Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh

Fógra dlíthiúil

Forléargas

Tá an t-eolas ar an suíomh gréasáin seo faoi réir Séanadh, Fógra cóipchirt agus rialacha maidir le ráiteas príobháideachais faoi Do shonraí pearsanta a chosaint.

Séanadh

Is é is cúis leis na suíomhanna gréasáin TED, TED eNotices2, Doiciméid TED d’Fhorbróirí agus Tairseach Forbróirí TED (córas SIMAP anseo feasta) a bheith ann rochtain níos fearr a thabhairt don phobal ar eolas maidir le tairiscintí poiblí san Aontas Eorpach, chomh maith le feabhas a chur ar bhainistiú na nósanna imeachta tairisceana. Féachaimid le gach faisnéis a choimeád cothrom le dáta agus cruinn, agus nuair a chuirtear earráidí ar ár súile dúinn, féachaimid lena gceartú.

Ní ghlacann an Coimisiún le freagracht nó le dliteanas ar bith, áfach, maidir leis an bhfaisnéis atá ar na suíomhanna gréasáin seo, mar atá:

  • faisnéis ghinearálta amháin, nár cuireadh ar fáil chun dul i gceann na ndálaí sonracha a bhaineann le haon duine nó eintiteas ar leith
  • ní gá go mbeadh sí cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta
  • faisnéis a mbíonn nasc aici uaireanta le suíomhanna eile nach dtagann faoi rialú Oifig na bhFoilseachán agus nach nglacann sí le freagracht ar bith astu
  • ní comhairle ghairmiúil ná dhlíthiúil atá inti (má theastaíonn comhairle shonrach uait, ba cheart duit dul i gcomhairle le duine gairmiúil a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige).

Tabhair faoi deara nach gá gur macasamhail bheacht téacs a bhfuil glactha go hoifigiúil leis aon doiciméad a fhaightear ar líne. Ní mheastar a bheith barántúil ach fógraí tairiscintí poiblí atá sínithe go leictreonach agus a fhoilsítear san Fhorlíonadh d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Go dtí 31.12.2021 foilsíodh iad sin in eagráin DVD-ROM d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ón 1.1.2022 i leith, déantar eagráin laethúla an Fhorlíonta a ionghabháil sa stóras fadtéarmach um chaomhnú digiteach atá ag Oifig na bhFoilseachán.

Ní féidir linn a ráthú go ndéanann an t-eolas geografach a léirítear ar TED macasamhail bheacht de na gnéithe geografacha a gcuirtear síos orthu i dtéacsanna atá glactha go hoifigiúil. Ní mheastar a bheith barántúil ach reachtaíocht de chuid an Aontais a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Féachaimid le cur isteach ó earráidí teicniúla a íoslaghdú. D'fhéadfadh sé, áfach, gur cruthaíodh nó gur leagadh amach cuid de na sonraí atá ar an suíomh gréasáin seo i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráid, agus nílimid in ann a ráthú nach gcuirfidh na hearráidí sin isteach ar an tseirbhís ná nach gcuirfidh siad stop léi. Ní ghlacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht as fadhbanna a thagann as úsáid a bhaint as an suíomh seo nó as aon suíomhanna seachtracha atá nasctha leis.

Níl an séanadh seo ceaptha teorainn a chur le dliteanas Oifig na bhFoilseachán de shárú ar aon cheanglas atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme, ná a dliteanas a eisiamh maidir le hábhair nach féidir a eisiamh faoin dlí sin.

Do shonraí pearsanta a chosaint

Do shonraí pearsanta a chosaint: Eolas ginearálta

Nuair a sheolann tú ríomhphost chuig ceann de na boscaí poist feidhmiúla a bhaineann leis an suíomh gréasáin trí fheidhm na teachtaireachta, ní bhailítear do shonraí pearsanta ach sa mhéid is gá chun freagra a thabhairt agus ní úsáidfear é ach chun freagra a thabhairt ar d’iarratas.

Má tá ceist ar bith agat maidir le próiseáil do ríomhphoist agus na sonraí pearsanta a bhaineann léi, ná bíodh aon drogall ort iad a chur isteach le do theachtaireacht.

Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseáil sin le fáil sa ráiteas príobháideachais tiomnaithe anseo: op.europa.eu/ga/web/about-us/legal-notices/helpdesk.

