Féach an leathanach atá againn faoi COVID-19 le haghaidh tairiscintí a bhaineann le riachtanais trealaimh leighis.

Tugann an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa deis duit do chuid smaointe a chomhroinnt agus todhchaí na hEorpa a mhúnlú. Nocht do chuid tuairimí!

Seirbhísí - 106287-2016

30/03/2016    S62

Lucsamburg-Lucsamburg: Uirlisí agus acmhainní le haghaidh aistriúchán uathoibrithe CEF — SMART 2015/1091

2016/S 062-106287

Fógra conartha

Seirbhísí

Bunús dlí:
Treoir 2014/24/AE

Alt I: Údarás conarthachta

I.1)Ainm agus seoltaí
Ainm oifigiúil: An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta, Aonad G3: Slabhra Luacha Sonraí
Seoladh poist: Office EUFO 01/274
Baile: Luxembourg
Cód NUTS: LU0 LUXEMBOURG (GRAND-DUCHÉ)
Cód poist: 2920
Tír: Lucsamburg
Teagmhálaí: Ms Marta Nagy-Rothengass
Ríomhphost: CNECT-R2-EOI@ec.europa.eu
Seoladh/seoltaí idirlín:
Príomhsheoladh: http://ec.europa.eu/dgs/connect/index_en.htm
Seoladh phróifíl an cheannaitheora: https://ec.europa.eu/digital-agenda/en/newsroom/call-for-tenders
I.3)Cumarsáid
Tá na doiciméid soláthair ar fáil ionas gur féidir rochtain dhíreach lán gan srianadh, saor in aisce a fháil orthu ag: https://etendering.ted.europa.eu/cft/cft-display.html?cftId=1109
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó seoladh eile:
Ainm oifigiúil: An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta, Stiúrthóireacht R: Tacaíocht, Aonad R2: Airgeadas
Seoladh poist: BU25, 04/054
Baile: Brussels
Cód NUTS: BE BELGIQUE-BELGIË
Cód poist: 1049
Tír: An Bheilg
Teagmhálaí: Iorbanka Cuiza Perez
Ríomhphost: CNECT-R2-EOI@ec.europa.eu
Seoladh/seoltaí idirlín:
Príomhsheoladh: http://ec.europa.eu/dgs/connect/index_en.htm
Seoladh phróifíl an cheannaitheora: https://ec.europa.eu/digital-agenda/en/newsroom/call-for-tenders
Ní mór tairiscintí nó iarratais ar rannpháirtíocht a sheoladh chuig an seoladh thuasluaite
I.4)An cineál údaráis chonarthachta
Institiúid/gníomhaireacht Eorpach nó eagraíocht idirnáisiúnta
I.5)Príomhghníomhaíocht
Seirbhísí poiblí ginearálta

Alt II: Cuspóir

II.1)Raon feidhme an tsoláthair
II.1.1)Teideal:

Uirlisí agus acmhainní le haghaidh aistriúchán uathoibrithe CEF — SMART 2015/1091.

II.1.2)Príomhchód CPV
72314000 Data collection and collation services
II.1.3)An cineál conartha
Seirbhísí
II.1.4)Cur síos achomair:

Cuirtear clár oibre 2015 an CEF chun feidhme tríd an nglao seo ar thairiscintí maidir le bloc tógála an aistriúcháin uathoibrithe. Cuimsíonn an glao seo ar thairiscintí 3 bheart lena mbaineann na cuspóirí seo a leanas:

— córais aistriúcháin uathoibríoch (MT) agus modúil phróiseála riachtanacha mar aon le seirbhísí gaolmhara a fháil le haghaidh aistriúchán uathoibrithe CEF (beart 1),

— an iarracht comhordaithe agus bailithe acmhainní teanga a dhoimhniú agus a shíneadh, lena n-áirítear obair dhlíthiúil agus theicniúil ghaolmhar (stór acmhainní teanga a fhorbairt agus tacaíocht IPR agus deasc chabhrach imréitigh a chur ar fáil) (beart 2), agus

— acmhainní teanga breise mar aon le seirbhísí mionchoigeartuithe/próiseála gaolmhara a fháil (beart 3).

