Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh

Doiciméad aonair Eorpach maidir le soláthar

Cé a úsáideann ESPD-EDM?

Tá an Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar – Samhail Sonraí Malartaithe (ESPD-EDM) ar fáil d’fhorbróirí córais faisnéise ar mian leo Seirbhís ESPD a fhorbairt chun sonraí soláthair phoiblí a mhalartú nó a úsáid.

Cad é atá i gceist leis?

Déanann ESPD-EDM, arna fhorbairt agus arna bhainistiú ag Oifig na bhFoilseachán, treoir a thabhairt d’fhorbróirí maidir le seirbhísí a tháirgeadh lena ndéantar an Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar (ESPD) a bhainistiú, ar seirbhísí iad a chomhlíonann na dlíthe agus na treoracha is gá a dhéanann difear don soláthar poiblí.

Cé na buntáistí a bhaineann leis?

Is foirm ar líne é an Doiciméad Aonair Eorpach maidir le Soláthar (ESPD) a úsáideann Údaráis Chonarthacha an Aontais (ceannaitheoirí), agus Oibreoirí Eacnamaíocha (soláthróirí), chun incháilitheacht soláthraithe seirbhísí a bhunú. Cumhdaítear leis critéir roghnúcháin agus forais eisiaimh d’eintitis a bhfuil sé beartaithe acu seirbhísí agus earraí a sholáthar. Soláthraíonn an ceannaitheoir na critéir, agus cruthaíonn an soláthróir incháilitheacht trí fhreagra a thabhairt orthu sin. Fágann sin gur féidir am agus iarracht riaracháin a shábháil go suntasach.

Baineann ceannaitheoirí agus soláthróirí a úsáideann an caighdeán seo leas as malartú sonraí simplithe níos tapúla. Soláthraithe seirbhíse san earnáil phríobháideach nó an earnáil phoiblí a fhorbraíonn a gcuid seirbhísí ar ESPD-EDM, déanann siad na seirbhísí a sholáthraíonn siad dá n-úsáideoirí a shaibhriú trí na malartuithe sin a éascú ar leibhéal na mBallstát.

Cén fáth ar cheart dom Oifig na bhFoilseachán a úsáid le haghaidh na seirbhíse seo?

Cé go bhféadfadh roinnt Ballstát samhlacha breise a chur ar fáil lena n-úsáid ar an leibhéal náisiúnta, níl aon chaighdeáin mhalartacha nó iomaíocha ar fáil ar leibhéal na hEorpa.

An bhfuil aon réamhriachtanais nó srianta ann?

Tá na caighdeáin sin agnóisíoch ó thaobh na n-ardán de, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon réamhriachtanais ná srianta sonracha ann chun iad a úsáid.

Cén chaoi ar féidir liom an tseirbhís seo a iarraidh?

Tá ESPD-EDM, arna táirgeadh ag Oifig na bhFoilseachán, ar fáil go poiblí ar GitHub. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas rochtain a fháil ar na caighdeáin seo agus iad a úsáid, is féidir leat breathnú ar ár suíomh gréasáin cáipéisíochta docs.ted.europa.eu

Má bhíonn ceisteanna agat, déan teagmháil le: OP-TED-HELPDESK@publications.europa.eu

Cé a choinníonn an tseirbhís seo ar bun?

Is í Oifig Foilseachán an Choimisiúin Eorpaigh a choinníonn ESPD-EDM ar bun.