Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an leagan nua de thairseach TED ag dul beo an 29.01.2024 (dáta táscach - le deimhniú!) An bhfuil spéis agat eolas a fháil faoi na feidhmiúlachtaí nua, na feabhsuithe nua agus an tionchar ar na húsáideoirí? Tugaimid cuireadh duit cuairt a thabhairt ar ár n-alt agus tuilleadh eolais a fháil faoi na príomhathruithe nua agus na príomhfheidhmiúlachtaí nua.

You may get an error message when trying to access the notices listed hereafter. If that is the case, please use the alternative links provided below. We are working on solving the problem. We apologize for the inconvenience.
716246-2023 - https://ted.europa.eu/udl?uri=TED:NOTICE:716246-2023:PDFS:FI:HTML
719591-2023 - https://ted.europa.eu/udl?uri=TED:NOTICE:719591-2023:PDFS:FI:HTML
724690-2023 - https://ted.europa.eu/udl?uri=TED:NOTICE:724690-2023:PDFS:FI:HTML
731050-2023 - https://ted.europa.eu/udl?uri=TED:NOTICE:731050-2023:PDFS:FI:HTML
You may also use the following structure to build the URL of the notices concerned:
https://ted.europa.eu/udl?uri=TED:NOTICE:NNNNNN-2023:PDFS:LL:HTML, (example: https://ted.europa.eu/udl?uri=TED:NOTICE:719591-2023:PDFS:FI:HTML), but please bear in mind that only the original language version of the notice is available

Tá fabht ann atá ag dul i bhfeidhm ar an gcaoi a dtaispeántar URLanna i bhfógraí ríomhfhoirmeacha. Táimid ag obair chun an fhadhb a réiteach. Idir an dá linn, molaimid duit an chamóg (nó aon charachtar speisialta eile) atá le feiceáil ag deireadh an URL a bhaint de. Is oth linn an chiotaí.

Soláthairtí - 51093-2016

16/02/2016    S32

Bheilg, an-An Bhruiséil: Troscán a sholáthar, le cóimeáil nó gan chóimeáil, le haghaidh saoráidí creise, naíolainne agus naíscoile

2016/S 032-051093

Fógra conartha

Soláthairtí

Bunús dlí:
Treoir 2014/24/AE

Alt I: Údarás conarthachta

I.1)Ainm agus seoltaí
Ainm oifigiúil: An Coimisiún Eorpach
Seoladh poist: CSM 1 05/43
Baile: Bruxelles
Cód NUTS: BE1 RÉGION DE BRUXELLES-CAPITALE / BRUSSELS HOOFDSTEDELIJK GEWEST
Cód poist: 1049
Tír: An Bheilg
Teagmhálaí: Office pour les infrastructures et la logistique — Bruxelles
Ríomhphost: oib-marches-publics@ec.europa.eu
Guthán: +32 22986989
Facs: +32 22960570
Seoladh/seoltaí idirlín:
Príomhsheoladh: http://ec.europa.eu
Seoladh phróifíl an cheannaitheora: http://ec.europa.eu/oib/procurement_fr.htm
I.3)Cumarsáid
Tá na doiciméid soláthair ar fáil ionas gur féidir rochtain dhíreach lán gan srianadh, saor in aisce a fháil orthu ag: https://etendering.ted.europa.eu/cft/cft-display.html?cftId=1300
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó an seoladh thuasluaite
Ní mór tairiscintí nó iarratais ar rannpháirtíocht a sheoladh chuig an seoladh thuasluaite
I.4)An cineál údaráis chonarthachta
Institiúid/gníomhaireacht Eorpach nó eagraíocht idirnáisiúnta
I.5)Príomhghníomhaíocht
Seirbhísí poiblí ginearálta

Alt II: Cuspóir

II.1)Raon feidhme an tsoláthair
II.1.1)Teideal:

Troscán a sholáthar, le cóimeáil nó gan chóimeáil, le haghaidh saoráidí creise, naíolainne agus naíscoile.

