Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh

TED Ambassador award


 

Rialacha an chomórtais

 

Léargas

Céard é Gradam Ambasadóirí TED?

Comórtas is ea Gradam Ambasadóirí TED a bhfuil sé d’aidhm aige thaighde i réimse an tsoláthair phoiblí a nochtadh agus aitheantas a thabhairt dó. 

Tá tábhacht ar leith ag baint le taighde ar ardchaighdeán maidir le nuálaíocht, inmharthanacht agus trédhearcacht a chothú i réimse an tsoláthair phoiblí. 

Tugtar cuireadh d'iarrthóirí aistí atá foilsithe acu sa réimse sin a chur isteach. Bronnfar duais airgid ar aistí na mbuaiteoirí agus déanfar poiblíocht orthu ar shuíomh gréasáin oifigiúil an Aontais le haghaidh an tsoláthair phoiblí, TED (Tenders Electronic Daily). Cuirfear na haistí sin le catalóg aistí ar ardchaighdeán a bhfuil sé d’aidhm acu roinnt eolais agus nuálaíocht sa soláthar poiblí a chothú, chun go beidh sé níos éifeachtaí, níos glaise agus níos trédhearcaí. 

Tacaíonn Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh leis an gcomórtas seo faoin Réamhbheart maidir le ‘Trédhearcacht sa Soláthar Poiblí’.

Is í Oifig na bhFoilseachán foilsitheoir oifigiúil dhlíthe an Aontais, soláthar poiblí, foilseacháin, sonraí oscailte agus torthaí taighde. Bailíonn Oifig na bhFoilseachán le chéile sonraí maidir le conarthaí poiblí ó gach tír den Aontas agus ó thíortha níos faide i gcéin, agus foilsíonn sí ar shuíomh gréasáin TED. 

Is é TED leagan ar líne ‘d’Fhorlíonadh Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh’, atá dírithe ar an soláthar poiblí. Foilsítear 676,000 fógra soláthair ar TED in aghaidh na bliana, lena n-áirítear 258,000 glao ar thairiscintí, a bhfuil luach tuairim agus €670 billiún orthu. Tugtar ceannaitheoirí agus tairgeoirí le chéile ar TED. Is é TED an tairseach oifigiúil le haghaidh deiseanna gnó san Aontas Eorpach, sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus i dtíortha atá ina mbaill den Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais. 

 

Cé atá in ann páirt a ghlacadh?

Tá rialacha an chomórtais bunaithe ar Airteagail 206 agus 207 den Rialachán Airgeadais a bhfuil feidhm aige maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Urramaíonn an comórtas prionsabail na trédhearcachta agus an prionsabal maidir le cóir chomhionann.

Tá an comórtas oscailte do speisialtóirí sa soláthair poiblí ar fud an domhain.

  • Is féidir alt, páipéar nó caibidil imleabhair a chur isteach. Ní mór do na haistí sin a bheith foilsithe ar líne cheana féin. Ní ghlacfar le monagraif nó le tráchtais sa chomórtas. Uasteorann focail na n-aistí: 10,000 focal. Tá gach cuid den téacs san áireamh sa uasteorann focail sin. Mar shampla, an achoimre, na fonótaí agus gach téacs i dtáblaí, figiúir agus aguisíní.
  • Teanga: Béarla.
  • Glacfar le haistí aonair agus le haistí a scríobhadh i gcomhar le húdair eile. Má roghnaíonn tú aiste a scríobhadh i gcomhar le húdair eile a chur isteach, bí cinnte go n‑aontaíonn na húdair uile agus go dtugann siad cead an aiste a chur isteach.
  • Ní cheadaítear do gach údar aonair ach aiste amháin a chur isteach.
  • Ní mór don aiste a bheith foilsithe idir 01/01/2018 agus 31/12/2022 in iris phiarmheasúnaithe ar líne nó in imleabhar a rinneadh eagarthóireacht air, agus a bhfuil ISSN agus/nó ISBN aige.
  • Ní ghlacfar le haistí nár foilsíodh go fóill.
  • Ní ghlacfar le haon aiste ó fhoilseachán a bhfuil comhalta den phainéal roghnúcháin ina ‘eagarthóir’ nó ina ‘chomh-eagarthóir’ air.
  • Ní cheadaítear do bhaill foirne ó institiúidí, gníomhaireachtaí, forais, agus oifigí an Aontais, nó do chonraitheoirí de chuid Oifig na bhFoilseachán cur isteach ar an gcomórtas. 
 

Cad iad na hábhair taighde?

