Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh

Brabhsáil de réir ábhair

Fógraí a chuardach

Is féidir leat rogha a dhéanamh idir na 3 chineál cuardaigh chun fógraí a chuardach:

  • Mearchuardach
  • Cuardach casta
  • Sainchuardach

Raon feidhme an chuardaigh

Tá 3 raon cuardaigh fhéideartha ann, ag brath ar an raon feidhme atá uait: 

  • Eagrán reatha IO S — fógraí arna bhfoilsiú san eagrán reatha IO S.
  • Fógraí gníomhacha — cuireann sé srian leis an gcuardach do na fógraí is déanaí. Is iondúil go mbaineann sé sin le fógraí “Pleanála”, iad siúd a seoladh lena bhfoilsiú le 364 lá anuas; le haghaidh fógraí maidir le “Comórtas”, déanfaidh sé cuardach ar fhógraí nach bhfuil an spriocdháta ina leith thart; agus le haghaidh fógraí maidir le “Toradh”, is iad fógraí a seoladh lena bhfoilsiú le 99 lá anuas an raon atá i gceist.
  • Gach fógra — cuardaigh fógraí le 10 mbliana anuas (sonraí ar fáil ón 1/1/2014)

Brabhsáil de réir ábhair

Ag am ar bith, agus tú ag nascleanúint chuig suíomh gréasáin TED, tríd an “Rannán cuardaigh”, is féidir leat cuardach a dhéanamh ar fhógraí trí rogha a dhéanamh le brabhsáil de réir ábhair ar leith:

  • Deis ghnó
  • An earnáil ghnó (CPV)
  • Láthair na feidhmíochta

De réir réamhshocraithe, taispeántar na “Fógraí gníomhacha”, ach is féidir leat a roghnú líon na bhfógraí a thaispeántar a theorannú, trí Eagrán reatha IO S a roghnú faoin gceannteideal “Raon feidhme an chuardaigh”.

Brabhsáil de réir deis ghnó

Taispeántar leis an rogha seo na fógraí foilsithe de réir grúpaí nó de réir cineálacha deiseanna gnó ar leith. Is féidir leat rogha a dhéanamh féachaint ar fhógraí ar leith trí ghrúpa de Dheiseanna gnó nó cineál ar leith díobh a roghnú.

Ina theannta sin, is féidir leat an “Bosca scagaire” a úsáid chun cineál deise gnó ar leith a chuardach. Aibhseofar le dath buí na torthaí a thagann le do chritéir chuardaigh.

Brabhsáil de réir earnála gnó (CPV)

Taispeántar leis an rogha seo na fógraí foilsithe arna scagadh de réir na hearnála gnó. Déantar na hearnálacha gnó sin a chatagóiriú i bhfoirm crainn, bunaithe ar an “Stór focal comhchoiteann um sholáthar” (CPV).

Déan an crann a leathnú chun fógraí ar leith a chuardach.

Ina theannta sin, féadfaidh tú an “Bosca Scagaire” a úsáid chun earnáil ghnó nó cód CPV a chuardach. Aibhseofar le dath buí na torthaí a thagann le do chritéir chuardaigh.

Brabhsáil de réir láthair na feidhmíochta

Taispeántar leis an rogha seo fógraí foilsithe de réir láthair fhorghníomhú an chonartha.

Is féidir leat an léarscáil ar an rannán ar dheis a úsáid chun brabhsáil agus úsáid á baint as ainmníocht NUTS (aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh), nó de réir tíre. Is iad na tíortha an t-amharc réamhshocraithe don léarscáil, ach trí úsáid a bhaint as an roghchlár ar dheis, is féidir leat:

  • Súmáil isteach / Súmáil amach
  • Féachaint ar an léarscáil de réir leibhéal NUTS eile (NUTS 1, NUTS 2, NUTS 3)
  • Lánscáileán a oscailt / imeacht ón Lánscáileán

Sainaithnítear leis na dathanna éagsúla líon na bhfógraí ar an láthair feidhmíochta shonrach.

Tá an eochair eolais ar taispeáint sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ag bun na léarscáile.

In ionad an léarscáil a úsáid, féadfaidh tú nascleanúint a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an rannán ar chlé, inar féidir leat cuardach a dhéanamh trí:

  • Láthair feidhmíochta shonrach a leathnú
  • Clóscríobh isteach sa Bhosca scagaire chun láthair feidhmíochta shonrach a aimsiú. Aibhseofar le dath buí na torthaí a thagann le do chritéir chuardaigh.

Gach uair a roghnaíonn tú an cnaipe leathnaithe i gcás láthair feidhmíochta shonrach, freagraíonn an léarscáil do do rogha. Trí chliceáil ar láthair feidhmíochta shonrach tabharfar chuig leathanach na dtorthaí cuardaigh thú, áit ina mbeidh na fógraí don láthair feidhmíochta sin.