Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh

Féach leat féilire imeachtaí TED 2025

Is cúis áthais d’Oifig na bhFoilseachán a féilire d’imeachtaí, cruinnithe agus ceardlanna TED le haghaidh 2025 a fhógairt. Beidh formhór na n-iontrálacha san fhéilire ar siúl ar líne agus is cruinnithe iad a tharlóidh arís agus arís eile. Gach seans gur chuala tú trácht orthu cheana féin mar bhall de phobal TED.

Beidh spéis ag raon leathan páirtithe leasmhara agus comhpháirtithe TED sna himeachtaí sin, go háirithe úsáideoirí agus athúsáideoirí sonraí TED, eSenders, agus na hOinteolaíochta Ríomhsholáthair (ePO), chomh maith leis na pobail a úsáideann Doiciméad Aonair Eorpach um Sholáthar (ESPD).

Sábháil na dátaí seo thíos i d’fhéilire féin:

28 Márta: Ceardlann eSender TED

1 Aibreán: ESPD – Cruinniú den Phobal Úsáideoirí Oscailte

7-10 Aibreán: Cruinniú de Theanga Ghnó Uilíoch

14 Bealtaine: Cruinniú athúsáideoirí TED

3 Meitheamh: Cruinniú den Mheitheal um Ointeolaíocht Ríomhsholáthair

17 Meitheamh: ESPD – Cruinniú den Phobal Úsáideoirí Oscailte

26 Meitheamh: Ceardlann eSender TED

25 Meán Fómhair: Ceardlann eSender TED

2 Deireadh Fómhair: ESPD – Cruinniú den Phobal Úsáideoirí Oscailte

26-27 Samhain: TED-together 2025

Is féidir leat cuairt a thabhairt freisin ar na suíomhanna gréasáin tiomnaithe do cheardlanna eSenders, ceardlanna d’athúsáideoirí shonraí TED, chomh maith leis an imeacht TED-together. Beidh tuilleadh eolais ag teacht gan mhoill.