Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh

Réamhbheart maidir le Trédhearcacht sa Soláthar Poiblí

Meirge maidir leis an soláthar poiblí

Eolas ginearálta

Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh atá freagrach as cur chun feidhme an Réamhbhirt ‘Trédhearcacht sa soláthar poiblí’. Tá Réamhbheart ceaptha chun smaoineamh nuálach beartais a thástáil i réimse ina bhfuil inniúlacht ag an Aontas Eorpach ach nach bhfuil aon bhunghníomh ábhartha ann a cheadódh don Aontas aon airgead a chaitheamh.

Caitear méid suntasach infheistíochta poiblí tríd an soláthar poiblí, agus baintear tairbhe as an ríomhsholáthar agus calaois á comhrac, agus is é an toradh a bhíonn air sin coigiltis le haghaidh na bpáirtithe ar fad, tuilleadh trédhearcachta agus próisis níos simplí agus níos giorra.

Tá an trédhearcacht i gcroílár an Réamhbhirt seo agus is í an ghné atá i gcoiteann sna gníomhaíochtaí ar fad atá beartaithe do cur chun feidhme an Réamhbhirt í. Rinne Oifig na bhFoilseachán ceithre réimse gníomhaíochta a bhaineann le sonraí TED a shainaithint: infhaighteacht, cáilíocht, inléiteacht agus idir-inoibritheacht. Cuirfidh tionscadail éagsúla le cur chun feidhme an Réamhbhirt. Taispeántar léiriú radhairc ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe thíos.

Bloic thógála - léiriú radhairc

Chun cáilíocht sonraí a chothú, díríonn ár dtionscadal ar choimeádaíocht sonraí trí úsáid a bhaint as an Intleacht Shaorga agus as an meaisínfhoghlaim.

Beidh tionchar dearfach ag toradh ár gcuid oibre ar an inléiteacht sonraí, réimse ina gcuirimid tionscadail ar aghaidh maidir le léirshamhlú sonraí. Táimid ag súil le léirshamhlú soláimhsithe, soiléir agus féinmhínitheach na sonraí ábhartha in TED a chur chun feidhme, agus úsáid á baint as grafaicí, uirlisí dinimiciúla agus an meaisínaistriúchán.

Déanfaidh tionscadail maidir le cáilíocht sonraí malartú agus bailíochtú sonraí idir na húdaráis agus TED a uathoibriú chun neamhréireachtaí agus earráidí a theorannú, an rómhaorlathas a laghdú agus an athúsáid a éascú. Rachaidh sé sin chun tairbhe d’idir-inoibritheacht sonraí go sonrach trí shonraí TED a chur ar fáil mar Shonraí Nasctha Saor-Rochtana (LOD). Nuair atá sé sin bainte amach, beifear in ann feidhmeanna praiticiúla a chur i bhfeidhm, mar shampla beifear in ann féachaint ar an méid de bhuiséad an Aontais a chaitear tríd an soláthar poiblí agus ar an gcaoi a gcaitear cistí an Aontais i réigiúin shonracha.

Ar deireadh, tá sé beartaithe leis an Réamhbheart an infhaighteacht sonraí a chur chun cinn trí fheachtais feasachta le haghaidh an Spáis Sonraí Soláthair Phoiblí mar aon le dea-chleachtais agus smaointe a bhailiú agus a chomhroinnt agus dul i dteagmháil le pobal níos leithne.

San iomlán, táimid ag súil le tionscadail nuálacha a chur chun cinn leis an Réamhbheart chun iomláine, cruinneas, inrochtaineacht agus inléiteacht shonraí TED a mhéadú, rud a chumhdóidh an sainordú a chuir Parlaimint na hEorpa orainn.