atá tugtha i bpointe I.1).
Alt VI: Faisnéis chomhlántach
VI.1)Faisnéis faoi ateagmhas
VI.2)Faisnéis faoi Chistí an Aontais EorpaighBaineann an conradh le tionscadal nó le clár arna mhaoiniú ag cistí an Aontais Eorpaigh nó an dá rud: níl
VI.3)Faisnéis bhreise
1) Beidh na sonraíochtaí agus na doiciméid bhreise (lena n-áirítear ceisteanna agus freagraí) ar fáil ag an seoladh gréasáin a leanas: https://etendering.ted.europa.eu/cft/cft-display.html?cftId=697
Tugtar cuireadh do pháirtithe ar spéis leo é clárú tríd an láithreán gréasáin. Cuirfear in iúl dóibh ansin tríd an gcóras soláthair phoiblí ar líne maidir le haon nuashonruithe atá ar fáil don chuireadh seo chun tairisceana. Iarrtar ar pháirtithe nach bhfuil cláraithe ar an láithreán breathnú air go rialta. Ní bheidh an Coimisiún freagrach mura bhfuil tairgeoirí ar an eolas faoi aon fhaisnéis bhreise i dtaca leis an gcuireadh seo chun tairisceana atá tugtha ar an láithreán Gréasáin sin
Déanfar an láithreán Gréasáin a nuashonrú go rialta agus is iad na tairgeoirí atá freagrach as nuashonruithe agus athruithe a sheiceáil i rith thréimhse na tairisceana.
Is féidir faisnéis bhreise faoi théarmaí conartha, athnuachaintí conartha, coinníollacha rannpháirtíochta, íosleibhéil cumais atá riachtanach, méid measta iomlán an chonartha, srl a fháil sna sonraíochtaí atá ar fáil ar an láithreán gréasáin réamhluaite. Ní eiseofar leagan páipéir. Arna dheimhniú mar EMAS ó 2005, glacann an OIB dearcadh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Is scéim éiceabhainistíochta agus iniúchta atá in EMAS, ionstraim dheonach an AE a úsáideann eagraíochtaí chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú.
2) Tá cuairt roghnach ar an láithreán beartaithe de réir na nósanna imeachta atá tugtha sa litir um chuireadh chun tairisceana.
3) Le haghaidh faisnéis bhreise a fháil maidir le páirt a ghlacadh i gcuirí chun tairisceana agus maidir le seicheamh na nósanna imeachta maidir le soláthar poiblí ag an OIB, féach an 'Treoir do thairgeoirí' agus an bróisiúr 'Gnó a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach', atá ar fáil tríd an nasc: http://ec.europa.eu/oib/procurement_fr.htm
VI.4)Nósanna imeachta achomhairc
VI.4.1)Comhlacht atá freagrach as nósanna imeachta achomhairc VI.4.2)Achomhairc a dhéanamhFaisnéis chruinn faoi spriocdháta(í) chun achomhairc a dhéanamh: laistigh de 2 mhí ó chuirtear fógra chuig an ngearánaí nó, dá éagmais sin, ón lá a fuair sé fios air. Ní chuirfear an tréimhse sin ar fionraí mar thoradh ar ghearán chuig an Ombudsman Eorpach ná ní chuirfear tréimhse nua ar siúl chun achomhairc a dhéanamh.
VI.4.3)Seirbhís ónar féidir faisnéis a fháil faoi achomhairc a dhéanamh
VI.5)Dáta seolta an fhógra seo:22.1.2015