Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh
Cuir an dáta sa dialann! TED-together, 27-28 Samhain 2025
Is díol sásaimh d’Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh an dara heagrán den imeacht ‘TED-together – Cruinniú comhpháirteach do eSenders, Athúsáideoirí, speisialtóirí ointeolaíochta Ríomhsholáthair agus an Doiciméid Aonair Eorpaigh maidir le Soláthar (ESPD)’ a fhógairt. Is ar shonraí TED (‘Tenders Electronic Daily’) agus ar shonraí sholáthar poiblí an Aontais Eorpaigh a dhíreofar san imeacht. Beidh sé ar siúl an 27-28 Samhain 2025 i bhformáid hibrideach i Lucsamburg agus ar líne araon.
Beidh spéis ag raon leathan páirtithe leasmhara agus comhpháirtithe TED san imeacht seo, go háirithe úsáideoirí agus athúsáideoirí sonraí TED, eSenders, agus speisialtóirí na hointeolaíochta Ríomhsholáthair agus an Doiciméid Aonair Eorpaigh maidir le Soláthar (ESPD). Díreofar sa phlé ag an imeacht ar athruithe a tharla le déanaí agus atá le teacht lena n-éascófar úsáid sonraí soláthair phoiblí agus modhanna chun cáilíocht na sonraí sin a fheabhsú go leanúnach. Tabharfar aghaidh sa phlé freisin ar athruithe rialála atá le teacht i soláthar poiblí an Aontais.
Coinnigh súil amach le haghaidh níos mó eolais faoin deis ar leith seo eolas a chur ar dhomhan ilghnéitheach shonraí an tsoláthair phoiblí agus do líonra féin a fhás laistigh de phobal TED.
Cuirfear níos mó sonraí ar fáil ar ball faoin imeacht agus faoin gclárú.
Is féidir ceisteanna a sheoladh chuig: OP-EVENTS@publications.europa.eu