Tá eolas níos mionsonraithe faoi do shonraí pearsanta a chosaint maidir leis na hoibríochtaí próiseála

le fáil sna rannáin thíos.


Do shonraí pearsanta a chosaint: Clárú úsáideora do shuíomh gréasáin TED

Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála ‘Clárú úsáideora do shuíomh gréasáin TED’ a fheidhmíonn aonad C.3 ‘TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh’, aonad de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

Cén fáth agus cén dóigh a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn aonad C.3 ‘TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh’ na hOifige Foilseachán do chuid eolais phearsanta agus baineann sé úsáid as nuair a chláraíonn tú leis an suíomh gréasáin Tenders Electronic Daily, ted.europa.eu, chun leas a bhaint as na hardseirbhísí seo a leanas:

  • rochtain a fháil ar gach ábhar in TED, an chartlann san áireamh,
  • próifílí cuardaigh pearsantaithe a chruthú, de réir do chuid riachtanas,
  • foláirimh ríomhphoist a fháil bunaithe ar do phróifílí cuardaigh,
  • fothaí RSS pearsanaithe a úsáid ar do shuíomhanna gréasáin agus léitheoirí RSS,
  • rochtain a fháil ar an ngné aistriúcháin uathoibríoch le haghaidh gach fógra.

Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a phróiseálann na sonraí freisin i dtaca le comórtais nó comórtais a chur i bhfeidhm.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

  • is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó le linn feidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;
  • is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir;
  • • agus trí do shonraí a chur ar fáil nuair a chruthaíonn tú próifíl úsáideora nó nuair a ghlacann tú páirt i gcomórtas, thoiligh tú, mar ábhar sonraí, le do shonraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch sin.

Bunúis dlí bhreise atá leis an bpróiseáil:

  • Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2015 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha le haghaidh foilsiú fógraí i réimse an tsoláthair phoiblí
  • Treoir 2014/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain
  • Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis an soláthar poiblí
  • Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis an soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist
  • Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh

Ina theannta sin, na dlíthe is infheidhme maidir le hearnálacha sonracha.

Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn aonad C.3 ‘TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh’ na hOifige Foilseachán na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:

Sonraí éigeantacha:

  • Seoladh ríomhphoist
  • tír
  • rogha teanga

Sonraí roghnacha: Ainm agus sloinne; nótaí beathaisnéise; ceantar.

Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn aonad C.3 “TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh” na hOifige Foilseachán do shonraí pearsanta ach ar feadh na tréimhse is gá chun sonraí a bhailiú nó chun tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu, is é sin a fhad agus a bhaintear úsáid ghníomhach astu. Má bhíonn do chuntas neamhghníomhach ar feadh trí mhí, cuirfimid teachtaireacht chugat le hinsint duit go scriosfar do chuntas má bhíonn sé neamhghníomhach ar feadh 30 lá eile. Mura mbíonn aon ghníomhaíocht eile i do chuntas laistigh den 30 lá seo, déanfar é a scriosadh go huathoibríoch.

I gcás comórtas, scriosfar do shonraí pearsanta 6 mhí tar éis dheireadh an chomórtais, ach amháin má bhíonn tú i measc na mbuaiteoirí. Sa chás sin, is féidir go dtaispeánfar an t-eolas fút ar TED nó ar shuíomhanna gréasáin eile de chuid an Aontais.

Cén dóigh a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach sonrach maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’) Rialachán (AE) 2016/679.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, ní dhéantar cead rochtana ar na sonraí pearsanta a thabhairt ach do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe, baill foirne conraitheora san áireamh, de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

An conraitheoir atá páirteach sa phróiseáil: ARHS Spikeseed S.A., 13, Boulevard du Jazz, 4370 Belvaux, Lucsamburg, conradh AO 10818 (go dtí Márta 2027).

Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagal 14 go hAirteagal 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. Nuair is infheidhme, tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agus tá an ceart agat maidir le hiniomparthacht sonraí.

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).

Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil d’aonad C.3 ‘TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh’ na hOifige Foilseachán le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don rialaitheoir sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás coinbhleachta, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tugtar a shonraí teagmhála sa rannán ‘Do shonraí pearsanta a chosaint: Sonraí teagmhála’.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí Taifid mar atá sonraithe faoin gCeannteideal ‘Tuilleadh eolais’ thíos) i d'iarratas.

Tuilleadh eolais

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00452.


