1.
Údarás conarthachta:
An Coimisiún Eorpach, Directorate-General for Climate Action, Unit SRD.2 ‘Finance’, BU -9 01/005, 1049 Brussels, AN BHEILG. Teil. +32-2-296.00.08. Ríomhphost: clima-tenders@ec.europa.eu
2.
Soláthar beartaithe 2017:
CLIMA B.3. Margadh carbóin idirnáisiúnta, eitlíocht agus muirí:
Teideal an tionscadail; dáta sealadach an fhoilsithe; buiséad táscach (EUR); cineál conartha (SER, ETU nó FRA):
modhanna agus breithniúcháin le haghaidh cuspóirí maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtaobh loingseoireacht idirnáisiúnta; Meitheamh 2017; 300 000; ETU;
Comhdháil Idirnáisiúnta na Síne maidir le trádáil astaíochtaí; Márta 2017; 500 000; SER.
CLIMA C.1. Straitéis agus measúnú eacnamaíoch:
Teideal an tionscadail; dáta sealadach an fhoilsithe; buiséad táscach (EUR); cineál conartha (SER, ETU nó FRA):
measúnú ar bheartais aeráide an AE ó dhearcadh lár an chéid; deireadh Bhealtaine 2017; 750 000; SER.
CLIMA C.2. Rialachas agus comhroinnt iarrachta:
Teideal an tionscadail; dáta sealadach an fhoilsithe; buiséad táscach (EUR); cineál conartha (SER, ETU nó FRA):
tacaíocht do phróiseas rialachais an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide — tacaíocht theicniúil agus phróisis do na Ballstáit; 1.3.2017; 900 000; SER;
tacaíocht chun módúlachtaí monatóireachta, tuairiscithe agus fíoraithe (MRV) nua a fhorbairt agus módúlachtaí monatóireachta, tuairiscithe agus fíoraithe (MRV) atá ann cheana a fheabhsú faoin UNFCCC; 1.3.2017; 300 000; SER;
tacaíocht chun teanga tuairiscithe Scéim an AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (ETS EU), .i. ‘XETL’ a chur chun feidhme; 15.5.2017; 200 000; SER;
tacaíocht don Choimisiún agus do Bhallstáit maidir le monatóireacht, tuairisciú, fíorú agus creidiúnú Scéim an AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí 2017–2018; 31.3.2017; 400 000; SER;
Scéim an AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí a chur chun feidhme: freagrachtaí náisiúnta d'Airteagal 21 de Threoir Scéim an AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí a anailísiú; 31.3.2017; 150 000; SER.
CLIMA C.3. Úsáid talún agus airgeadas le haghaidh nuála:
Teideal an tionscadail; dáta sealadach an fhoilsithe; buiséad táscach (EUR); cineál conartha (SER, ETU nó FRA):
dreasachtaí d'fheirmeoirí agus d'fhoraoiseoirí: gníomhaíocht aeráid-chliste maidir le talmhaíocht agus foraoiseacht; 30.4.2017; 350 000; ETU;
airgeadas a uas-scálú le haghaidh nuála chun tacú le COP21; 31.3.2017; 300 000; ETU;
féidearthacht infheistíochta agus ionstraimí maoinithe le haghaidh nuáil íseal-charbóin ar phróisis agus ar tháirgí san earnáil tionsclaíochta agus sa chóras fuinnimh — tacaíocht do chiste nuachóirithe; 31.3.2017; 300 000; ETU.
CLIMA C.4. Iompar ar bhóthar:
Teideal an tionscadail; dáta sealadach an fhoilsithe; buiséad táscach (EUR); cineál conartha (SER, ETU nó FRA):
forbairt bhreise ar VECTO; Meitheamh 2017; 250 000; SER;
treoirthionscadal — staidéar ar shaolréanna na bhfeithiclí arna mbreoslú ar bhonn leictreach, bithbhreosla agus traidisiúnta; Meán Fómhair 2017; 500 000; SER.