Díríonn an comórtas ar cheithre ábhar taighde. Is féidir iarratas a chur isteach faoi cheann amháin de na hábhair thíos: 
 
  1. Ábhar 1: ‘Trédhearcacht sa soláthar poiblí’

    Trédhearcacht, éifeachtacht agus freagracht a chur chun cinn. Mar shampla, uirlisí chun monatóireacht a dhéanamh ar an trédhearcacht sa soláthar poiblí; staitisticí soláthair phoiblí sna Ballstáit maidir le líon/caighdeán an tsoláthair phoiblí atá thar an nó faoin tairseach; neamhchomhlíonadh dhlíthe an Aontais maidir leis an soláthar poiblí ag Ballstáit an Aontais, etc.

  2. Ábhar 2: ‘Soláthar glas’

    Anailís a dhéanamh ar na bearnaí atá ann faoi láthair, ar na dúshláin a bheidh ann amach anseo, agus ar an dea-chleachtas. Mar shampla: an comhthéacs reatha; na beartais reatha; uirlisí chun soláthar poiblí glas a shainaithint agus chun monatóireacht a dhéanamh air, etc.

  3. Ábhar 3: ‘Teicneolaíochtaí Intleachta Saorga (IS) atá ag teacht chun cinn sa soláthar poiblí’

    IS a úsáid chun éifeachtacht, trédhearcacht, inmharthanacht agus comhionannas inscne a fheabhsú sa soláthar poiblí. Mar shampla: na bealaí ar féidir le IS cuidiú linn chun costais níos ísle agus tuilleadh trédhearcachta a bhaint amach; agus chun cinntí níos fearr a dhéanamh; mapáil a dhéanamh ar na comhlachtaí poiblí a úsáideann teicneolaíocht IS don soláthar; IS agus dea-rialú soláthair phoiblí a chomhtháthú, etc.

  4. Ábhar 4: ‘An nuálaíocht a spreagadh tríd an soláthar poiblí’

    Réitigh nuálacha a thabhairt chun an mhargaidh. Mar shampla: a mhéid a spreagann reachtaíocht an Aontais nuálaíocht tríd an soláthar poiblí; na bealaí a bhféadfadh soláthar réamhthráchtála nuálaíocht a chothú san Aontas Eorpach; margaidh ar a bhféadfadh na húdaráis phoiblí an t-éileamh do theicneolaíochtaí úra a mhéadú; smaointe úra a thiontú go táirgí agus gairmeacha úra; réitigh a nglactar leo ar fud an domhain a chur chun cinn, in áit réitigh atá saincheaptha don leibhéal áitiúil, etc.

 

Amlíne an chomórtais

Garspriocanna    Spriocdhátaí
 
Iarratas a chur isteach
Ní mór d’iarratas a chur isteach tríd an bhfoirm ar líne a líonadh isteach.
Tabhair cur síos gearr ort féin (250 focal ar a mhéad), teideal na haiste, nasc bailí chuig an aiste agus cóip leictreonach den aiste foilsithe in iris ar líne nó in imleabhar a rinneadh eagarthóireacht air. Bí cinnte go bhfuil an URL a thugann tú ag feidhmiú mar is ceart agus go bhfuil an chóip leictreonach den aiste inrochtana. Ní ghlacfar le d’iarratas má tá fadhb ann leis an URL nó mura bhfuil an t-ábhar inrochtana.
28 Aibreán 2023 
23:59 CEST 
 
 
An chéim roghnúcháin
Tiocfaidh deireadh leis an gcéim roghnúcháin agus seolfar fógra do gach iarrthóir trí ríomhphost. Ní dhéanfar measúnú ach ar an gcéad 120 aiste a chuirfear isteach – 30 ceann in aghaidh an ábhair taighde. Fógrófar na trí bhuaiteoir is fearr in aghaidh an ábhair taighde ar shuíomh gréasáin TED.
Bealtaine/Meitheamh 2023
2023 Buaiteoirí
Bronnfar duais airgid ar 12 bhuaiteoir (€1,500 in aghaidh an bhuaiteora).
 
 

An próiseas meastóireachta

Roghnú

Reáchtálfar an próiseas roghnúcháin tar éis an spriocdháta le hiarratas a chur isteach (28 Aibreán 2023). Le linn na céime sin, déanfaidh painéal roghnúcháin a cheapfaidh ag Oifig na bhFoilseachán, measúnú ar gach iarratas. 

Déanfar measúnú ar iarratais agus tabharfar grád dóibh bunaithe ar na critéir roghnúcháin (féach an tábla thíos). I gcás gach ábhair taighde, beidh an bua ag na 12 aiste ar a mbronnfar an líon pointí is airde (i.e. na 3 aiste is fearr in aghaidh an ábhair taighde). 

