Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh
Soláthar poiblí Eorpach
Beartais
Is í an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna (AS GROW) a cheapann beartais maidir le soláthar poiblí Eorpach
Le treoracha an Aontais maidir le soláthar poiblí, arb iad a chroíphrionsabail trédhearcacht, iomaíocht oscailte agus bainistíocht fhónta nós imeachta, cumhdaítear tairiscintí a meastar gur fiú níos mó ná tairseach ar leith iad. Tá siad ceaptha chun margadh soláthair a bhaint amach atá iomaíoch, oscailte agus dea-rialáilte – rud atá riachtanach chun úsáid mhaith a bhaint as cistí poiblí.
Forlíonadh le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
Ní mór gach tairiscint phoiblí os cionn luachanna sonracha conartha a fhoilsiú san Fhorlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith S, Iris Oifigiúil S nó IO S) agus ní mór iad a fhoilsiú ar fud an Aontais.
Is i bhformáid leictreonach amháin atá Iris Oifigiúil S ar fáil, ar shuíomh gréasáin TED. Is féidir leat TED a rochtain saor in aisce.
Sa bhreis ar thairiscintí reatha, le bunachar sonraí TED is féidir rochtain a fháil ar chartlanna shraith S i dteangacha uile an Aontais. A bhuí le comhéadan cuardaigh aonair féadfaidh an t-úsáideoir critéir éagsúla cuardaigh a chur síos nó a roghnú, sonraí geografacha, an saghas doiciméid, an saghas conartha, eochairfhocail agus a thuilleadh ina measc.
Tairseacha
Na tairseacha luacha conartha ar os a gcionn nach mór cuireadh chun tairisceana a fhoilsiú ar fud an Aontais, tá siad leagtha síos i dtreoracha an Aontais. Sa tábla seo a leanas tugtar achoimre ar luach an chonartha (na tairseacha) a bhfuil feidhm aige ag brath ar chineál an chonartha, ar an earnáil nó ar an gcineál ceannaitheora atá i gceist:
| An Cineál Conartha | Tairseach 2024-2025 | Tairseach 2026-2027 |
|---|---|---|
| Seirbhísí agus soláthairtí d’údaráis rialtais láir | EUR 143,000 | EUR 140,000 |
| Seirbhísí agus soláthairtí d’údaráis rialtais fo-láir | EUR 221,000 | EUR 216,000 |
| Seirbhísí agus soláthairtí d’fhóntais | EUR 443,000 | EUR 432,000 |
| Oibreacha poiblí | EUR 5,538,000 | EUR 5,404,000 |
Is féidir eolas níos mionsonraithe faoi thairseacha a fháil ar leathanach na hArd-Stiúrthóireachta um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna de chuid an Choimisiúin Eorpaigh (AS GROW).
Cad a fhoilsítear san Fhorlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh?
Tá roinnt céimeanna i gceist le gach nós imeachta soláthair phoiblí. Ag brath ar an mbunús dlí agus ar an gcineál nós imeachta, foilsítear fógra amháin nó níos mó (fógraí) sa leagan ar líne den Fhorlíonadh d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (TED).
Bíonn comórtas ag baint leis na nósanna imeachta is mó a úsáidtear, a chuireann tairgeoirí féideartha ar an eolas faoin nós imeachta agus faoin gcaoi a gcuirfear i gcrích é, agus fógra faoi dhámhachtain conartha ina bhfógraítear toradh an nós imeachta amhail na soláthróirí ar éirigh leo conradh a shíniú leis an gceannaitheoir poiblí. I measc na gcineálacha eile fógraí tá fógraí pleanála, fógraí dámhachtana díreacha, comórtais deartha agus modhnuithe ar chonarthaí, chomh maith le hathruithe ar gach cineál fógra.
Foilsíonn raon leathan ceannaitheoirí poiblí a bhfógraí ar TED, lena n-áirítear údaráis lárnacha, réigiúnacha, áitiúla agus idirnáisiúnta, chomh maith le comhlachtaí eile, gnóthais phoiblí agus eagraíochtaí atá á rialú nó á bhfóirdheonú ag na húdaráis sin.
Gach bliain foilsíonn údaráis phoiblí san Aontas seirbhísí, conarthaí soláthair agus conarthaí oibreacha poiblí ar fiú thart ar €815 bhilliún iad agus foilsíonn an Forlíonadh don Iris Oifigiúil níos mó ná 3,000 cuireadh chun tairisceana, dámhachtainí conartha agus fógraí eile gach lá oibre.
Tagann fógraí a fhoilsítear ar TED ó na bunúis dlí agus na hearnálacha seo a leanas:
- Conarthaí poiblí ginearálta le haghaidh oibreacha, soláthairtí agus seirbhísí (Treoir 2014/24/AE)
- Soláthar ag eintitis atá ag oibriú in earnáil an uisce agus earnáil an fhuinnimh, in earnáil an iompair agus earnáil na seirbhísí poist (Treoir 2014/25/AE)
- Lamháltais (Treoir 2014/23/AE)
- Soláthar i réimsí na cosanta agus na slándála (Treoir 2009/81/CE)
- Seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar (Rialachán (CE) 1370/2007)
- Soláthar ó bhaill an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch nach den Aontas iad (an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin) (Cinneadh 94/1/CE, CEGC) agus ón Eilvéis (Cinneadh 2002/309/CE, Euratom)
- Soláthar ó thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas
- Soláthar ó institiúidí de chuid an Aontais (Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509) agus ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) (Cinneadh (AE) 2016/245)
- Tionscadail atá á maoiniú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ag Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa (BCE)
- Clárúcháin ghnó maidir le Cuideachtaí Eorpacha (Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001), Comharchumainn Eorpacha (Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003) agus Grúpálacha Eorpacha um Leas Eacnamaíoch (Rialachán (CEE) Uimh. 2137/85)
- Reachtaíocht eile a úsáideann fógraí soláthair chun monatóireacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme, an Treoir maidir le Feithiclí Glana (Treoir 2009/33/CE), an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha (Rialachán (AE) 2022/2560), an Ionstraim um Sholáthar Idirnáisiúnta (Rialachán 2022/1031) agus an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (Treoir (AE) 2023/1791) ina measc
Nóta
Ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann, ní féidir le húdaráis chonarthacha ná le heintitis chonarthacha na Ríochta Aontaithe fógraí soláthair a fhoilsiú ar TED a thuilleadh. Is amhlaidh atá toisc nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag rialacha an Aontais Eorpaigh i ndáil le soláthar poiblí maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh di.
Fógraí soláthair a bhaineann le nósanna imeachta a foilsíodh faoin 31 Nollaig 2020, foilseofar ar TED iad go fóill toisc nach mór d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha na Ríochta Aontaithe dlí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm go fóill maidir le nósanna imeachta atá ar siúl (i.e. iad siúd a foilsíodh faoin 31 Nollaig 2020). Dá bhrí sin, ní mór dóibh a bhfógraí ábhartha (e.g. fógraí faoi cheartúcháin, fógraí faoi dhámhachtain conarthaí, fógraí faoi mhodhnú conartha) a sheoladh chuig TED.

