Seirbhísí - 340238-2018

04/08/2018    S149

Bheilg, an-An Bhruiséil: Tacaíocht d’ardáin bhreise réigiúnacha / áitiúla maidir le cómhaireachtáil idir daoine agus feoiliteoirí móra

2018/S 149-340238

Fógra conartha

Seirbhísí

Bunús dlí:
Treoir 2014/24/AE

Alt I: Údarás conarthachta

I.1)Ainm agus seoltaí
Ainm oifigiúil: An Coimisiún Eorpach, Directorate-General for Environment
Seoladh poist: ENV.A.5- Finance BU-9 01/005
Baile: Brussels
Cód NUTS: BE BELGIQUE-BELGIË
Cód poist: 1049
Tír: An Bheilg
Teagmhálaí: Markets Team
Ríomhphost: env-tenders@ec.europa.eu
Seoladh/seoltaí idirlín:
Príomhsheoladh: http://ec.europa.eu/environment/funding/calls_en.htm
I.3)Cumarsáid
Tá na doiciméid soláthair ar fáil ionas gur féidir rochtain dhíreach lán gan srianadh, saor in aisce a fháil orthu ag: https://etendering.ted.europa.eu/cft/cft-display.html?cftId=3938
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó an seoladh thuasluaite
Ní mór tairiscintí nó iarratais ar rannpháirtíocht a sheoladh chuig an seoladh thuasluaite
I.4)An cineál údaráis chonarthachta
Institiúid/gníomhaireacht Eorpach nó eagraíocht idirnáisiúnta
I.5)Príomhghníomhaíocht
Seirbhísí poiblí ginearálta

Alt II: Cuspóir

II.1)Raon feidhme an tsoláthair
II.1.1)Teideal:

Tacaíocht d’ardáin bhreise réigiúnacha / áitiúla maidir le cómhaireachtáil idir daoine agus feoiliteoirí móra

Uimhir thagartha: ENV.D.3/SER/2018/0021
II.1.2)Príomhchód CPV
90700000 Environmental services
II.1.3)An cineál conartha
Seirbhísí
II.1.4)Cur síos achomair:

Is éard atá i gceist leis an nglao seo ar thairiscintí seirbhísí a chur ar fáil chun idirphlé geallsealbhóirí a éascú agus chun coimhlintí a bhaineann le caomhnú feoiliteoirí móra a laghdú. Déanfaidh an conraitheoir 3 ardán réigiúnacha nó áitiúla do pháirtithe leasmhara a bhunú nó cúnamh a thabhairt iad a bhunú agus áiritheoidh sé go ndéanfar iad a rith (lena n-áirítear cúnamh, rúnaíocht, eadránaí / éascaitheoir, áiteanna cruinnithe, lónadóireacht, straitéis chumarsáide), agus go mbainfear leas as teicnící réitithe coimhlinte ábhartha. Ba cheart 15 chruinniú / cheardlann ar a laghad a eagrú le haghaidh gach ardán arna bhunú (3 ardán ar a laghad). I ngach ceann de na limistéir inar bunaíodh ardáin áitiúla / réigiúnacha, áiritheoidh an conraitheoir cur chun feidhme 2 nó 3 ghníomhaíocht ábhartha atá liostaithe sa doiciméad 'Príomhghníomhaíochtaí le haghaidh líon na bhfeoilteoirí móra san Eoraip' (http://ec.europa.eu/environment/nature/conservation/species/carnivores/pdf/key_actions_large_carnivores_2015.pdf).”

II.1.5)Luach iomlán measta
Luach gan CBL san áireamh: 500 000.00 EUR
II.1.6)Faisnéis faoi bhearta
Tá an conradh seo roinnte ina bhearta: níl
II.2)Cur síos
II.2.3)Láthair feidhmíochta
Cód NUTS: 00 Not specified
Príomhshuíomh nó príomhláthair na feidhmíochta:

Extra muros

II.2.4)Cur síos ar an soláthar:

Glao oscailte ar thairiscintí — Conradh seirbhíse. Conradh aonair le fad 36 mí.

