Fógra maidir le glao ar léirithe spéise
Alt I: Údarás conarthach
I.1)Ainm, seoltaí agus pointe/pointí teagmhála
Comhairle an Aontais Eorpaigh – Secrétariat Général, Wetstraat, Rue de la Loi 175, 1048 Bruxelles, an Bheilg.
Pointe/pointí teagmhála:
Unité de Coordination des Acquisitions
Teileafón: +32 22818062
Ríomhphost: tendering@consilium.europa.eu
Seoladh/seoltaí idirlín
Seoladh ginearálta an údaráis chonarthaigh (URL): http://www.consilium.europa.eu/en/contacts/procurement
Rochtain leictreonach ar fhaisnéis (URL): https://etendering.ted.europa.eu/cft/cft-display.html?cftId=3710
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó: an pointe/na pointí teagmhála thuasluaite.
Is féidir sonraíochtaí agus doiciméid bhreise a fháil ón bpointe/ó na pointí teagmhála thuasluaite.
Ní mór iarratais a sheoladh chuig an bpointe/na pointí teagmhála thuasluaite.
I.2)Cineál an údaráis chonarthaigh
Institiúid/gníomhaireacht Eorpach nó eagraíocht idirnáisiúnta
I.3)Príomhghníomhaíocht
Seirbhísí poiblí ginearálta
I.4)Dámhachtain conartha thar ceann údarás conarthach eile
Tá an t-údarás conarthach ag ceannach thar ceann údarás conarthach eile: níl
Alt II: Cuspóir an ghlao ar léirithe spéise
II.1)An teideal atá tugtha don ghlao ar léirithe spéise
Troscán oifige agus ócáide a fháil ar cíos ar feadh tréimhsí gearra
II.2)An cineál conartha agus láthair na n-oibreacha, láthair an tseachadta nó na feidhmíochta
Soláthairtí
Staid
Príomhshuíomh nó láthair na n-oibreacha, láthair seachadta nó feidhmíochta: Conseil de l'Union européenne, Secrétariat général — Quai de déchargement, chaussée d'Etterbeek 70, 1040 Brussels, an Bheilg.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chóid NUTS, féach:
http://simap.ted.europa.eu/web/simap/nuts
Cód NUTS: BE1
II.3)Cur síos ar an réimse nó na réimsí a chlúdaítear sa ghlao ar léirithe spéise
Troscán oifige agus ócáide a fháil ar cíos ar feadh tréimhsí gearra, amhail: táblaí éagsúla (oifige, cruinnithe, caifé, seasaimh, etc.), cathaoireacha éagsúla (cuairteoirí, casta, stólta, fáilteachais), cathaoireacha uillinne (ar mhéideanna éagsúla) agus plandaí. Mura sonraítear a mhalairt (agus mura ndéantar coigeartú ar phraghsanna), ní foláir don chonraitheoir a chinntiú go ndéanfar seachadadh chuig an mbá dílódála a thugtar i bpointe II.2 thuas agus suiteáil agus socrú san áitreabh ceann scríbe (chomh maith lena mhalairt d’oibríochtaí ag deireadh na tréimhse cíosa).
II.4)Faisnéis faoi na bearta
Tá an glao seo ar léirithe spéise roinnte ina bhearta: níl
Is féidir tairiscintí a chur isteach ar bheart amháin nó níos mó
II.5)Faisnéis faoin bhfochonraitheoireacht
Glactar le fochonraitheoireacht: glactar
1. Ní mór aon rún cuid den chonradh a ligean ar fochonradh a lua go soiléir san iarratas chun bheith rannpháirteach. Ní mór d'iarrthóirí na rudaí a leanas a sholáthar:
— doiciméad ina sainaithnítear go soiléir céannacht, róil, gníomhaíochtaí agus freagrachtaí an fhochonraitheora/na bhfochonraitheoirí agus ina sainítear an méid/cion de na seirbhísí a chuirfeadh gach fochonraitheoir ar fáil,
— litir intinne ó gach fochonraitheoir ina dtugtar tiomantas cinnte go gcomhoibreofar leis an tairgeoir sa chás go mbronnfar an conradh orthu, agus ina sainítear an méid acmhainní a chuirfidh sé ar fáil don tairgeoir le haghaidh fheidhmiú an chonartha.
