Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh
Cuardaigh & Brabhsáil
Fógraí a chuardach
Is féidir leat rogha a dhéanamh idir na cineálacha cuardaigh seo a leanas:
- Cuardach tapa
- Cuardach casta
- Sainchuardach
- Brabhsáil de réir ábhair (deis ghnó, earnáil ghnó, láthair feidhmíochta)
Réimse cuardaigh
Is féidir leat rogha a dhéanamh ó 3 réimse cuardaigh:
- An t-eagrán is déanaí den IO S – fógraí a foilsíodh san eagrán is déanaí den Fhorlíonadh a ghabhann le hIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
- Fógraí gníomhacha – lena sriantar an cuardach ionas nach gcuardófar ach na fógraí is déanaí. Áirítear leis sin:
- ‘fógraí pleanála’ – i.e. fógraí a seoladh lena bhfoilsiú le 364 lá anuas,
- ‘fógraí comórtais’ – fógraí nach bhfuil an spriocdháta ina leith istigh fós,
- ‘fógraí faoi thorthaí’ – i.e. fógraí a seoladh lena bhfoilsiú le 99 lá anuas.
- Gach fógra – cuardaigh gach fógra a foilsíodh le 10 mbliana anuas ón lá inniu.
Leis an rogha ‘gan ach na leaganacha is déanaí san áireamh’, déantar seanleaganacha d’fhógra a scagadh amach agus ní thaispeánfar ach an leagan is déanaí de sna torthaí cuardaigh. Is éard a chiallaíonn sin, má foilsíodh fógraí maidir le hathrú, go dtaispeánfar an fógra maidir le hathrú is déanaí. Tá na seanleaganacha den fhógra agus na huimhreacha foilseacháin a ghabhann leo ar TED go fóill, ach ní thaispeánfar iad sna torthaí cuardaigh má chuirtear tic leis an rogha seo.
Cuardach tapa
Tá an cuardach tapa ar fáil do gach úsáideoir, bíodh siad ina n-aoi-úsáideoir nó ina n-úsáideoir logáilte isteach. Tabhair faoi deara:
- i gcás aoi-úsáideoirí nach bhfuil cuntas TED acu, is é ‘Fógraí gníomhacha’ an raon feidhme réamhshocraithe;
- i gcás úsáideoirí atá logáilte isteach, is é an raon feidhme réamhshocraithe an raon feidhme a roghnaigh siad sna sainroghanna suímh le haghaidh úsáideoirí TED atá logáilte isteach.
Téacs iomlán (Full text - FT)
Leis an gcuardach tapa is féidir leat cuardach a dhéanamh ar théacs iomlán tríd an eochairfhocal is mian leat a chuardach a shonrú.
Déantar an cuardach sna réimsí seo a leanas:
- na réimsí téacs go léir i ngach fógra,
- gach lipéad le haghaidh luachanna cóid, mar a thaispeántar i bhfógraí iad,
- gach teanga.
Frása beacht
Is féidir comharthaí athfhriotail dúbailte a úsáid: (“ ”) a úsáid chun frása beacht a chuardach.
- Mar shampla: le “Talmhaíocht agus Bia” ní aimsítear ach ‘Talmhaíocht agus Bia’ agus é sin amháin
Saoróga
Is féidir leat na saoróga seo a leanas a úsáid i do chuardach:
- réiltín (*) chun líon ar bith carachtar a ionadú
- Mar shampla: le “tuairim*” aimseofar na focail tuairimí, tuairimíocht, etc.
- le comhartha ceiste (?) in ionad carachtar amháin aimseofar leaganacha éagsúla den fhocal ina bhfuil carachtar difriúil
- Mar shampla: le “c?s” aimseofar na focail cás, cos, cas, etc.
Tabhair faoi deara:
- ní féidir saoróg tosaigh a úsáid (e.g. *uairim) nuair is ‘Gach fógra’ do raon feidhme cuardaigh.
- Ní féidir saoróga a úsáid i gcuardach frása beacht.
Uimhir foilseacháin an fhógra
- Is féidir leat aon fhógra amháin a chuardach
- Mar shampla: le “665741-2023”, aimsítear an fógra sonrach.
- Is féidir leat roinnt fógraí a chuardach
- Mar shampla: Aimsítear an dá fhógra le “665741-2023 665740-2023”.
Cuardach casta
Ar an leathanach seo is féidir leat fógraí a chuardach ina gcuirtear critéar amháin nó níos mó i bhfeidhm ó na naoi ngrúpa critéar atá ar fáil.