Do shonraí pearsanta a chosaint: Fógraí TED

Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála ‘Fógraí TED’ a fheidhmíonn aonad C.3 ‘TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh’, aonad de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

Cén fáth agus cén dóigh a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn aonad C.3 ‘TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh’ na hOifige Foilseachán do chuid eolais phearsanta agus baineann sé úsáid as agus glaonna á bhfoilsiú acu ar thairiscintí údarás conarthacha (institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, údaráis phoiblí i mBallstáit an Aontais Eorpaigh nó, i gcásanna áirithe, i dtríú tíortha) maille lena sonraí teagmhála, chomh maith le dámhachtain tairiscintí á bhfógairt acu do thairgeoirí ar éirigh leo, mar aon le sonraí teagmhála na dtairgeoirí, ar shuíomh gréasáin Tenders Electronic Daily, ted.europa.eu. Tá gá le sonraí teagmhála na n-údarás conarthacha agus na dtairgeoirí ar éirigh leo le go bhféadfaí nósanna imeachta tairisceana a chur i bhfeidhm mar is ceart, agus i gcásanna áirithe, bíonn sonraí pearsanta iontu. Úsáideann seirbhís TED na sonraí pearsanta freisin chun teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis chonarthacha nuair is gá, agus chun nasc chuig na fógraí foilsithe a chur chucu mar chruthúnas ar an bhfoilsiú.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

  • is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó le linn feidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais; agus
  • is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

Bunúis dlí bhreise atá leis an bpróiseáil:

  • Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha maidir le foilsiú fógraí i réimse an tsoláthair phoiblí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 (ríomhfhoirmeacha)
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2015 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha le haghaidh foilsiú fógraí i réimse an tsoláthair phoiblí
  • Treoir 2014/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain
  • Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis an soláthar poiblí
  • Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis an soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist
  • Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh

Ina theannta sin, na dlíthe is infheidhme maidir le hearnálacha sonracha.

Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, d’fhéadfadh aonad C.3 ‘TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh’ na hOifige Foilseachán na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas a bhailiú:

Fógraí conartha:

  • Teagmhálaí (teideal poist an duine nó an t-ainm agus an sloinne),
  • seoladh oifige,
  • seoladh ríomhphoist gairmiúil,
  • suíomh gréasáin gairmiúil,
  • uimhir theileafóin na hoifige,
  • uimhir facs na hoifige,
  • ainm chomhalta an ghiúiré nó ainm an rannpháirtí i gcomórtas deartha.

Fógraí faoi dhámhachtain conartha:

  • ainm an fhorthairgeora nó ainm an chonartha (eintiteas nó an duine féin i gcásanna sonracha),
  • teagmhálaí (teideal poist an duine nó an t-ainm agus an sloinne),
  • seoladh oifige,
  • seoladh ríomhphoist gairmiúil,
  • suíomh gréasáin gairmiúil,
  • uimhir theileafóin na hoifige,
  • uimhir facs na hoifige.

Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn aonad C.3 “TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh” na hOifige Foilseachán do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun cuspóir a mbailithe a chomhlíonadh nó chun próiseáil bhreise a dhéanamh orthu, i.e. ar feadh 10 mbliana ar shuíomh idirlín TED. Ina dhiaidh sin, déantar cartlannú ar na fógraí chun críocha stairiúla i gcartlann inmheánach príobháideach.

Cén dóigh a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach sonrach maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’) Rialachán (AE) 2016/679.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, ní dhéantar cead rochtana ar na sonraí pearsanta a thabhairt ach do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe, baill foirne conraitheora san áireamh, de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagal 14 go hAirteagal 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. Nuair is infheidhme, tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agus tá an ceart agat maidir le hiniomparthacht sonraí.

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás coinbhleachta, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tugtar a shonraí teagmhála sa rannán ‘Do shonraí pearsanta a chosaint: Sonraí teagmhála’.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí Taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal ‘Tuilleadh eolais’ thíos) i d’iarratas.

Tuilleadh eolais

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00453.


Do shonraí pearsanta a chosaint: Sonraí teagmhála

  • An Rialaitheoir Sonraí maidir leis na hoibríochtaí próiseála, Clárú úsáideora do shuíomh gréasáin TED agus fógraí TED
    • Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, aonad C.3 ‘TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh’ na hOifige Foilseachán, info@publications.europa.eu.
  • Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin
    • Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do chuid sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
    • Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.