II.1.5)Luach iomlán measta
Luach gan CBL san áireamh: 5 800 000.00 EUR
II.1.6)Faisnéis faoi bhearta
Tá an conradh seo roinnte ina bhearta: tá
Féadfar tairiscintí a chur isteach le haghaidh na nithe a leanas uaslíon na mbeart: 3
Uaslíon na mbeart ar féidir iad a dhámhachtain do thairgeoir amháin: 3
II.2)Cur síos
II.2.1)Teideal:

Tacaíocht a thabhairt le córais aistriúcháin uathoibríoch (MT) agus modúil phróiseála riachtanacha mar aon le seirbhísí gaolmhara a fháil le haghaidh aistriúchán uathoibrithe CEF

Uimhir an bhirt: 1
II.2.2)Cód(Cóid) CPV breise
79311300 Survey analysis services
II.2.3)Láthair feidhmíochta
Cód NUTS: 00 Not specified
Príomhshuíomh nó príomhláthair na feidhmíochta:

Áitreabh an chonraitheora.

II.2.4)Cur síos ar an soláthar:

Is é cuspóir gearrthéarma na ngníomhaíochtaí faoin mbeart seo tacaíocht a thabhairt le córais MT agus modúil phróiseála riachtanacha mar aon le seirbhísí gaolmhara a fháil chun an t-ardán aistriúcháin uathoibrithe CEF a fhorbairt. Beidh na gníomhaíochtaí arna bhfeidhmiú ag an gconraitheoir ina chúnamh don Choimisiún Eorpach (CE) uirlisí agus seirbhísí a roghnú a ndéanfaidh sé iad a cheannach dá n-úsáid sa bhloc tógála aistriúcháin uathoibrithe CEF.

Ní hionann an ghníomhaíocht arna hiarraidh faoin mbeart seo agus na córais MT agus na modúil phróiseála a cheannach (seachas ceadúnais a fháil chun iad a úsáid chun críche measúnaithe), ach chun iad a mheasúnú i staideanna an tsaoil nithiúil agus toradh an mheasúnaithe a dhoiciméadú. San áireamh leis na córais atá le measúnú tá uirlisí/seirbhísí amhail innill/seirbhísí MT maidir le péirí teangacha sainiúla nó fearainn shainiúla, uirlisí/seirbhísí le haghaidh réamhphróiseáil sonraí (asbhaint téarmeolaíochta, glantachán corpas, ailíniú, ainmneacha a bhaint ó thacair shonraí acmhainní teanga, srl); uirlisí/seirbhísí le haghaidh a mhéad agus go bhfuil 'in-fhearann' (in-domain) i gceist/ábhartha le hacmhainní teanga a mheasúnú, uirlisí/seirbhísí le haghaidh cáilíocht aschuir an aistriúcháin uathoibríoch a mheasúnú, le haghaidh aschur an aistriúcháin uathoibríoch a iar-phróiseáil nó le haghaidh an t-inneall aistriúcháin uathoibríoch is fearr a roghnú d'iarraidh áirithe aistriúcháin, srl.

II.2.5)Critéir dámhachtana
Ní praghas an t-aon critéar dámhachtana agus ní luaitear na critéir uile ach amháin sna doiciméid soláthair
II.2.6)Luach measta
Luach gan CBL san áireamh: 1 400 000.00 EUR
II.2.7)Tréimhse an chonartha, comhaontú creatlaí nó córas dinimiciúil ceannaigh
Fad ina mhíonna: 38
Tá an conradh seo faoi réir ag athnuachan: níl
II.2.10)Faisnéis faoi mhalairtí
Glacfar le malairtí: níl
II.2.11)Faisnéis faoi roghanna
Roghanna: níl
II.2.13)Faisnéis faoi Chistí an Aontais Eorpaigh
Baineann an soláthar le tionscadal agus/nó clár arna mhaoiniú ag cistí an Aontais Eorpaigh: tá
Tagairt an tionscadail: Cinneadh Cur Chun Cinn ón gCoimisiún an 12.12.2014 lena mbunaítear Clár Oibre 2015 maidir le cúnamh airgeadais sa réimse a bhaineann leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) — Earnáil teileachumarsáide don tréimhse 2014–2020 (C(2014) 9490 deireanach).
II.2.14)Faisnéis bhreise
II.2)Cur síos
II.2.1)Teideal:

Comhordú acmhainní teanga agus iarracht bailiúcháin a dhoimhniú agus a shíneadh, lena n-áirítear obair dhlíthiúil agus theicniúil ghaolmhar

Uimhir an bhirt: 2
II.2.2)Cód(Cóid) CPV breise
79951000 Seminar organisation services
II.2.3)Láthair feidhmíochta
Cód NUTS: 00 Not specified
Príomhshuíomh nó príomhláthair na feidhmíochta:

Áitreabh an chonraitheora.