Ní foláir d’fhochonraitheoirí an fhoirm "Eintiteas Dlíthiúil" (ar fáil anseo: http://www.consilium.europa.eu/fr/general-secretariat/public-procurement/) a sholáthar, in éineacht le fianaise agus an dearbhú maidir leis na critéir roghnúcháin agus eisithe (dearbhú sollúnta, ar fáil anseo; https://etendering.ted.europa.eu/cft/ cft-display.html?cftId=3710). Cuirfear na critéir eisiaimh i bhfeidhm ar gach fochonraitheoir. Cuirfear na critéir roghnúcháin i bhfeidhm ar an iarrthóir/an bhfochonraitheoirí, nó ar na hiarrthóirí/fochonraitheoirí mar aonad iomlán. Ní foláir d’fhochonraitheoirí nach gcomhlíonann ceann ar bith de na critéir roghnúcháin ‘Níl’ a chur sa bhosca comhfhreagrach sa dearbhú eisiaimh/roghnúcháin.
2. Mura ndéanfar na doiciméid thuas a sholáthar, measfaidh an t-údarás conarthach nach bhfuil sé ar intinn ag an iarrthóir tasc ar bith a chur amach ar fochonradh.
II.6)Foclóir comhchoiteann an tsoláthair (CPV - common procurement vocabulary) II.7)Faisnéis bhreise
Ní foláir do gach iarrthóir dearbhú sollúnta a sholáthar, sínithe agus dátaithe go cuí ag ionadaí údaraithe, ina léirítear nach bhfuil siad i gceann de na staideanna a chruthaíonn eisiamh mar a liostaítear faoi ‘chritéir eisiaimh’ agus ‘critéir roghnúcháin’. Ní foláir do gach ball de ghrúpa/cuibhreannas agus do gach fochonraitheoir dearbhú sollúnta a sholáthar freisin.
Alt III: Faisnéis dhlíthiúil, eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil
III.1)Foirm dhlíthiúil le glacadh ag an ngrúpáil soláthraithe, conraitheoirí nó soláthraithe seirbhíse dá bhféadfaí conradh a dhámhachtain
Tá rannpháirtíocht sa nós imeachta tairisceana seo oscailte ar théarmaí comhionanna do gach duine nádúrtha agus dlítheanach atá faoi raon feidhme na gconarthaí AE, agus do gach duine nádúrtha agus dlítheanach atá ina gcónaí i dtríú tír a bhfuil comhaontú speisialta sínithe ag an Aontas Eorpach léi maidir le soláthar poiblí faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú seo. Sa chás go bhfuil feidhm ag an gcomhaontú iltaobhach maidir le soláthar rialtais a socraíodh leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, bíonn rannpháirtíocht sa ghlao seo ar thairiscintí oscailte do náisiúnaigh na Stát a dhaingnigh an Comhaontú sin freisin, de réir na gcoinníollacha atá leagtha síos ann.
1. Is féidir le grúpálacha/cuibhreannais de 2 oibreoirí eacnamaíocha nó níos mó iarratas ar rannpháirtíocht i gcomhar a chur isteach. D'fhéadfadh fochonraitheoirí a bheith san áireamh in iarratais ar rannpháirtíocht i gcomhar chomh maith le comhthairgeoirí.
2. Ní foláir don ghrúpa/chuibhreannas ainm na ceannchuideachta agus pointe amháin teagmhála don nós imeachta soláthair a thabhairt.
3. Ní foláir do gach grúpa/cuibhreannas an dearbhú maidir le critéir eisiaimh agus critéir roghnúcháin a sholáthar. Cuirfear na critéir eisiaimh i bhfeidhm ar gach duine sa ghrúpa/chuibhreannas. Cuirfear na critéir roghnúcháin i bhfeidhm ar an ngrúpa/cuibhreannas mar aonad iomlán. Ní foláir do bhaill grúpa nach gcomhlíonann na critéir roghnúcháin ina n-aonar ‘Níl’ a chur sa bhosca comhfhreagrach sa dearbhú sollúnta a bhaineann leis na critéir eisiaimh/roghnúcháin.
