Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh

COINNIGH AN DÁTA! Imeacht TED an 29-30 Aibreán 2024

Public procurement data superpowers
 

Is cúis mhór áthais dúinn imeacht atá ar na bacáin a fhógairt, dar teideal ‘Public Procurement Data Superpowers: Transparency in public procurement – Harnessing artificial intelligenc’. Beidh an chomhdháil ar siúl an 29-30 Aibreán 2024, ag an Residence Palace sa Bhruiséil agus ar líne, ag an am céanna le comórthaí móra, cuir i gcás 30 bliain de mhargadh aonair na hEorpa, 40 bliain ó seoladh TED, agus 25 bliana ó seoladh TED ar líne.

Is é is aidhm don imeacht seo breithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn dlíthiúil agus teicniúil is tábhachtaí maidir leis an gcaoi a mbailímid agus a scaipimid sonraí Eorpacha i ndáil le soláthar poiblí agus machnamh a dhéanamh i gcomhar leis na páirtithe leasmhara go léir ar conas an leas is fearr is féidir a bhaint as sonraí soláthair amach anseo dár sochaí agus dár ngeilleagar.

I measc na bpríomhábhar beidh spás sonraí soláthair phoiblí, na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an intleacht shaorga, agus eForms – an caighdeán eisiach chun sonraí soláthair a fhoilsiú ó bhí mhí Dheireadh Fómhair 2023 ann. Is iad saineolaithe ó údaráis náisiúnta, ó institiúidí an Aontais, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó speisialtóirí soláthair a chuirfidh na moltaí sin i láthair.

Freastalóidh an t-imeacht ar leasanna agus ar riachtanais lucht féachana éagsúil, cuir i gcás úsáideoirí agus athúsáideoirí sonraí TED, eSenders atá freagrach as faisnéis a bhaineann le soláthar a chur faoi bhráid TED lena foilsiú, foilsitheoirí náisiúnta, lucht acadúil, lucht déanta beartas, agus tuilleadh nach iad.

Coinnigh an dáta don chomhdháil léirsteanach seo chun féachaint ar a bhfuil i ndán do shonraí soláthair phoiblí. Coinnigh súil air seo chun sonraí breise agus eolas clárúcháin a fháil.

Má bhíonn ceisteanna agat, déan teagmháil le: OP-EVENTS@publications.europa.eu

Tá súil againn go mbeidh tú páirteach linn sa tionscnamh seo!