Uimhir thagartha: OIB.DR.2/PO/2015/077/687
II.1.2)Príomhchód CPV
39161000 Kindergarten furniture
II.1.3)An cineál conartha
Soláthairtí
II.1.4)Cur síos achomair:

Troscán, a sholáthar, le cóimeáil nó gan chóimeáil, mar aon le feistiú, nuair is cuí, le haghaidh saoráidí creise, naíolainne agus naíscoile i bhfoirgnimh an Choimisiúin, Chomhairle an AE agus Scoil Eorpach na Bruiséile III (lxelles) i réigiún Príomhchathartha na Bruiséile agus sa cheantar mórthimpeall, agus i gcreiseanna, naíolanna agus naíscoileanna an Choimisiúin i Lucsamburg (LU) agus in Ispra (IT).

II.1.5)Luach iomlán measta
Luach gan CBL san áireamh: 1 330 000.00 EUR
II.1.6)Faisnéis faoi bhearta
Tá an conradh seo roinnte ina bhearta: níl
II.2)Cur síos
II.2.2)Cód(Cóid) CPV breise
39160000 School furniture
II.2.3)Láthair feidhmíochta
Cód NUTS: BE BELGIQUE-BELGIË
Príomhshuíomh nó príomhláthair na feidhmíochta:

An Bhruiséil.

II.2.4)Cur síos ar an soláthar:

Troscán a sholáthar, le cóimeáil nó gan chóimeáil, mar aon le feistiú, nuair is cuí do chreiseanna, do naíolanna agus do naíscoileanna.

II.2.5)Critéir dámhachtana
Ní praghas an t-aon critéar dámhachtana agus ní luaitear na critéir uile ach amháin sna doiciméid soláthair
II.2.6)Luach measta
Luach gan CBL san áireamh: 1 330 000.00 EUR
II.2.7)Tréimhse an chonartha, comhaontú creatlaí nó córas dinimiciúil ceannaigh
Fad ina mhíonna: 48
Tá an conradh seo faoi réir ag athnuachan: níl
II.2.10)Faisnéis faoi mhalairtí
Glacfar le malairtí: níl
II.2.11)Faisnéis faoi roghanna
Roghanna: níl
II.2.13)Faisnéis faoi Chistí an Aontais Eorpaigh
Baineann an soláthar le tionscadal agus/nó clár arna mhaoiniú ag cistí an Aontais Eorpaigh: níl
II.2.14)Faisnéis bhreise

Alt III: Faisnéis dhlíthiúil, eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil

III.1)Coinníollacha rannpháirtíochta
III.1.1)Oiriúnacht le bheith páirteach sa ghníomhaíocht ghairmiúil, lena n-áirítear riachtanais a bhaineann le rollú ar chláir ghairmiúla nó cheirde
Liosta agus cur síos achomair ar na coinníollacha:

ní mór don tairgeoir sonraí aitheantais a iniamh (féach Iarscríbhinn I.1 de na sonraíochtaí), mar aon leis na doiciméid agus leis an bhfaisnéis atá riachtanach faoi phointe III.1 'Coinníollacha le haghaidh rannpháirtíochta' san fhógra seo agus atá liostaithe in Iarscríbhinn I de na sonraíochtaí.

Déanfaidh an tairgeoir fianaise dhoiciméadach a iniamh lena gcuimseofar ainm na tíre ina bhfuil a cheannoifig nó ina bhfuil sé ina chónaí, de réir mar atá riachtanach faoin dlí ina thír chónaithe.

Ní mór don tairgeoir dearbhú sollúnta a chur isteach a bheidh sínithe agus dátaithe go cuí ina bhfuil se luaite nach bhfuil sé i gcás ar bith a dhéanfadh é a eisiamh ó pháirt a ghlacadh i gconradh arna dhámhachtain ag an Aontas Eorpach. Ní foláir nó go mbeidh an dearbhú sollúnta i bhfoirm an teimpléid atá foilsithe ar an leathanach a leanas, ina iomláine: http://ec.europa.eu/oib/procurement_fr.htm

NB: ní mór don tairgeoir rathúil, ar phionós eisiaimh, an fhianaise dhoiciméadach a leanas a sholáthar mar thaca leis an dearbhú sollúnta roimh shíniú an chonartha:

— sliocht úrnua ón taifead breithiúnach, nó dá éagmais sin, doiciméad comhchosúil arna eisiúint le déanaí ag comhlacht breithiúnach nó riaracháin cuí sa tír ina bhfuil an tairgeoir ina chónaí, a dhearbhaíonn nach bhfuil sé féimheach nó á fhoirceannadh, nach bhfuil a ghnóthaí á riaradh ag an gcúirt, nach bhfuil socrú beartaithe aige le creidiúnaithe agus nár chuir sé gníomhaíochtaí gnó ar fionraí, nach bhfuil sé ina ábhar imeachtaí a bhaineann leis na cúrsaí seo, agus nach bhfuil sé i gcor dlúthchosúil ag éirí as nós imeachta comhchosúil faoi dhlíthe nó rialacháin náisiúnta,

— sliocht úrnua ón taifead breithiúnach, nó dá éagmais sin, doiciméad comhchosúil arna eisiúint le déanaí ag comhlacht breithiúnach nó riaracháin cuí sa tír ina bhfuil an tairgeoir ina chónaí, lena sonraítear nár ciontaíodh é i gcion maidir lena iompar gairmiúil faoi bhreithiúnais a bhfuil fórsa res judicata ag baint leis agus nach raibh sé ina ábhar breithiúnais a bhfuil fórsa res judicata ag baint leis maidir le calaois, caimiléireacht, baint le heagraíocht choiriúil ná le gníomh mídhleathach ar bith eile a bheadh díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais,

— teastas úrnua eisithe ag comhlacht cuí sa tír ina bhfuil an tairgeoir ina chónaí, ag maíomh gur chomhlíon sé a chuid oibleagáidí maidir le híoc ranníocaíochtaí slándála sóisialaí,

— teastas úrnua eisithe ag comhlacht cuí sa tír ina bhfuil an tairgeoir ina chónaí, a dhearbhaíonn gur chomhlíon sé oibleagáidí maidir le híocaíocht cánacha (cánacha díreacha agus CBL) de réir fhorálacha dlí na tíre thuasluaite.

Nuair nach n-eisítear a leithéid de dhoiciméid nó theastais sa tír bhainteach, glacfar le ráiteas faoi mhionn ina n-áit nó, dá éagmais sin, le dearbhú sollúnta déanta ag an tairgeoir os comhair comhlacht breithiúnach nó riaracháin, nótaire nó comhlacht ceirde cáilithe sa tír sin.

NB: má dhámhfar an conradh dóibh, ní mór do ghrúpálacha an dearbhú sollúnta a sholáthar maidir le gach ball aonair, mar aon le doiciméid thacúla agus faisnéis thacúil.

III.1.2)Stádas eacnamaíoch agus airgeadais
Liosta agus cur síos achomair ar na critéir roghnúcháin:

ní mór don tairgeoir na nithe seo a leanas a sholáthar:

— cóip de na ráitis airgeadais (cláir chomhardaithe agus cuntais oibríochtúla) le haghaidh na 2 bliana airgeadais seo a chuaigh thart, ina dtaispeántar an brabús bliantúil roimh cháin. Mura bhfuil an tairgeoir, ar fháth bailí éigin, in ann iad a sholáthar, ní mór dó ráiteas a iniamh i leith brabús bliantúil roimh cháin le haghaidh an 2 bhliain roimhe sin. Má thaispeántar meánchaillteanas ar na ráitis airgeadais nó ar an dearbhú thar thréimhse an 2 bhliain seo a chuaigh thart, beidh ar an tairgeoir doiciméad eile a sholáthar mar chruthúnas ar a chumas airgeadais agus eacnamaíoch, amhail an ráthaíocht chuí ó thríú páirtí (m.sh. an mháthairchuideachta), nó ráitis ó iniúchóirí, cuntasóirí cairte nó a gcoibhéis.