4. Chomh maith leis sin, ní foláir do gach grúpa/cuibhreannas doiciméad a sholáthar:
— lena n-údaraítear an cheannchuideachta conradh a thairiscint agus a shíneadh thar ceann an ghrúpa/chuibhreannais agus sonraisc a eisiúint thar ceann na mball ar fad,
— ina sainítear an ról a imreoidh gach ball den ghrúpa/chuibhreannas i bhforfheidhmiú an chonartha agus ina léirítear na hacmhainní sonracha a sholáthrófar le go ndéanfaidh gach ball an conradh a fhorfheidhmiú.
— lena ndearbhaítear go soiléir go bhfuil baill an ghrúpa/an chuibhreannais faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith an údaráis chonarthaigh agus go dtugann siad orthu féin ar bhonn comhpháirteach an conradh a fheidhmiú, sa chás go mbronnfar orthu é.
5. Féadfar an tairiscint chomhfhreagrach a dhiúltú mar thoradh ar aon athrú ar chomhdhéanamh an ghrúpa/chuibhreannais i rith an nós imeachta soláthair. Féadfar an conradh a fhoirceannadh mar thoradh ar aon athrú ar chomhdhéanamh an ghrúpa/chuibhreannais i ndiaidh a shíniú.
Alt IV: Nós imeachta
IV.1)An cineál nós imeachta
Teoranta
IV.2)Critéir eisiaimh
(a) is féimheach iad, táthar á bhfoirceannadh nó tá a gcuid gníomhaíochtaí gnó curtha ar fionraí, tá a ngnóthaí á riaradh ag an gcúirt, tá socrú déanta acu le creidiúnaithe nó ghlac siad le bearta comhchosúla nó tá siad faoi réir ag aon imeachtaí den chineál sin, nó tá siad i gcás den chineál sin a eascraíonn ó nós imeachta comhchosúil dá bhforáiltear sa reachtaíocht nó rialacháin náisiúnta;
(b) ciontaíodh iad i gcion a bhaineann lena n-iompar gairmiúil de réir breithiúnais nach féidir achomharc a dhéanamh ina choinne;
(c) bhí siad ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach;
(d) níor chomhlíon siad oibleagáidí maidir le ranníocaíochtaí slándála sóisialaí nó cánacha a íoc;
(e) tá siad ciontach i míléiriú tromchúiseach maidir le soláthar na faisnéise a theastaíonn ón roinn um údarú;
(f) eile: chun mionsonraí a fháil féach an dearbhú sollúnta, atá ar fáil ar https://etendering.ted.europa.eu/cft/cftdisplay.html?cftId=3710
IV.3)Critéir roghnúcháin
— taithí ghairmiúil 3 bliana ar a laghad ar na cineálacha seirbhísí atá ag teastáil.
Doiciméid le soláthar/fianaise: doiciméid a chruthaíonn cumas gairmiúil agus inniúlacht ghairmiúil agus taithí ghairmiúil 3 bliana ar a laghad ar na cineálacha seirbhísí atá ag teastáil.
— Ní foláir le 3 bliana anuas go raibh ag na hiarrthóirí:
— ar a laghad 3 chonradh de chineál coibhéiseach (troscán oifige a fháil ar cíos) le haghaidh ar a laghad 60 spás oifige, nó,
— ar a laghad 3 chonradh maidir le troscán oifige a fháil ar cíos le haghaidh imeachtaí ar a d’fhreastail ar a laghad 60 duine.
Doiciméid le soláthar/fianaise: liosta de na príomhsheirbhísí de chineál coibhéiseach leis na cinn a iarrtar, a rinneadh le 3 bliana anuas. Maidir le gach conradh a luaitear, ní foláir don iarrthóir na méideanna, dátaí, ainmneacha agus mionsonraí teagmhála an fhaighteora phoiblí nó phríobháidigh. Go sonrach, ní foláir don tairgeoir mioneolas a chur ar fáil ar nádúr agus ar chainníocht na seirbhísí a cuireadh ar fáil do na príomhchonarthaí a rinneadh.