Grúpaí critéar
Is iad seo a leanas na naoi ngrúpa critéar:
- Téacs Tá an fheidhmiúlacht chéanna aige sin agus atá ag an gCuardach Tapa. Leis sin is féidir leat cuardach a dhéanamh ar théacs iomlán tríd an eochairfhocal/na heochairfhocail is mian leat a chuardach a shonrú.
- Deiseanna gnó:
- Pleanáil:
- Fógra maidir le foilsiú fógra faisnéise roimh ré nó fógra faisnéise tréimhsiúil i dtaobh próifíl cheannaitheora.
- Fógra faisnéise roimh ré nó fógra táscach tréimhsiúil ar mhaithe le faisnéis amháin.
- Fógra faisnéise roimh ré nó fógra táscach tréimhsiúil lena ngearrtar na teorainneacha ama le tairiscintí a fháil.
- Fógra réamhfhaisnéise le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí.
- Iomaíocht:
- Fógra conartha – an córas éadrom.
- Fógra maidir le conradh nó lamháltas – an gnáthchóras.
- Fógra faoi chomórtas dearaidh.
- Fógra faoi chóras cáilíochtaí a bheith ann.
- Fógra réamhfhaisnéise nó fógra táscach tréimhsiúil lena ndéantar glao ar iomaíocht – an córas éadrom.
- Fógra réamhfhaisnéise nó fógra táscach tréimhsiúil lena ndéantar glao ar iomaíocht – an gnáthchóras.
- Fógra fochonartha.
- Toradh:
- Fógra conartha nó fógra dámhachtana lamháltais – an gnáthchóras.
- Fógra conartha nó fógra dámhachtana lamháltais – an córas éadrom.
- Fógra faoi thorthaí an chomórtais dearaidh.
- Fógra faoi dhámhachtain conartha le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí.
- Tuilleadh roghanna – roghnaigh an cineál fógra ó liosta mionsonraithe.
- Pleanáil:
- Ábhar an chonartha:
- An Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV) – doiciméid a chuardach de réir an ghrúpa táirgí nó seirbhísí agus aicmiú an ghrúpa trí úsáid a bhaint as an gcód CPV, e.g. táirgí ceimiceacha (cód CPV 24000000), gáis (cód CPV 24100000). Tá tuilleadh eolais ar leathanach TED le haghaidh cóid CPV.
- Cineál conartha – cuardach a dhéanamh de réir an chineáil conartha, i.e. seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha.
- Áit feidhmíochta – cuardach a dhéanamh trí phríomhshuíomh na n‑oibreacha, príomhshuíomh seachadta an tsoláthair nó príomhshuíomh feidhmíochta seirbhísí a úsáid.
- Luach an tsoláthair – cuardach a dhéanamh de réir na méideanna a léirítear i bhfógraí sna réimsí ina bhfuil ‘Luach measta’ nó ‘Luach iomlán’ (íosmhéid agus/nó uasmhéid) agus/nó de réir airgeadra ar leith.
- Nós imeachta:
- Cineál nós imeachta – cuardach a dhéanamh de réir an chineáil nós imeachta a úsáidtear le haghaidh cuireadh chun tairisceana, e.g. nós imeachta oscailte, nós imeachta idirbheartaithe.
- Na teangacha inar féidir tairiscintí a chur isteach – cuardach a dhéanamh ar fhógraí ina bhfuil cead ag tairgeoirí ionchasacha iarratais a chur isteach le bheith rannpháirteach i dtairiscintí i dteanga(cha) s(h)onrach(a).
- Dáta:
- Dáta foilsithe – roghnaigh idir dáta sonrach nó eatramh ama.
- Spriocdháta le haghaidh tíolactha – spriocdháta faoinar féidir léirithe spéise, iarrataí ar rannpháirtíocht nó tairiscintí a chur isteach.
- Spriocdháta le haghaidh faisnéis bhreise – an dáta deiridh chun faisnéis bhreise agus/nó soiléirithe a iarraidh ó na tairgeoirí féideartha.
- Foilsithe san Fhorlíonadh ar an Iris Oifigiúil:
- Uimhir eagráin IO S – fógraí atá foilsithe in eagrán IO S ar leith.
- Uimhir foilseacháin an fhógra – e.g. 308789-2024, 2024/S 100-308789.
- Ceannaitheoir:
- Ainm oifigiúil (réimse ilteangach saorthéacs) – ainm an cheannaitheora.
- Uimhir chlárúcháin náisiúnta (réimse saorthéacs – NÍ réimse ilteangach é seo) – e.g., DE 114 110 388 (Stadt Frankfurt am Main, an Ghearmáin).
- Tír – áit a bhfuil an ceannaitheoir lonnaithe.