III.1.3)Cumas teicniúil agus gairmiúil
Liosta agus cur síos achomair ar na critéir roghnúcháin:

ní mór don tairgeoir na nithe seo a leanas a sholáthar:

— liosta de dhíolacháin troscáin le linn an 2 bhliain seo a chuaigh thart. Beidh na nithe a leanas sa liosta, in aghaidh an tairbhí: ainm an tairbhí, liosta de na soláthairtí atá bainteach leis an gconradh, áit nó áiteanna an tseachadta, an luach ordaithe iomlán agus an tréimhse feidhmíochta,

— cruthúnas, ar bhonn chur síos ar struchtúr eagrúcháin na cuideachta, gur féidir leis troscán a sheachadadh agus a shuiteáil ag na láithreáin sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Ispra,

— deimhniú bainistíochta cáilíochta (m.sh. ISO 9001 nó a choibhéis) nó, mura bhfuil rochtain ag an tairgeoir ar dheimhnuithe dá leithéid nó mura bhfuil féidearthacht ann iad a fháil laistigh de na teorainneacha ama atá socraithe, fianaise ar bith eile de bhearta deimhnithe cáilíochta arna gcur ar fáil ag an tairgeoir féin.

Íosleibhéal caighdeán (íosleibhéil chaighdeán) a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil:

sular féidir an tairgeoir a roghnú, ní foláir nó go mbeadh 200 000 EUR ar a laghad i gceist leis na díolacháin dá dtagraítear le linn an 2 bhliain atá luaite.

Alt IV: Nós imeachta

IV.1)Cur síos
IV.1.1)An cineál nós imeachta
Nós imeachta oscailte
IV.1.3)Faisnéis faoi chomhaontú creatlaí nó faoi chóras ceannaigh dinimiciúil
Is éard atá i gceist leis an soláthar comhaontú creatlaí a chur ar bun
Comhaontú creatlaí le hoibreoir amháin
IV.1.8)Faisnéis faoi Chomhaontú Soláthair Rialtais (GPA)
Tá an soláthar cumhdaithe ag an gComhaontas Soláthair Rialtais: tá
IV.2)Faisnéis riaracháin
IV.2.2)Teorainn ama chun tairiscintí nó chun iarratais ar rannpháirtíocht a fháil
Dáta: 04/04/2016
Am áitiúil: 17:30
IV.2.3)Dáta measta maidir le seoladh na gcuirí chun tairisceana nó chun rannpháirtíochta chuig iarrthóirí roghnaithe
IV.2.4)Teangacha inar féidir tairiscintí nó iarratais ar rannpháirtíocht a chur isteach:
Bulgáiris, Seicis, Danmhairgis, Gearmáinis, Gréigis, Béarla, Spáinnis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Cróitis, Ungáiris, Iodáilis, Liotuáinis, Laitvis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Slóvaicis, Slóivéinis, Sualainnis
IV.2.6)Fráma ama íosta nár mhór don iarrthóir an tairiscint a choinneáil lena linn
Fad ina mhíonna: 9 (ón dáta tugtha le haghaidh tairiscintí a fháil)
IV.2.7)Coinníollacha maidir le tairiscintí a oscailt
Dáta: 08/04/2016
Am áitiúil: 10:00
Láthair:

Office pour les infrastructures et la logistique — Bruxelles (OIB), bâtiment «CSM 1», cours Saint-Michel 1 (entrée côté rue Père de Deken 23),1040 Bruxelles, AN BHEILG.

Faisnéis faoi dhaoine údaraithe agus faoin nós imeachta oscailte:

Is féidir le 1 ionadaí arna údarú go cuí freastal ar oscailt na dtairiscintí (ní mór pas nó cárta aitheantais a thaispeáint). Le haghaidh cúiseanna slándála, ní mór do thairgeoirí a dteastaíonn uathu a bheith rannpháirteach é sin a chur in iúl i scríbhinn don Aonad OIB DR.2 'Airgeadas agus Soláthar Poiblí' 2 lá oibre ar a laghad roimh an seisiún oscailte.

Alt VI: Faisnéis chomhlántach

VI.1)Faisnéis faoi ateagmhas
Is soláthar ateagmhasach é seo: tá
Uainiú measta le haghaidh fógraí breise a fhoilsiú:

36 mí tar éis na dámhachtana.