II.2.4)Cur síos ar an soláthar:

Is é cuspóir foriomlán na ngníomhaíochtaí faoi bheart 2 na hacmhainní teanga ábhartha i ngach teanga oifigiúil den AE agus de thíortha a bhaineann leis an CEF a bhainistiú, a chothabháil agus a chomhordú d'fhonn cáilíocht, clúdach agus feidhmíocht na gcóras aistriúcháin uathoibrithe agus na réiteach a fheabhsú i gcomhthéacs seirbhísí digiteacha reatha agus todhchaíocha CEF. Déanfar feasacht a mhúscailt leis freisin agus cuirfear fáil, sainaithint leanúnach agus bailiú acmhainní teanga chun cinn.

Tá an méid seo a leanas san áireamh leis na cuspóirí sainiúla:

— stór acmhainní teanga a chur ar bun agus a oibriú chun acmhainní teanga atá de dhíth le haghaidh chórais MT ardán aistriúcháin uathoibrithe an CEF a oiliúint, a oiriúnú agus a thacú,

— deasc chabhrach maidir le tacú agus imréiteach i dtaobh cearta maoine intleachtúla (IPR) le haghaidh acmhainní teanga a chur ar bun agus a oibriú, agus í comhtháite le bainistíocht an stóir acmhainní teanga,

— na gníomhaíochtaí comhordaithe acmhainní teanga ar tugadh fúthu faoi chonradh seirbhíse um chomhordú acmhainní teangacha Eorpacha (ELRC) a chomhlánú agus leanúint ar aghaidh leo (SMART 2014/1074), atá á reáchtáil ó Aibreán 2015 go hAibreán 2017. Le haghaidh faisnéis chúlra, tá an méid a leanas i gceist le tascanna an chonartha seirbhíse ELRC:

— infhaighteacht acmhainní teanga a fheabhsú agus rochtain orthu a shimpliú, go háirithe na cinn atá ag an tseirbhís phoiblí nó a ndéanann sí iad a tháirgeadh ag gach leibhéal rialtais (náisiúnta, réigiúnach, áitiúil) i mBallstáit an AE agus i dtíortha a bhaineann le CEF,

— feidhmiú mar fhaireachlann le haghaidh acmhainní teanga ar fud Bhallstáit an AE agus tíortha a bhaineann leis an CEF, ag déanamh acmhainní teanga ar féidir iad a úsáid le haghaidh aistriúchán uathoibrithe, go háirithe corpais téacs chomhthreomhara, a shainaithint, a chatalógú agus a dhoiciméadú,

— for-rochtain a dhéanamh ar riarthóirí poiblí agus ar pháirtithe leasmhara eile (mar shampla, eagraíochtaí neamhrialtais ábhartha) agus feasacht ina measc a mhúscailt maidir le luach acmhainní teanga, go háirithe corpais chomhthreomhara, agus iad a spreagadh iad a chur ar fáil agus rochtain a thabhairt d'ardán aistriúcháin uathoibrithe CEF,

— saincheisteanna dlíthiúla agus saincheisteanna tráchtála a bhaineann le hacmhainní teanga a shoiléiriú (an staid maidir le maoin intleachtúil, rangú príobháideachta agus dálaí úsáide na n-acmhainní teanga).