- Baile/cathair (réimse ilteangach saorthéacs) – áit a bhfuil an ceannaitheoir lonnaithe.
- An cineál ceannaitheora – e.g. údarás réigiúnach; institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht Eorpach; eagraíocht idirnáisiúnta.
- An phríomhghníomhaíocht – an phríomhghníomhaíocht a chumhdaítear leis an gconradh, e.g. oideachas, sláinte, áiseanna tithíochta agus pobail.
- Maoiniú: déan rogha idir cláir chúnaimh sheachtraigh agus tionscnóirí neamh-AE an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI).
- Bunús dlí:
- Bunús dlí – treoir an Aontais nó rialachán an Aontais um sholáthar poiblí, faoinar eisíodh an fógra.
- Bunús dlí eile (réimse ilteangach saorthéacs) – cuardaigh bunúis dlí eile nach luaitear sa réimse ‘Bunús dlí’.
Tabhair faoi deara: Is réimsí ilteangacha na réimsí saorthéacs seo a leanas (seachas Uimhir chlárúcháin) agus tá an fheidhmiúlacht chéanna acu agus atá ag Cuardach Tapa:
- Ainm oifigiúil an cheannaitheora
- Uimhir chlárúcháin an cheannaitheora
- Baile/cathair an cheannaitheora
- Bunús dlí eile
Gníomhaíochtaí eile
Ag barr an leathanaigh, os cionn Raon feidhme Cuardaigh, is féidir gníomhartha eile a roghnú.
Is féidir le haon úsáideoir úsáid a bhaint as:
- An nasc Athraigh go sainmhód – déan sainchuardach den chuardach casta
- An cnaipe Gníomhaíochtaí – Critéir chuardaigh a phriontáil
Is féidir le húsáideoirí atá logáilte isteach dhá fheidhmiúlacht bhreise a úsáid:
- An cnaipe Gníomhaíochtaí – Cuardach sábháilte a lódáil
- An cnaipe Gníomhaíochtaí – Critéir chuardaigh a shábháil
Sainchuardach
Is éard atá i gceist le sainchuardach:
- sloinn réimse is féidir a chomhcheangal le hoibritheoirí Boole (OR, AND, NOT) agus lúibíní. Is éard atá i slonn réimse:
- réimse cuardaigh (e.g. uimhir foilseacháin)
- oibreoir téarma (e.g. =)
- luachanna téarmaí cuardaigh (e.g. 1234-2024). Úsáidtear luachanna na dtéarmaí cuardaigh chun an chuid de na fógraí a bhaineann le luachanna réimse cuardaigh a chuardach.
réimse cuardaigh oibreoir téarma luach téarma cuardaigh e.g. publication-number = 1234-2024
Is féidir teanga chaighdeánaithe iarratas (teanga choiteann na n-orduithe) a úsáid chun do Shainchuardach a dhéanamh. Is féidir tosú ar d’iarratas cuardaigh a chlóscríobh i mbosca ionchuir rannán an tsainchuardaigh.
Is féidir oibritheoirí a chlóscríobh go díreach isteach sa bhosca ionchuir, nó na cnaipí ar thaobh na láimhe deise a úsáid chun iad a chur le do chuardach go héasca.
Is féidir réimsí cuardaigh a chlóscríobh go díreach sa bhosca ionchuir. Agus tú ag clóscríobh, molfaidh an córas réimsí cuardaigh a mheaitseálann an t-ionchur atá curtha ar fáil agat. Is féidir leat an fheidhmiúlacht uathchríochnaithe a úsáid chun ceann acu a roghnú.
De rogha air sin, tríd an rannán ‘Réimse cuardaigh’ atá faoi bhun an bhosca ionchuir a úsáid, is féidir luachanna réimse a chuardach agus a chur go díreach le d’iarratas.
Is féidir leat féachaint ar na luachanna a nglactar leo mar chód nó mar théacs ach an cnaipe raidió cuí os cionn an bhosca cuardaigh a roghnú.
Ar deireadh, is féidir a sheiceáil tráth ar bith go bhfuil do chuardach ceart ach ‘Comhréir a sheiceáil’ a roghnú.
Is féidir do thorthaí cuardaigh a shórtáil de réir réimsí cuardaigh in ord ardaitheach (réamhshocrú) agus in ord íslitheach (DESC). Ní féidir é sin a dhéanamh ach le haghaidh réimsí cuardaigh eochairfhocail nó uimhriúla.
