Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh

Fáilte go dtí an TED nua

Welcome to the new TED banner

 

Fáilte go dtí an TED nua feabhsaithe (‘Tenders Electronic Daily’), a bhfuil an iliomad feabhsuithe, gnéithe nua agus feidhmiúlachtaí leathnaithe ag gabháil leis. Chun do thaithí a dhéanamh níos saoráidí fós, tá na príomhathruithe agus na feidhmiúlachtaí nua ar an tairseach nua curtha i dtoll a chéile againn. Féach leat barr cumais an leagain nua de ted.europa.eu!

Leis na hathruithe sin cuirtear an Rialachán maidir le Ríomhfhoirmeacha chun feidhme, rialachán lena mbunaítear sraith réimsí nua agus lena ndéantar athstruchtúrú ar na sonraí i bhfoirmeacha caighdeánacha agus i bhfógraí caighdeánacha. Ina theannta sin, chun cáilíocht a fheabhsú agus athúsáid níos éifeachtúla a spreagadh, cuireann an TED nua comhéadan úsáideora uasghrádaithe, ábhar cuíchóirithe, feidhmiúlachtaí saincheaptha agus cuardach níos cumhachtaí ar fáil duit.

Beidh cuma nua ar an TED athchóirithe agus déanfar teicneolaíochtaí TF úrscothacha a chomhtháthú ann. Bainfidh tú taitneamh as nascleanúint iomasach agus roghanna nua chun do chuntas a phearsantú. Tacóidh inneall cuardaigh ardfheidhmíochta leis an bhfeidhm chuardaigh chun eolas a aisghabháil go tapa agus go héasca.

Anseo thíos tá liosta neamh-uileghabhálach de na príomhfheidhmiúlachtaí nua.

Cuardach:

  • Cuardach tapa:
    • Is féidir cuardach ilteangach a dhéanamh, rud a fhágann go mbeidh tú in ann cuardach a dhéanamh i dteangacha eile seachas teanga an chomhéadain.
    • Beidh tú in ann téacs iomlán na bhfógraí a chuardach.
    • Is féidir leat lipéid luachanna cóid a chuardach, mar shampla: trí chuardach ‘comp-tend’, tabharfar gach fógra duit a bhfuil cineál nóis imeachta tairisceana iomaíche ag gabháil leis.
  • Sainchuardach
    • Ós rud é go bhfuil fógraí Ríomhfhoirmeacha innéacsaithe go hiomlán, tá réimsí cuardaigh nua ar fáil ar leathanach an tsainchuardaigh.
    • Is féidir leat a roghnú conas a thaispeánfar an cuardach sa bhosca iarratais, is é sin mar chód nó mar théacs. Tá dhá roinn bhreise ann lenar féidir leat gach réimse cuardaigh agus a luachanna a fheiceáil agus a roghnú chun an cuardach a nuashonrú go héasca.
    • Tá feidhm scagtha ar fáil freisin chun cabhrú leat na réimsí cuardaigh agus/nó na luachanna is mian leat a aimsiú go tapa trí eochairfhocail a úsáid.
    • Tá féin-inmheabhrú ar fáil mar ghné chun cabhrú leat más fearr leat clóscríobh go díreach sa bhosca fiosraithe.
    • Tá feidhm nua ann, ‘Comhréir a sheiceáil’, chun a dheimhniú go bhfuil an cuardach bailí nó chun aird a tharraingt ar phointí neamhbhailí nach mór duit a réiteach.
  • Torthaí Cuardaigh:
    • Ar leathanach na dTorthaí Cuardaigh féadfaidh tú na torthaí a bheachtú trí ghnéithe amhail: deis ghnó, CPV, cineál an chonartha, tír ar leith, cineál nóis imeachta, bliain an fhoilsithe, tír an cheannaitheora.
    • Féadfaidh tú an liosta torthaí a easpórtáil i bhformáidí éagsúla.
    • Is féidir leat na fógraí a íoslódáil ó leathanach na dtorthaí i bhformáidí éagsúla.
    • Tá na critéir chuardaigh do gach cuardach san áireamh in URL an toraidh cuardaigh.
  • Amharcléiriú ar fhógraí:
    • Tá an leathanach ‘amharc ar an bhfógra’ níos fusa a thuiscint
    • Tá amharcléiriú na bhfógraí comhchuibhithe agus tá clár ábhar ann chun cabhrú leat nascleanúint a dhéanamh trí ábhar an fhógra.
    • Is féidir an fógra a íoslódáil i bhformáidí éagsúla
    • Is féidir an fógra a aistriú go huathoibríoch

An Deais Agamsa:

Is féidir leat ‘foláirimh chuardaigh’ a chruthú go héasca le haghaidh na gcuardach is rogha leat. Ina theannta sin, is féidir leat roinnt fógraí a roghnú agus foláirimh fógra a chruthú, fógraí a íoslódáil i bhformáidí comhaid éagsúla, agus ar deireadh, an liosta torthaí a easpórtáil tar éis na meiteashonraí is mian leat a roghnú.

Córas Faisnéise um Sholáthar Poiblí (SIMAP)

Cuirfear rochtain níos fearr ar fáil freisin ar SIMAP (Système d’Information pour les Marchés Publics, i.e. Córas Faisnéise um Sholáthar Poiblí) ar an suíomh gréasáin nua, arb é an t-ionad ilfhreastail maidir le soláthar poiblí an Aontais Eorpaigh é, mar atá sainithe i dTreoracha Soláthair an Aontais agus rud ar a dtugann úsáideoirí TED cuairt go minic. Beidh an TED nua ag brath go hiomlán ar ríomhfhoirmeacha, foirmeacha caighdeánacha digiteacha a úsáideann ceannaitheoirí poiblí chun fógraí a fhoilsiú. Cuireadh an méid sin i láthair agus míníodh é i roinnt mhaith ceardlann arna n-eagrú ag Oifig na bhFoilseachán do eSenders agus Athúsáideoirí shonraí TED.

 

Tá súil againn go mbainfidh tú sult as tairseach nua TED! Chun tuilleadh treoir a fháil, iarraimid ort féachaint ar an leathanach cabhrach agus ar ár bhfíseáin teagaisc. Má bhíonn tuilleadh ceisteanna agat, déan teagmháil linn go díreach trí Dheasc Chabhrach : Deasc Chabhrach OP TED.