— Cumas teicniúil an troscán ar cíos a sheachadadh.
Doiciméid le soláthar/fianaise: cur síos ar eagrú na cuideachta agus na réitigh seachadta atá beartaithe.
— Raon éagsúil táirgí le fáil ar cíos, lena n-áirítear na catagóirí seo ar a laghad: troscán oifige clasaiceach, troscán dearaidh, troscán scíthe.
Doiciméid le soláthar/fianaise: liosta de na táirgí ar fáil nó an chatalóg táirgí chomh maith le cur síos ar na catagóirí éagsúla díobh.
IV.4)Faisnéis riaracháin
IV.4.1) Uimhir thagartha an chomhaid: AMI 18/036
IV.4.2) Tréimhse bhailíochta an liosta ag éirí as an nglao seo ar léirithe spéise:
Beidh an liosta bailí le haghaidh 4 bliana ón dáta ar a seoltar an fógra seo chuig Oifig Foilseachán Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Féadfar iarratais le cur ar an liosta a chur isteach ag am ar bith le linn tréimhse bailíochta an liosta seo, ach amháin sna 3 mhí dheireanacha den tréimhse sin.
IV. 4.4) Teanga(cha) inar féidir iarratais a chur isteach: teanga oifigiúil AE ar bith
Alt VI: Faisnéis bhreise
VI.1)Iarratais a chur i láthair agus a thaisceadh
Ní foláir nó go mbeidh na doiciméid a leanas san áireamh leis an iarratas ar rannpháirtíocht:
a) litir chumhdaigh arna síniú ag an duine nó ag na daoine údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar an iarrthóir. Is ceart go mbeadh inti ainm, teideal agus mionsonraí teagmhála phointe teagmhála ainmnithe an iarrthóra;
b) an ‘Fhoirm Eintitis Dhlíthiúil', agus fianaise. Is féidir an ‘Fhoirm Eintitis Dhlíthiúil' a íoslódáil ón nasc seo: http://www.consilium.europa.eu/fr/general-secretariat/public-procurement/;
c) an 'Dearbhú sollúnta maidir leis na critéir eisiaimh agus na critéir roghnúcháin’, agus na doiciméid a theastaíonn mar chruthúnas gur comhlíonadh na critéir roghnúcháin. Tá liosta de na doiciméid sin i bpointe VII den 'Dearbhú sollúnta maidir leis na critéir eisiaimh agus na critéir roghnúcháin’.
Is féidir an t-iarratas a chur ar aghaidh ar na bealaí seo:
a) é a sheoladh leis an bpost
Post cláraithe chuig an seoladh seo a leanas: Comhairle an Aontais Eorpaigh — Secrétariat général — Unité de coordination des acquisitions, bureau 1070-KL-77, Réf. AMI 18/036; Rue de la Loi 175, 1048 Brussels, an Bheilg.
b) é a thaisceadh ag an seoladh seo:
Comhairle an Aontais Eorpaigh — Secrétariat général — Unité de coordination des acquisitions, bureau 1070-KL-77, Réf. AMI 18/036; quai de déchargement Chaussée d'Etterbeek 70, 1040 Brussels, an Bheilg.
VI.2)Faisnéis bhreise
Dréachtóidh an t-údarás conarthach liosta d'iarrthóirí a chomhlíonann na critéir roghnúcháin atá leagtha amach thuas. Gach uair a bhfuil conradh le déanamh sa réimse atá sonraithe i bpointe III.1, tabharfaidh an t-údarás conarthach cuireadh do na hiarrthóirí go léir ar an liosta tairiscint a chur isteach. Ní úsáidfear an liosta sin ach amháin le haghaidh conarthaí nach gcuimsítear le Treoir 2014/24/EU ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Táthar ag súil go seolfar an chéad chuireadh chun tairisceana a eascraíonn as an nglao seo ar léirithe spéise i Meán Fómhair 2018. Dá bhrí sin, molaimid go seolann oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil spéis acu ann a n-iarratas ar rannpháirtíocht a luaithe is féidir. Cuirfear iarrthóirí ar an eolas maidir le toradh a n-iarratas.