Ailias an réimse chuardaigh
Tá na céadta réimse cuardaigh ar shuíomh gréasáin TED, agus a shraith ailiasanna féin ag gach ceann acu. Ciallaíonn sé sin gur féidir an fhaisnéis chéanna a aisghabháil trí ailiasanna éagsúla a úsáid le haghaidh na réimsí cuardaigh.
Mar shampla, más mian leat fógraí a foilsíodh an 20 Samhain 2024 a aimsiú, is féidir leat aon cheann de na ceisteanna atá liostaithe thíos a úsáid chun na torthaí céanna a fháil:
- publication-date=20241120
- BT-05(a)-notice=20241120
- PD=20241120
Sa sampla thuas, tá dhá ailias ann don réimse cuardaigh ‘publication-date’:
- BT-05(a)-notice: comhfhreagraíonn an t-ailias seo do mheiteashonraí réimse na ríomhfhoirmeacha
- Chun sonraí a fháil maidir leis na meiteashonraí réimse, féach Field metadata: TED Developer Documentation
- PD: is é an t-ailias seo an réimse cuardaigh a úsáideadh sa leagan roimhe seo de shuíomh gréasáin TED
Oibritheoirí téarma
Is éard is ‘oibritheoir téarma’ ann an t-oibreoir idir réimse cuardaigh agus luachanna na dtéarmaí cuardaigh.
Is iad seo a leanas na hoibritheoirí téarma is minice a úsáidtear:
- ‘=’
- ‘~’
- ‘IN’
- oibritheoirí comparáide ‘>’,’=’, ‘<=’
an t-oibritheoir ‘=’
Déanfaidh an t-oibritheoir ‘=’ cuardach idir luachanna an téarma cuardaigh agus luachanna an réimse cuardaigh.
Is féidir le luachanna na dtéarmaí cuardaigh a bheith ina bhfocal le saoróg agus frása nó gan iad.
Más mian leat illuachanna téarmaí cuardaigh a úsáid, ní mór duit iad a chur idir lúibíní le hoibritheoirí Boole (OR, AND agus NOT).
Mar shampla:
- FT=talmhaíocht
- FT=(talmhaíocht OR bia)
Cuardóidh an córas meaitseáil chruinn idir luachanna na dtéarmaí cuardaigh agus luachanna na réimsí.
I gcás réimsí téacs agus réimsí ilteangacha, tiontaítear na luachanna trí thraslitriú a úsáid ach ní dhéantar tamhantóireacht orthu.
an t-oibritheoir “~”
Déanfaidh an t-oibritheoir “~” cuardach idir luachanna an téarma cuardaigh agus luachanna an réimse cuardaigh.
Is féidir le luachanna na dtéarmaí cuardaigh a bheith ina bhfocal le saoróg agus frása nó gan iad.
Más mian leat illuachanna téarmaí cuardaigh a úsáid, ní mór duit iad a chur idir lúibíní gan aon oibritheoirí Boole.
Is é ‘AND’ an t-aon oibreoir intuigthe agus an t-aon oibreoir amháin.
Mar shampla:
- FT~talmhaíocht
- Lorgóidh FT~(talmhaíocht bia) talmhaíocht AGUS bia
- Lorgóidh FT~(“talmhaíocht agus bia” deoch) an frása ‘talmhaíocht agus bia’ AGUS deoch
I gcás réimsí cuardaigh ilteangacha (e.g. FT), déanfar an cuardach a thamhnadh. Mura ndéanfaí é sin, meaitseáil chruinn a bheadh mar thoradh air, ar aon dul leis an oibritheoir ‘=’.
an t-oibritheoir ‘IN’
Déanfaidh an t-oibreoir ‘IN’ cuardach i liosta de luachanna na dtéarmaí cuardaigh. Is é ‘OR’ an t-oibreoir intuigthe idir luachanna an téarma cuardaigh.
Mar shampla déanfaidh ‘uimhir foilseacháin IN (262225-2019 123-2023)’ an cuardach céanna le ‘uimhir foilseacháin = (262225-2019 OR 123-2023)’.
I gcás réimsí cuardaigh ilteangacha (e.g. FT), déanfar na luachanna téarma cuardaigh a thamhnadh. Mura ndéanfaí é sin, meaitseáil chruinn a bheadh mar thoradh ar an gcuardach.
Oibritheoirí comparáide
Is iad seo a leanas na hoibritheoirí comparáide is féidir leat a úsáid:
- > Níos mó ná
- < Níos lú ná
- >= Níos mó ná nó cothrom le
- <= Níos lú ná nó cothrom le
Ní féidir iad a úsáid ach amháin i réimsí cuardaigh uimhriúla – dáta, uimhir foilseacháin agus uimhir IO S ina measc.