II.2.5)Critéir dámhachtana
Ní praghas an t-aon critéar dámhachtana agus ní luaitear na critéir uile ach amháin sna doiciméid soláthair
II.2.6)Luach measta
Luach gan CBL san áireamh: 2 800 000.00 EUR
II.2.7)Tréimhse an chonartha, comhaontú creatlaí nó córas dinimiciúil ceannaigh
Fad ina mhíonna: 38
Tá an conradh seo faoi réir ag athnuachan: níl
II.2.10)Faisnéis faoi mhalairtí
Glacfar le malairtí: níl
II.2.11)Faisnéis faoi roghanna
Roghanna: níl
II.2.13)Faisnéis faoi Chistí an Aontais Eorpaigh
Baineann an soláthar le tionscadal agus/nó clár arna mhaoiniú ag cistí an Aontais Eorpaigh: tá
Tagairt an tionscadail: Cinneadh Cur Chun Cinn ón gCoimisiún an 12.12.2014 lena mbunaítear Clár Oibre 2015 maidir le cúnamh airgeadais sa réimse a bhaineann leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) — Earnáil teileachumarsáide don tréimhse 2014–2020 (C(2014) 9490 deireanach).
II.2.14)Faisnéis bhreise
II.2)Cur síos
II.2.1)Teideal:

Acmhainní teanga breise mar aon le seirbhísí mionchoigeartuithe/próiseála gaolmhara a fháil

Uimhir an bhirt: 3
II.2.2)Cód(Cóid) CPV breise
72314000 Data collection and collation services
II.2.3)Láthair feidhmíochta
Cód NUTS: 00 Not specified
Príomhshuíomh nó príomhláthair na feidhmíochta:

Áitreabh an chonraitheora.

II.2.4)Cur síos ar an soláthar:

Is é tasc foriomlán an bhirt seo fáil acmhainní teanga breise agus seirbhísí mionchoigeartuithe/próiseála gaolmhara (le m.sh. baint ainmneacha) a chur chun feidhme agus iad a chur ar fáil do stór acmhainní teanga ardán aistriúcháin uathoibrithe an CEF.

Is é an cuspóir gearrthéarma acmhainní teanga ardcháilíochta (corpais chomhthreormhara) atá imréitithe i dtaobh cearta maoine intleachtúla a fháil i ngach teanga den CEF i réimsí tráthúla atá ábhartha do bhonneagair seirbhísí digiteacha (DSIanna) an CEF.

Is é an cuspóir fadtéarma rannchuidiú le bailiú acmhainní teanga sna Ballstáit agus an bailiúchán acmhainní teanga a chomhlánú (arna chomhordú trí bheart 2), d'fhonn leibhéal inghlactha de cháilíocht aistriúcháin uathoibrithe i bpríomhréimsí de bhonneagair seirbhísí digiteacha an CEF a bhaint amach, áit a bhfuil feidhmiúlachtaí ilteangacha de dhíth.

II.2.5)Critéir dámhachtana
Ní praghas an t-aon critéar dámhachtana agus ní luaitear na critéir uile ach amháin sna doiciméid soláthair
II.2.6)Luach measta
Luach gan CBL san áireamh: 1 600 000.00 EUR
II.2.7)Tréimhse an chonartha, comhaontú creatlaí nó córas dinimiciúil ceannaigh
Fad ina mhíonna: 38
Tá an conradh seo faoi réir ag athnuachan: níl
II.2.10)Faisnéis faoi mhalairtí
Glacfar le malairtí: níl
II.2.11)Faisnéis faoi roghanna
Roghanna: níl
II.2.13)Faisnéis faoi Chistí an Aontais Eorpaigh
Baineann an soláthar le tionscadal agus/nó clár arna mhaoiniú ag cistí an Aontais Eorpaigh: tá
Tagairt an tionscadail: Cinneadh Cur Chun Cinn ón gCoimisiún an 12.12.2014 lena mbunaítear Clár Oibre 2015 maidir le cúnamh airgeadais sa réimse a bhaineann leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) — Earnáil teileachumarsáide don tréimhse 2014–2020 (C(2014) 9490 deireanach).
II.2.14)Faisnéis bhreise

Alt III: Faisnéis dhlíthiúil, eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil

III.1)Coinníollacha rannpháirtíochta
III.1.1)Oiriúnacht le bheith páirteach sa ghníomhaíocht ghairmiúil, lena n-áirítear riachtanais a bhaineann le rollú ar chláir ghairmiúla nó cheirde
Liosta agus cur síos achomair ar na coinníollacha:

Féach ar an seoladh Idirlín atá curtha ar fáil in Alt I.3.