VI.3)Faisnéis bhreise:

1) Beidh na sonraíochtaí agus na doiciméid bhreise (lena n-áirítear ceisteanna agus freagraí) ar fáil ag an seoladh gréasáin a leanas: https://etendering.ted.europa.eu/cft/cft-display.html?cftId=1300 Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara a bhfuil suim acu sa scéal clárú tríd an láithreán gréasáin. Cuirfear in iúl dóibh ansin tríd an gcóras soláthair phoiblí ar líne maidir le haon nuashonruithe atá ar fáil don chuireadh seo chun tairisceana. Iarrtar ar pháirtithe nach bhfuil cláraithe ar an láithreán breathnú air go rialta. Ní bheidh an Coimisiún freagrach mura bhfuil tairgeoirí ar an eolas faoi aon fhaisnéis bhreise i dtaca leis an gcuireadh seo chun tairisceana atá tugtha ar an láithreán Gréasáin sin

Déanfar an láithreán gréasáin a nuashonrú go rialta; is iad na tairgeoirí atá freagrach as nuashonruithe agus mionathruithe a sheiceáil i rith thréimhse na tairisceana.

Is féidir faisnéis bhreise faoi théarmaí conartha, athnuachaintí conartha, coinníollacha rannpháirtíochta, íosleibhéil cumais atá riachtanach, méid measta iomlán an chonartha, srl a fháil sna sonraíochtaí atá ar fáil ar an láithreán gréasáin réamhluaite. Ní eiseofar leagan páipéir. Arna dheimhniú mar EMAS ó 2005, glacann an OIB dearcadh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Is scéim éiceabhainistíochta agus iniúchta atá in EMAS, ionstraim dheonach an AE a úsáideann eagraíochtaí chun a bhfeidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú.

2) Féadfar gníomhaireachtaí feidhmiúcháin a chur san áireamh sa chonradh mar údaráis chonarthachta (laistigh de theorainn de 10 % de luach iomlán an chonartha agus le haghaidh na ngníomhaireachtaí uile glactha le chéile), más é an cás, ag am fhoilsiú an chuiridh seo chun tairisceana, nach raibh siad cruthaithe fós ar bhonn oifigiúil nó mura raibh siad á gcruthú agus, de bharr sin, ní rabhthas in ann aon ainmniú foirmiúil a shonrú i ndoiciméid an chuiridh chun tairisceana.

3) Le haghaidh faisnéis bhreise a fháil maidir le páirt a ghlacadh i gcuirí chun tairisceana agus maidir le seicheamh na nósanna imeachta maidir le soláthar poiblí ag an OIB, féach an 'Treoir do thairgeoirí' agus an bróisiúr 'Gnó a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach', atá ar fáil tríd an nasc: http://ec.europa.eu/oib/procurement_fr.htm

Tá an t-údarás conarthachta ag ceannach thar ceann údaráis chonarthachta eile: Comhairle an AE, Scoil Eorpach na Bruiséile III.

VI.4)Nósanna imeachta athbhreithniúcháin
VI.4.1)Comhlacht athbhreithniúcháin
Ainm oifigiúil: Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh
Seoladh poist: rue du Fort Niedergrünewald
Baile: Luxembourg
Cód poist: 2925
Tír: Lucsamburg
Ríomhphost: GeneralCourt.registry@curia.europa.eu
Guthán: +352 43031
Facs: +352 43032100
Seoladh idirlín: http://curia.europa.eu
VI.4.3)Nós imeachta athbhreithniúcháin
Faisnéis chruinn faoi spriocdháta(í) le haghaidh nósanna imeachta athbhreithniúcháin:

laistigh de 2 mhí ó chuirtear fógra chuig an ngearánaí nó, dá éagmais sin, ón lá a fuair sé fios air. Ní chuirfear an tréimhse sin ar fionraí mar thoradh ar ghearán chuig an Ombudsman Eorpach ná ní chuirfear tréimhse nua ar siúl chun achomhairc a dhéanamh.

VI.5)Dáta seolta an fhógra seo:
04/02/2016