Tábla na n-oibritheoirí
Liostaítear sa tábla seo a leanas na hoibritheoirí uile agus a bhfeidhmeanna.
Oibritheoir | Feidhm |
---|---|
OR | Aimsítear torthaí a bhfuil téarma cuardaigh amháin ar a laghad iontu |
AND | Aimsítear torthaí a bhfuil na téarmaí cuardaigh uile iontu |
NOT | Ní áirítear luach téarma cuardaigh sna torthaí |
> | Níos mó ná |
< | Níos lú ná |
>= | Níos mó ná nó cothrom le |
<= | Níos lú ná nó cothrom le |
~ | Cuardaítear idir luachanna na dtéarmaí cuardaigh agus luachanna an réimse cuardaigh trí úsáid a bhaint as ‘AND’ mar an t-oibreoir intuigthe |
!~ | frithoibriú ‘~’ |
= | Cuardaítear idir luachanna na dtéarmaí cuardaigh (ar féidir leo a bheith ina bhfocail nó ina bhfrásaí le saoróga nó gan saoróga) agus luachanna na réimsí cuardaigh. I gcás ina bhfuil luachanna téarmaí cuardaigh iomadúla ann, tá oibritheoirí eatarthu éigeantach. |
!= | frithoibriú ‘=’ |
IN | Cuardaítear i liosta de luachanna téarmaí cuardaigh. |
NOT IN | Eisiatar luach ó liosta luachanna téarmaí cuardaigh. |
SORT BY | Sórtáiltear torthaí de réir |
Luachanna téarma cuardaigh
Smaoinigh ar na comhréireanna sonracha agus na nótaí sonracha seo a leanas le haghaidh luachanna téarma cuardaigh sa Sainchuardach:
Saoróga
- Lorgóidh FT=(rith*) aon fhocal a thosaíonn le ‘rith’
- Lorgóidh classification-cpv = 30* aon chód CPV dar tús ‘30’
- Is féidir saoróga a úsáid i réimsí ilteangacha, ach nuair a úsáidtear iad leis an oibritheoir ‘~’ nó ‘IN’, déanfar an cuardach ar na luachanna réimse cuardaigh tamhanta. Mar shampla, má chuardaítear rithea*, ní bheidh aon toradh air sin, ós rud é go bhfuil an focal ‘ritheann’ tamhanta go ‘rith’.
Frása beacht
- Lorgóidh FT~“Talmhaíocht agus Bia” an frása Talmhaíocht agus Bia.
- Má úsáidtear comharthaí athfhriotail dúbailte bíonn tionchar acu ar torthaí an chuardaigh nuair a úsáidtear iad le réimse cuardaigh téacs nó ilteangach nach gcuardaítear leis ach an frása beacht. Mar shampla:
- is ionann an cuardach buyer-country = FRA agus an cuardach buyer-country = “FRA”
- is ionann an cuardach buyer-name ~ Comhairle agus an cuardach buyer-name ~ "Comhairle", ós focal amháin atá ann
- ach tá an cuardach buyer-name ~ Comhairle an neamhbhailí (toisc go bhfuil níos mó ná focal amháin i gceist), agus tá an cuardach buyer-name ~ "Comhairle an" bailí. D’aimseodh sé sin fógraí inarb ann don fhrása ‘Comhairle an’ sa réimse ‘buyer-name’, e.g. fógraí inarb é ‘Comhairle an Aontais Eorpaigh’ nó ‘Comhairle Chathair Wakefield’ an t-ainm ceannaitheora, etc.
- Ní féidir saoróga a úsáid i gcuardach frása.
Comparáid
- Is féidir oibritheoirí comparáide a úsáid freisin mar réimír le haghaidh luachanna téarma cuardaigh.
- Ní féidir iad a úsáid ach amháin i réimsí cuardaigh uimhriúla – dáta, uimhir foilseacháin agus uimhir IO S ina measc.
- Mar shampla: TV = (>= 1000)
Tréimhse ama
- Is féidir túslitir a úsáid chun cuardach a dhéanamh ar thréimhse ama (e.g. contract-duration-period-lot=5d).
- Is iad na túslitreacha a cheadaítear ná ‘d’ le haghaidh lá, ‘w’ le haghaidh seachtain, ‘m’ do mhí agus ‘y’ do bhliain, gan beann ar an teanga bhrabhsála (e.g ná haistrítear ‘d’ go ‘l’ le haghaidh ‘lá’ i gcás na Gaeilge).
- An tréimhse ama réamhshocraithe ná an lá.