Critéir roghnúcháin

An líon uasta pointí

Ábharthacht na haiste don ábhar taighde a roghnaíodh

10

Míniú soiléir ar na coincheapa do léitheoirí nach speisialtóirí iad (e.g. scríbhneoireacht shoiléir; gan aon bhéarlagair teicniúil) 10
Ábharthacht na haiste le díospóireachtaí comhaimseartha 10
Peirspictíochtaí maidir le nuálaíocht agus forbairt (e.g. treochtaí amach anseo a thuar; tuilleadh taighde a chur chun cinn) 10
Tionchar ar cheapadh beartas agus/nó úsáidí féideartha i gcórais teicneolaíochta

10

Tá rochtain oscailte ar an aiste, i.e. féadfaidh aon duine í a léamh saor in aisce

4

 

Cuirfear gach iarrthóir ar an eolas maidir le torthaí an phróisis roghnúcháin trí ríomhphost. Mar chuid den mheasúnú, d’fhéadfadh sé go n-iarrfar ar iarrthóirí tuilleadh eolais nó soiléirithe breise a sholáthar maidir lena n-iarratais. 

 

Duaiseanna

Bronnfar duais airgid €1,500 ar gach ceann de na 12 iarratas is fearr faoi ghradam Ambasadóirí TED.

Déanfar aistí na mbuaiteoirí a fhógairt agus a chur chun cinn ar shuíomh gréasáin TED, mar aon le beathaisnéisí na n-údar, agus cuirfear iad le catalóg ar líne de staidéir ar ardchaighdeán i réimse an tsoláthair phoiblí. Bainfidh na buaiteoirí leas freisin as poiblíocht ar líne ar na meáin shóisialta.

Chun an duais airgid a fháil, ní mór d’iarrthóirí tuairisc aiseolais a chur isteach trí shuirbhé faoin gcomórtas a líonadh isteach. 

Áit Dámhachtain
Na trí aiste is fearr in aghaidh an ábhair taighde
Déanfar poiblíocht ar na 12 aiste is fearr ar shuíomh gréasáin TED, trí nasc chuig an iris/imleabhar ar líne ina bhfuil an aiste le fáil. 
Foilseofar beathaisnéisí na n-údar ar shuíomh gréasáin TED. 
Poiblíocht ar na meáin shóisialta. 
Duais airgid: €1,500 in aghaidh an bhuaiteora.
Iarrthóirí nach bhfuil i measc na 12 aiste is fearr
D’fhéadfadh sé go ndéanfar poiblíocht ar roinnt aistí eile nach bhfuil i measc na 12 aiste is fearr ar shuíomh gréasáin TED (de rogha Oifig na bhFoilseachán).
 
 

Eolas breise

Ceisteanna

Má tá aon cheist agat faoin gcomórtas seo, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn, i scríbhinn amháin, roimh an 14 Aibreán 2023. Cuir do cheisteanna chugainn trí ríomhphost chuig OP-TED-AMBASSADOR-AWARD@ec.europa.eu.

Dámhachtainí a íoc

Sula n-íocfar dámhachtainí, ní mór d’iarrthóirí a gcuid sonraí a chlárú ar an bhfoirm eintitis dhlítheanaigh agus i mbunachar cuntas bainc an Choimisiúin Eorpaigh. Iarrtar ar na buaiteoirí gach doiciméad tacaíochta is gá a chur ar fáil trí seachtaine ar a dhéanaí tar éis dóibh a bheith roghnaithe, agus iad stampáilte agus sínithe mar is cuí. 

Ní mór do na buaiteoirí cinneadh a dhéanamh freisin faoin duine ar cheart an duais airgid a aistriú chuige. Tá tuilleadh eolais agus naisc chun teimpléid na bhfoirmeacha eintitis dhlítheanaigh agus cuntas bainc a íoslódáil le fáil anseo. Ní ghlacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht maidir le leithdháileadh na ndámhachtainí ar na buaiteoirí. 

An comórtas a chur ar ceal
Coimeádann Oifig na bhFoilseachán an ceart aige féin chun an comórtas a chur ar ceal, nó staonadh ó dhuais amháin nó níos mó a bhronnadh gan aon oibleagáid cúiteamh a thabhairt do na foirne.
 
Maoin intleachtúil agus cóipcheart 
Fanfaidh na haistí a chuirfear isteach faoi úinéireacht na sealbhóirí cirt. Beidh cead ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais cur síos a dhéanamh ar aon aiste a chuirfear isteach chuig an gcomórtas, agus beidh cead acu freisin na haistí sin a lua agus a chur chun cinn, le tagairt chuí don údar nó do na húdair ar a gcuid cainéal (suíomhanna gréasáin, na meáin shóisialta, preaseisiúintí, etc.). 
 