II.2.5)Critéir dámhachtana
Ní praghas an t-aon critéar dámhachtana agus ní luaitear na critéir uile ach amháin sna doiciméid soláthair
II.2.6)Luach measta
Luach gan CBL san áireamh: 500 000.00 EUR
II.2.7)Tréimhse an chonartha, comhaontú creatlaí nó córas dinimiciúil ceannaigh
Fad ina mhíonna: 36
Tá an conradh seo faoi réir ag athnuachan: níl
II.2.10)Faisnéis faoi mhalairtí
Glacfar le malairtí: níl
II.2.11)Faisnéis faoi roghanna
Roghanna: níl
II.2.13)Faisnéis faoi Chistí an Aontais Eorpaigh
Baineann an soláthar le tionscadal agus/nó clár arna mhaoiniú ag cistí an Aontais Eorpaigh: níl
II.2.14)Faisnéis bhreise

Rinneadh é seo a fhoilsiú roimhe seo i bhFógra Réamhaisnéise IO 2018/S 056-123139 faoin teideal 'Ardáin réigiúnacha nó áitiúla a bhunú maidir le cómhaireachtáil idir daoine agus feoiliteoirí móra agus iad dírithe ar phríomhghníomhaíochtaí le haghaidh feoilteoirí móra i limistéir a bhfuil ardleibhéil coimhlinte iontu' agus buiséad 500 000 EUR bainteach leis.

Alt III: Faisnéis dhlíthiúil, eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil

III.1)Coinníollacha rannpháirtíochta
III.1.1)Oiriúnacht le bheith páirteach sa ghníomhaíocht ghairmiúil, lena n-áirítear riachtanais a bhaineann le rollú ar chláir ghairmiúla nó cheirde
Liosta agus cur síos achomair ar na coinníollacha:

Féach na Doiciméid Soláthair (féach pointí 1.1 agus 1.7 de na sonraíochtaí tairisceana).

III.1.2)Stádas eacnamaíoch agus airgeadais
Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair
III.1.3)Cumas teicniúil agus gairmiúil
Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair
III.2)Coinníollacha a bhaineann leis an gconradh
III.2.3)Faisnéis maidir leis an bhfoireann atá freagrach as feidhmiú an chonartha
Ba cheart ainmneacha agus cáilíochtaí gairmiúla na foirne atá freagrach as feidhmiú an chonartha a chur in iúl

Alt IV: Nós imeachta

IV.1)Cur síos
IV.1.1)An cineál nós imeachta
Nós imeachta oscailte
IV.1.3)Faisnéis faoi chomhaontú creatlaí nó faoi chóras ceannaigh dinimiciúil
IV.1.8)Faisnéis faoi Chomhaontú Soláthair Rialtais (GPA)
Tá an soláthar cumhdaithe ag an gComhaontas Soláthair Rialtais: tá
IV.2)Faisnéis riaracháin
IV.2.1)Foilseachán roimhe seo maidir leis an nós imeachta seo
Uimhir an fhógra in IO S: 2018/S 056-123139
IV.2.2)Teorainn ama chun tairiscintí nó chun iarratais ar rannpháirtíocht a fháil
Dáta: 17/09/2018
Am áitiúil: 16:00
IV.2.3)Dáta measta maidir le seoladh na gcuirí chun tairisceana nó chun rannpháirtíochta chuig iarrthóirí roghnaithe
IV.2.4)Teangacha inar féidir tairiscintí nó iarratais ar rannpháirtíocht a chur isteach:
Béarla, Bulgáiris, Danmhairgis, Gearmáinis, Gréigis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Cróitis, Ungáiris, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Slóvaicis, Slóivéinis, Spáinnis, Sualainnis, Seicis
IV.2.6)Fráma ama íosta nár mhór don iarrthóir an tairiscint a choinneáil lena linn
Fad ina mhíonna: 9 (ón dáta tugtha le haghaidh tairiscintí a fháil)
IV.2.7)Coinníollacha maidir le tairiscintí a oscailt
Dáta: 01/10/2018
Am áitiúil: 10:30
Láthair:

Avenue de Beaulieu 5, 1160 Brussels, an Bheilg, Salle D

Faisnéis faoi dhaoine údaraithe agus faoin nós imeachta oscailte:

Is féidir le huaslíon de bheirt ionadaithe in aghaidh an tairgeora freastal ar an oscailt (ní íocfar speansais).