Acrainmneacha
Tá roinnt bealaí ann le leanúint ar aghaidh agus meascán de roinnt acrainmneacha á lorg e.g. ‘INFRABEL’ nó ‘STIB’ nó ‘SNCB’ nó ‘SNCF’ nó ‘RATP’:
- Bealach optamach: FT IN (INFRABEL STIB SNCB SNCF RATP)
- Bealach neamhoptamach: FT = (INFRABEL OR STIB OR SNCB OR SNCF OR RATP)
- Bealach neamhoptamach: (FT ~ (INFRABEL)) OR (FT ~ (STIB)) OR (FT ~ (SNCB)) OR (FT ~ (SNCF)) OR (FT ~ (RATP))
Tamhantóireacht
Is bealach é an tamhantóireacht chun teanga a phróiseáil trí fhocail a ghiorrú go dtí a bhfréamhfhoirm nó a bhfoirm bhunúsach. Is é an sprioc foirmeacha infhillte éagsúla d’fhocal a ghrúpáil le chéile ionas gur féidir anailís a dhéanamh orthu mar mhír amháin. Cuidíonn an próiseas sin le héifeachtúlacht tascanna próiseála téacs, cuir i gcás cuardach agus innéacsú, a fheabhsú.
Seo roinnt samplaí de thamhantóireacht:
Teanga | Focal tosaigh 1 | Focal tosaigh 2 | Focal tosaigh 3 | I ndiaidh na tamhantóireachta |
---|---|---|---|---|
Gaeilge | rithfidh | ritheann | ritheadh | rith |
Fraincis | manger (ith) | mangé (d’ith) | mangeant (ag ithe) | mang |
Gearmáinis | spielen (imirt) | gespielt (d’imir) | spielend (ag imirt) | spiel |
Spáinnis | Cantar (can) | cantando (ag canadh) | cantado (canta) | cant |
Tabhair faoi deara: is le teanga ar leith a bhaineann an tamhantóireacht agus níl sí infheidhme ach amháin maidir le réimsí cuardaigh ilteangacha (e.g. FT). Mar shampla:
- FT~(rith) – Tá FT ilteangach, mar sin déanfar tamhantóireacht ar ritheann, i.e. giorrófar é go dtí an tamhan ‘rith’.
- buyer-name~(rith) – ní réimse ilteangach é ‘buyer-name’, mar sin ní dhéanfar tamhantóireacht ar rith bac ar ritheann.
Traslitriú
Is é traslitriú an próiseas chun téacs a thiontú ó script amháin go ceann eile, ag díriú ar fhuaimeanna bunaidh na bhfocal a chaomhnú seachas a gciall. I gcuardach TED, is í an aibítir Laidineach an sprioc-script.
Cuidíonn traslitriú le húsáideoirí focail iasachta a fhuaimniú i gceart trí charachtair aithnidiúla a úsáid óna n-aibítir féin nó óna gcóras scríbhneoireachta féin.
Ní dhéantar focail atá sa sprioc-script cheana féin a thraslitriú; mar shampla, fágtar an focal Gaeilge ‘ríomhaire’ mar ‘ríomhaire’, díreach mar a fhágtar an focal Fraincise ‘ordinateur’ mar ‘ordinateur’.
Seo a leanas roinnt samplaí den traslitriú:
Teanga | Focal sa bhunteanga | Tar éis an traslitrithe | Tiontú curtha i bhfeidhm |
---|---|---|---|
Fraincis | français (Fraincis) | francais | cuirtear ‘c’ in ionad an tsraithín (ç) |
Fraincis | école (scoil) | ecole | cuirtear ‘e’ in ionad an tsínidh fhada (é) |
Gearmáinis | Straße (sráid) | Strasse | cuirtear ‘ss’ in ionad an S ghéar (ß) |
Gearmáinis | München | Muenchen | cuirtear ‘ue’ in ionad an umlabht (ü) |
Spáinnis | mañana (amárach) | manana | cuirtear ‘n’ in ionad an tilde (ñ) |
Spáinnis | corazón (croí) | corazon | cuirtear ‘o’ in ionad an tsínidh fhada (ó) |
Dea-chleachtas
Leidí | Bealach optamach | Bealach neamhoptamach |
---|---|---|
Úsáid an t-oibritheoir ‘IN’ chun aontas (OR) de luachanna ilchód a chuardach. | notice-type IN (cn-desg veat) |
|
Úsáid an t-oibritheoir ‘NOT IN’ chun eisiamh ó do chuardach | notice-type NOT IN (cn-desg veat) |
|
Úsáid an t-oibritheoir ‘=’ chun cuardach a dhéanamh ar iliomad luachanna téarma cuardaigh nó chun cuardach casta Boole a dhéanamh sa réimse cuardaigh céanna. | publication-number = (290516-2024 AND 390516-2024) | publication-number = (290516-2024) AND publication-number = (390516-2024) |