Poiblíocht
Déanfar poiblíocht ar na buaiteoirí ar shuíomh gréasáin TED agus cuirfear chun cinn iad ar chainéil meán sóisialta. Déanfar beathaisnéisí agus cóipcheart na n-údar a lua. 
Faoi dhiscréid Oifig na bhFoilseachán, d’fhéadfaí poiblíocht a dhéanamh ar roinnt aistí nach roghnófar i measc na 12 aiste is fearr ar shuíomh gréasáin TED freisin. I gcásanna den sórt sin, ní bhronnfar aon duais airgid, agus ní dhéanfar aon phoiblíocht ar na meáin shóisialta. 
 
Sonraí pearsanta a phróiseáil 
Má ghlacann tú páirt sa chomórtas, déanfar do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Ní phróiseálfar do chuid sonraí ach amháin de réir mar is gá i ndáil leis an gcomórtas a eagrú agus chun obair leantach a dhéanamh ina leith, ach d’fhéadfaí do chuid sonraí a chur chuig comhlachtaí áirithe atá freagrach as monatóireacht nó imscrúduithe a dhéanamh, mar a leagtar amach i ndlí an Aontais Eorpaigh. 
Ag am ar bith, tá sé de cheart agat a iarraidh orainn breathnú ar do chuid sonraí pearsanta, nó iad a bhaint dár gcóras. Tabhair do d’aire, go gcuirfear deireadh le do rannpháirtíocht sa chomórtas má iarrann tú orainn do chuid sonraí a bhaint dár gcóras. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le próiseáil do chuid sonraí pearsanta, féach fógra príobháideachais agus coinníollacha úsáide TED.
 
Dliteanas aonair na bhfoirne
I gcás ina mbeidh aon éileamh ann maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar mar chuid den chomórtas, is iad na hiarrthóirí aonair a bheidh faoi dhliteanas. Ní ghlacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht as aon éileamh a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dhéanann na hiarrthóirí mar chuid den chomórtas. 
Ní féidir Oifig na bhFoilseachán a chur faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfar do na hiarrthóirí, lena n-áirítear aon damáiste a dhéanfar do thríú páirtithe mar gheall ar nó le linn chur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcomórtas.
 
An dlí is infheidhme agus an dlínse inniúil
Rialaítear an comórtas le dlí an Aontais is infheidhme. Is ag an gCúirt Ghinearálta amháin, nó ar achomharc, ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin, a bheidh an t-údarás aon díospóid a éisteacht idir an tAontas agus aon iarrthóir maidir leis an gcomórtas, mura féidir díospóid den sórt sin a réiteach go cairdiúil.
Féadfaidh iarrthóirí dul i muinín an Ombudsman Eorpaigh i gcás ina measann siad gur theip ar aon cheann de na hinstitiúidí Eorpacha aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:
gníomhú i gcomhréir leis an dlí nó le prionsabail dea-riaracháin;
cearta daonna a chosaint. 
 
Critéir eisiaimh agus smachtbhannaí riaracháin
Trína gcuid aistí a chur isteach, dearbhaíonn iarrthóirí nach bhfuil siad i gceann de na cásanna dá ndéantar cur síos in Airteagal 136(1) den Rialachán Airgeadais. Iarrthóirí atá i gceann de na cásanna sin nó a thagann faoi na catagóirí eile a luaitear in Airteagal 141 den Rialachán Airgeadais, ní bheidh cead acu páirt a ghlacadh sa chomórtas agus ní bhronnfar aon duais orthu sa chomórtas. 
Ní bheidh éifeacht ag an diúltú sin ar aon chinneadh iarrthóirí a eisiamh ó nósanna imeachta dámhachtana a rialaítear leis an Rialachán Airgeadais, á ó chur i bhfeidhm aon phionóis airgeadais (Airteagail 136‑140 den Rialachán Airgeadais). 
 
Córas luathbhraite agus eisiaimh
I gcás ina mbeidh iarrthóirí in aon cheann de na cásanna eisiamh thuasluaite, d’fhéadfaí a gcuid sonraí pearsanta a chlárú sa chóras luathbhraite agus eisiaimh (EDES) i gcomhréir le hAirteagail 135, 142, 143 agus 144 den Rialachán Airgeadais. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ráiteas príobháideachais EDES
 
An comórtas a chur ar fionraí, an dámhachtain a chur ar ceal agus an duais airgid a laghdú
I gcás ina bhfaighfear amach go raibh neamhréireanna nó calaois i gceist leis an nós imeachta dámhachtana, cuirfidh Oifig na bhFoilseachán na bearta dá dtagraítear in Airteagal 131 den Rialachán Airgeadais i bhfeidhm.
 
Seiceálacha, iniúchtaí agus imscrúduithe
Glacann na buaiteoirí leis go bhféadfaidh an Coimisiún Eorpach, An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh aon seiceálacha, iniúchtaí nó imscrúduithe is gá a dhéanamh i ndáil leis an gcomórtas agus le haon duais a bhronntar.