Ar chúiseanna eagrúcháin agus slándála, ní mór don tairgeoir ainm iomlán agus uimhir aitheantais (ID) nó pas na n-ionadaithe a sholáthar 3 lá oibre ar a laghad roimh ré chuig: env-tenders@ec.europa.eu.

Ina éagmais sin, forchoimeádann an t-údarás conarthach an ceart chun diúltú don rochtain ar a áitreabh.

Alt VI: Faisnéis chomhlántach

VI.1)Faisnéis faoi ateagmhas
Is soláthar ateagmhasach é seo: níl
VI.3)Faisnéis bhreise:

I gcomhréir le hAirteagal 134.1.e) de Rialacha Feidhmithe le Rialachán Airgeadais Uimh. 2015/1929 an 28.10.2015, le linn na 3 bliana tar éis chur i gcrích an chonartha bhunaidh, beidh an t-údarás conarthach in ann leas a bhaint as an nós imeachta idirbheartaithe do sheirbhísí breise (gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré) i leith seirbhísí nua lena mbaineann athdhéanamh seirbhísí comhchosúla nó oibreacha ar cuireadh ar iontaoibh an oibreora eacnamaíoch dár dhámh an t-údarás conarthach conradh bunaidh, ar an gcoinníoll go dtagann na seirbhísí nó na hoibreacha sin le buntionscadal dár dámhadh an conradh bunaidh tar éis fhoilsiú fógra conartha, faoi na gcoinníollacha arna leagan amach i mír 4 d’Alt 134.

Beidh na doiciméid soláthair ar fáil le híoslódáil ag an seoladh atá léirithe faoi Cheannteideal I.3. Nuashonrófar an láithreán gréasáin go rialta agus is iad na tairgeoirí a bhíonn freagrach as nuashonruithe agus mionathruithe a sheiceáil i rith na tréimhse tairisceana.

VI.4)Nósanna imeachta athbhreithniúcháin
VI.4.1)Comhlacht athbhreithniúcháin
Ainm oifigiúil: An Chúirt Ghinearálta
Seoladh poist: Rue du Fort Niedergrünewald
Baile: Luxemburg
Cód poist: L-2925
Tír: Lucsamburg
Ríomhphost: GeneralCourt.Registry@curia.europa.eu
Guthán: +352 4303-1
Facs: +352 43032100
Seoladh idirlín: http://curia.europa.eu
VI.4.3)Nós imeachta athbhreithniúcháin
Faisnéis chruinn faoi spriocdháta(í) le haghaidh nósanna imeachta athbhreithniúcháin:

Faisnéis chruinn ar spriocdháta(í) do nósanna imeachta um athbhreithniú:

Is féidir leat aon tuairimí maidir leis an nós imeachta dámhachtana a chur isteach chuig an údarás conarthach atá léirithe faoi Cheannteideal I.1.

Má chreideann tú go raibh míriarachán i gceist, féadfaidh tú gearán a chur chuig an Ombudsman Eorpach laistigh de dhá bhliain ón dáta a d'éirigh tú feasach ar na fíricí a bhfuil an gearán bunaithe orthu (féach http://www.ombudsman.europa.eu). Ní dhéanfar an teorainn ama a chur ar fionraí ná achomharc a thionscnamh ná tréimhse nua taiscthe achomhairc a oscailt mar thoradh ar ghearán den sórt sin.

Laistigh de dhá mhí óna gcuirtear cinneadh na dámhachtana in iúl is féidir leat achomharc a thaisceadh leis an gcomhlacht dá dtagraítear in VI.4.1.

VI.5)Dáta seolta an fhógra seo:
26/07/2018