Úsáid an t-oibritheoir ‘~’ chun cuardach téacs iomláin a dhéanamh le focail choitianta, chun tairbhe a bhaint as tamhantóireacht. | FT ~ (agriculture water) | FT = (agriculture* OR water*) |
Ná húsáid an réiltín saoróige (*) ach le haghaidh focail neamhchoitianta, eochairfhocail nó aitheantóirí (e.g. Benzoylperoxid_TK, D10AF54). | FT = (Benzoylperoxid* AND D10A*) | |
Ná húsáid comharthaí athfhriotail dúbailte(“”) chun focal amháin a chuardach. | FT~talmhaíocht | FT~”talmhaíocht” |
Samplaí de shainchuardaithe (Tabhair faoi deara: ní gá cóid na luachanna réimse a bheith ar eolas agat; déanann an córas ainm téacs an réimse chuardaigh a chuireann tú isteach nó ar a gcliceálann tú ón liosta a athrú go huathoibríoch go cód):
An rud atá á lorg agat | An méid le cur isteach mar Shainchuardach |
---|---|
Gach fógra atá ar fáil ar TED | OJ = () |
Fógraí a bhfuil dispatch-date / DS (i.e. an dáta ar cuireadh an fógra faoi bhráid Oifig na bhFoilseachán) ar leith ag gabháil leo |
Rogha 1: DS = 20240916 |
Fógraí a foilsíodh idir dhá dháta |
Rogha 1: PD = (20240101 <> 20240131) |
Buyer-identifier / BI (Uimhir chlárúcháin) |
Rogha 1: buyer-identifier IN (CURIA PUBL) |
Fógraí ina bhfuil níos mó ná líon sonraithe luchtóg / NL | NL >= 10 |
Rogha de chineálacha fógra (e.g. fógra faoi chomórtas dearaidh nó fógra faoi mhodhnú conartha) | notice-type IN (cn-desg can-modif) |
Fógraí a bhaineann le grúpa táirgí áirithe trí úsáid a bhaint as na cóid ón stór focal comhchoiteann um sholáthar (classification-cpv / PC) |
Cuardach 1 (gach fógra ó chrann CPV 30 - Innealra, trealamh agus soláthairtí oifige agus ríomhaireachta seachas troscán agus pacáistí bogearraí): classification-cpv = 30* / classification-cpv = 30000000 |
Fógraí ag a bhfuil place-of-performance / RC (láthair feidhmíochta) sonraithe |
Cuardach 1 (cód NUTS do roinn Fhrancach Bas-Rhin): RC = FRF11 |
Eochairfhocal full text / FT i gcineál sonrach fógra (e.g. ‘Díosal’ á lorg i bhfógra conartha nó dámhachtana lamháltais – an gnáthchóras) | FT ~ Diesel AND notice-type = can-standard |
Fógraí ina bhfuil íosluach tairisceana sonraithe in airgeadra sonraithe le ceann amháin de roinnt CPVanna féideartha | total-value = (>=1000) AND total-value-cur = EUR AND classification-cpv IN (31642200 38000000 73410000) |
Fógraí ina bhfuil réimse sonrach (sa sampla seo ‘legal-basis-proc’) | legal-basis-proc = * |
Fógraí nach bhfuil réimse sonrach iontu (sa sampla seo ‘legal-basis-proc’) | legal-basis-proc != * |
Cineálacha sonracha fógraí a fhoilsítear ar dháta sonrach dár roghnaíodh buaiteoir amháin ar a laghad | notice-type IN (can-standard can-social can-desg can-tran) AND publication-date = 20240125 AND winner-selection-status IN (selec-w) |
Cineálacha sonracha fógraí a fhoilsítear ar dháta sonrach agus nach bhfuil stádas an bhuaiteora fógartha ina leith | notice-type IN (can-standard can-social can-desg can-tran) AND publication-date = 20240125 AND winner-selection-status != * |
Fógra comórtais a aimsiú tríd an gCóras Dinimiciúil Ceannaigh (DPS) | dps-usage-lot IN (dps-nlist dps-list) AND notice-type IN (pin-cfc-standard pin-cfc-social qu-sy cn-standard cn-social subco cn-desg) |
Gníomhaíochtaí eile
Ag barr an leathanaigh, os cionn Raon feidhme Cuardaigh, is féidir gníomhartha eile a roghnú.
