Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh

Ointeolaíocht an ríomhsholáthair

Cé a úsáideann í?

Tá Ointeolaíocht an Ríomhsholáthair ar fáil go poiblí d’úsáideoirí ar mian leo sonraí soláthair phoiblí a phróiseáil nó a thomhailt, e.g. forbróirí córas faisnéise nó anailísithe sonraí.

Cad é atá i gceist léi?

Ointeolaíocht an Ríomhsholáthair, arna forbairt agus arna bainistiú ag Oifig na bhFoilseachán, coinníonn sí téarmaí, sainmhínithe agus caidreamh comhsheasmhacha i sonraí soláthair. Cinntítear léi go n-úsáideann gach eintiteas a phróiseálann sonraí soláthair phoiblí iad go comhsheasmhach.

Cad iad na buntáistí a chuireann sí ar fáil?

Soláthraítear le hOinteolaíocht an Ríomhsholáthair bunchloch shéimeantach fhoirmiúil chun sonraí nasctha saor‑rochtana a chruthú agus a athúsáid i réimse soláthair phoiblí an Aontais. Tá ainmneacha agus caidreamh sainmhínithe ag coincheapa lena chéile ionas go mbeidh sonraí soláthair phoiblí comhsheasmhach ó thaobh brí de, i.e. tomhaltas agus léirmhíniú, i ngach céim d’úsáid sonraí: cruthú, anailís, tuairisciú agus cinnteoireacht.

Baineann ceannaitheoirí agus soláthróirí a úsáideann an caighdeán seo leas as malartú sonraí simplithe níos tapúla. Soláthraithe seirbhíse san earnáil phríobháideach nó an earnáil phoiblí a bhunaíonn a gcuid seirbhísí ar Ointeolaíocht an Ríomhsholáthair, déanann siad na seirbhísí a sholáthraíonn siad dá n-úsáideoirí a shaibhriú trí na malartuithe sin a éascú ar leibhéal na mBallstát.

Cén fáth ar cheart dom Oifig na bhFoilseachán a úsáid le haghaidh na seirbhíse seo?

Cé go bhféadfadh roinnt Ballstát ointeolaíochtaí a chur ar fáil lena n-úsáid ar an leibhéal náisiúnta, níl aon chaighdeáin mhalartacha nó iomaíocha ar fáil ar leibhéal na hEorpa.

An bhfuil aon réamhriachtanais nó srianta ann?

Tá na caighdeáin sin agnóisíoch ó thaobh na n-ardán de, rud a chiallaíonn nach bhfuil aon réamhriachtanais ná srianta sonracha ann chun iad a úsáid.

Conas is féidir liom Ointeolaíocht an Ríomhsholáthair a úsáid?

Tá Ointeolaíocht an Ríomhsholáthair, arna táirgeadh ag Oifig na bhFoilseachán, ar fáil go poiblí ar GitHub. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas rochtain a fháil ar na caighdeáin seo agus iad a úsáid, is féidir leat breathnú ar ár suíomh gréasáin cáipéisíochta docs.ted.europa.eu

Má bhíonn ceisteanna agat, déan teagmháil le: OP-TED-HELPDESK@publications.europa.eu

Cé a choinníonn an tseirbhís seo ar bun?

Is í Oifig Foilseachán an Choimisiúin Eorpaigh a choinníonn Ointeolaíocht an Ríomhsholáthair ar bun.