III.1.2)Stádas eacnamaíoch agus airgeadais
Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair
III.1.3)Cumas teicniúil agus gairmiúil
Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair
III.2)Coinníollacha a bhaineann leis an gconradh
III.2.2)Coinníollacha maidir le feidhmiú an chonartha:

Féach ar an seoladh Idirlín atá curtha ar fáil in Alt I.3.

III.2.3)Faisnéis maidir leis an bhfoireann atá freagrach as feidhmiú an chonartha
Ba cheart ainmneacha agus cáilíochtaí gairmiúla na foirne atá freagrach as feidhmiú an chonartha a chur in iúl

Alt IV: Nós imeachta

IV.1)Cur síos
IV.1.1)An cineál nós imeachta
Nós imeachta oscailte
IV.1.3)Faisnéis faoi chomhaontú creatlaí nó faoi chóras ceannaigh dinimiciúil
IV.1.8)Faisnéis faoi Chomhaontú Soláthair Rialtais (GPA)
Tá an soláthar cumhdaithe ag an gComhaontas Soláthair Rialtais: tá
IV.2)Faisnéis riaracháin
IV.2.2)Teorainn ama chun tairiscintí nó chun iarratais ar rannpháirtíocht a fháil
Dáta: 23/05/2016
Am áitiúil: 16:00
IV.2.3)Dáta measta maidir le seoladh na gcuirí chun tairisceana nó chun rannpháirtíochta chuig iarrthóirí roghnaithe
IV.2.4)Teangacha inar féidir tairiscintí nó iarratais ar rannpháirtíocht a chur isteach:
Béarla, Bulgáiris, Danmhairgis, Gearmáinis, Gréigis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Cróitis, Ungáiris, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Slóvaicis, Slóivéinis, Spáinnis, Sualainnis, Seicis
IV.2.6)Fráma ama íosta nár mhór don iarrthóir an tairiscint a choinneáil lena linn
Fad ina mhíonna: 9 (ón dáta tugtha le haghaidh tairiscintí a fháil)
IV.2.7)Coinníollacha maidir le tairiscintí a oscailt
Dáta: 07/06/2016
Am áitiúil: 14:00
Láthair:

Foirgneamh an Choimisiúin atá lonnaithe ag 10, rue Robert Stumper, room EUFO 00/178, L-2920 Luxembourg, LUCSAMBURG.

Faisnéis faoi dhaoine údaraithe agus faoin nós imeachta oscailte:

Féach ar an seoladh Idirlín atá curtha ar fáil in Alt I.3.

Alt VI: Faisnéis chomhlántach

VI.1)Faisnéis faoi ateagmhas
Is soláthar ateagmhasach é seo: níl
VI.2)Faisnéis maidir le sreafa oibre leictreonacha
Glacfar le sonrascadh leictreonach
Úsáidfear íocaíocht leictreonach
VI.3)Faisnéis bhreise:
VI.4)Nósanna imeachta athbhreithniúcháin
VI.4.1)Comhlacht athbhreithniúcháin
Ainm oifigiúil: An Chúirt Ghinearálta
Seoladh poist: rue du Fort Niedergrünewald
Baile: Luxembourg
Cód poist: 2925
Tír: Lucsamburg
Ríomhphost: generalcourt.registry@curia.europa.eu
Guthán: +352 4303-1
Facs: +352 4303-2100
Seoladh idirlín: http://curia.europa.eu
VI.4.3)Nós imeachta athbhreithniúcháin
Faisnéis chruinn faoi spriocdháta(í) le haghaidh nósanna imeachta athbhreithniúcháin:

Féach ar an seoladh Idirlín atá curtha ar fáil in Alt I.3.

VI.4.4)Seirbhís ónar féidir faisnéis a fháil faoin nós imeachta athbhreithniúcháin
Ainm oifigiúil: An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta, Aonad R2 — Airgeadas, faoi bhráid: Marie-Christine Laffineur
Seoladh poist: Office: BU25 04/024
Baile: Brussels
Cód poist: 1049
Tír: An Bheilg
Ríomhphost: marie-christine.laffineur@ec.europa.eu
Seoladh idirlín: http://ec.europa.eu/dgs/connect/index_en.htm
VI.5)Dáta seolta an fhógra seo:
18/03/2016