Is féidir le haon úsáideoir úsáid a bhaint as:
- An cnaipe Gníomhaíochtaí – Critéir chuardaigh a phriontáil
Is féidir le húsáideoirí atá logáilte isteach dhá fheidhmiúlacht bhreise a úsáid:
- An cnaipe Gníomhaíochtaí – Cuardach sábháilte a lódáil
- An cnaipe Gníomhaíochtaí – Na critéir chuardaigh atá sonraithe sa bhosca ‘Sainchuardach’ a shábháil
Brabhsáil de réir ábhair
Is féidir cuardach a dhéanamh in TED le haghaidh fógraí trí bhrabhsáil de réir ábhar ar leith sa roinn ‘Cuardaigh’ tráth ar bith:
- Deis ghnó
- Earnáil ghnó (CPV)
- An áit feidhmíochta
Mar réamhshocrú, taispeántar leis an gcuardach seo na ‘Fógraí gníomhacha’, ach is féidir teorainn a chur le líon na bhfógraí a thaispeántar ach ‘An t-eagrán is déanaí den IO S’ a roghnú sa rannán ‘Raon feidhme cuardaigh’.
Brabhsáil de réir deis ghnó
Taispeánann an rogha seo na fógraí foilsithe de réir grúpaí de dheiseanna gnó nó de réir cineálacha sonracha deiseanna gnó. Trí chliceáil ar ghrúpa sonrach deiseanna gnó nó ar chineál sonrach deiseanna gnó, tabharfar chuig leathanach na dtorthaí cuardaigh thú, ar a bhfuil na fógraí a bhaineann leis an rogha sin.
Ina theannta sin, is féidir leat an ‘Bosca Scagaire’ a úsáid chun cineál sonrach deise gnó a chuardach. Aibhseofar na téarmaí a thagann le do chritéir chuardaigh i ndath buí nó iompróidh siad iad féin de réir na roghanna suímh d’úsáideoirí TED atá logáilte isteach.
Brabhsáil de réir earnáil ghnó (CPV)
Leis an rogha seo taispeántar na fógraí atá foilsithe, agus iad scagtha de réir earnáil ghnó. Déantar na hearnálacha gnó a chatagóiriú i bhfoirm crainn, bunaithe ar an ‘Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar’ (CPV).
Leathnaigh an crann chun fógraí sonracha a chuardach.
Is féidir freisin an ‘Bosca Scagaire’ a úsáid chun earnáil ghnó nó cód CPV a chuardach. Aibhseofar na téarmaí a thagann le do chritéir chuardaigh i ndath buí nó iompróidh siad iad féin de réir na roghanna suímh d’úsáideoirí TED atá logáilte isteach. Trí chliceáil ar earnáil ghnó shonrach, tabharfar chuig leathanach na dtorthaí cuardaigh thú, áit a mbeidh na fógraí maidir leis an earnáil ghnó sin.
Brabhsáil de réir áit feidhmíochta
Leis an rogha seo taispeántar fógraí foilsithe, agus iad scagtha de réir láthair ina ndéantar an conradh a fhorghníomhú.
Is féidir an léarscáil sa rannán ar dheis a úsáid chun brabhsáil trí úsáid a bhaint as ainmníocht NUTS (aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh), nó de réir tíre. Radharc tíortha is ea an t-amharc réamhshocraithe ar an léarscáil, ach is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh tríd an roghchlár ar dheis a úsáid:
- Zúmáil isteach / Zúmáil amach
- Féachaint ar an léarscáil ar leibhéal NUTS eile (NUTS 1, NUTS 2, NUTS 3)
- Lánscáileán / scoir Lánscáileáin
Sainaithnítear leis na dathanna éagsúla líon na bhfógraí san áit feidhmíochta shonrach.
Taispeántar an eochair eolais sa chúinne íochtair ar chlé den léarscáil.
Seachas an léarscáil a úsáid, is féidir nascleanúint a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an rannán ar chlé, inar féidir cuardach a dhéanamh trí:
- Áit feidhmíochta shonrach a leathnú
- Clóscríobh sa ‘Bhosca Scagaire’ chun áit feidhmíochta shonrach a aimsiú. Aibhseofar na téarmaí a thagann le do chritéir chuardaigh i ndath buí nó iompróidh siad iad féin de réir na roghanna suímh d’úsáideoirí TED atá logáilte isteach.
Gach uair a roghnaíonn tú an ‘cnaipe leathnaithe’ le haghaidh áit feidhmíochta shonrach, freagraíonn an léarscáil do do rogha. Má chliceálann tú ar áit feidhmíochta shonrach, tógfar chuig leathanach na dtorthaí cuardaigh thú, áit a mbeidh na fógraí maidir leis an áit feidhmíochta sin.